Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Iúil 2025

25 Iúil 2025

Beartas airgeadaíochta

Uasdátú maidir leis an straitéis beartais airgeadaíochta

An 25 Meitheamh 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe torthaí a measúnaithe ar straitéis beartais airgeadaíochta 2025, mar obair leantach ar an athbhreithniú straitéise a rinneadh in 2020-21. Déantar achoimre ar thoradh an mheasúnaithe sin i bpreaseisiúint atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE mar aon leis an ráiteas nuashonraithe maidir leis an straitéis beartais airgeadaíochta agus an nóta forléargais nuashonraithe, chomh maith leis an doiciméadacht fholuiteach a eisíodh i bhfoirm dhá pháipéar ócáideacha ó BCE. Chuaigh Uachtarán BCE Christine Lagarde agus Príomh-Eacnamaí BCE Philip Lane i mbun preasagallaimh freisin an 30 Meitheamh 2025 in Sintra chun toradh an nuashonraithe sin a mhíniú le linn Fhóram BCE maidir le Baincéireacht Cheannais.

Oibríochtaí margaidh

Cur chun feidhme na gcritéar incháilitheachta atá nasctha leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD) i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais a chur ar athló

An 17 Iúil 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe go gcuirfí ar athló cur chun feidhme an cheanglais maidir le CSRD an Aontais a chomhlíonadh mar chritéar incháilitheachta i gcreat comhthaobhachta an Eurochórais le haghaidh gach comhthaobhachta ó eisitheoirí corparáideacha nó ó fhéichiúnaithe a thagann faoi raon feidhme CSRD. Is toradh é an cinneadh sin ar thrasuí neamhiomlán CSRD faoin gcéad spriocdháta a bhí luaite leis, is é sin mí Iúil 2024, agus ar an bplé leanúnach maidir leis an athbhreithniú ar a ábhar substainteach i gcomhthéacs phacáiste simpliúcháin Omnibus an Choimisiúin Eorpaigh; de bharr an dá ní sin, ní dócha go gcuirfear chun feidhme go tráthúil agus go hordúil go ceann tamaill na critéir incháilitheachta a bhaineann le CSRD. Cuirfear tráthchlár nua in iúl amach anseo le haghaidh chur chun feidhme an cheanglais sin.

Foilsiú réamhaisnéis na bhfachtóirí uathrialacha a chur ar fionraí

An 18 Iúil 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe athruithe ar an bpróiseas chun réamhaisnéis na bhfachtóirí uathrialacha a ullmhú agus a fhoilsiú. Go háirithe, chinn an Chomhairle Rialaithe foilsiú réamhaisnéis na bhfachtóirí uathrialacha a chur ar fionraí na laethanta a bhfógraítear an phríomhoibríocht athmhaoiniúcháin, go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Beidh feidhm ag an athrú sin, arb é is aidhm dó an éifeachtúlacht oibríochtúil a fheabhsú trí nósanna imeachta atá imithe i léig a chur i leataobh, ón 28 Iúil 2025.

An beartas macrastuamachta agus an chobhsaíocht airgeadais

Ráiteas ón gComhairle Rialaithe maidir leis an mbeartas macrastuamachta

An 4 Iúil 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe ráiteas, a foilsíodh ina dhiaidh sin ar shuíomh gréasáin BCE, tar éis cruinniú den Fhóram Macrastuamachta an 25 Meitheamh 2025. I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar na rioscaí do chobhsaíocht airgeadais an limistéir euro ón mbliain anuraidh mar gheall ar an méadú mór atá tagtha ar an éiginnteacht gheopholaitiúil dhomhanda, leagtar béim sa ráiteas ar an ngá atá ann go gcoimeádfaidh na húdaráis náisiúnta athléimneacht reatha an chórais baincéireachta agus go leanfaidh an beartas macrastuamachta de bheith solúbtha agus go rachaidh sé in oiriúint do dhálaí athraitheacha de réir mar is gá; idir an dá linn, ní mór do lucht déanta beartas leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar na cúrsaí seo.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Tuarascáil Bhliantúil TARGET, 2024

An 26 Meitheamh 2025, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire Tuarascáil Bhliantúil TARGET, 2024. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir le trácht an chórais agus feidhmíocht an chórais, agus maidir leis na príomhfhorbairtí a tharla in TARGET2 agus T2 araon in 2024 – an chéad bhliain iomlán a raibh Seirbhísí comhdhlúite TARGET á n-oibriú. Áirítear ann freisin seacht mbosca i dtaobh topaicí a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo in 2024, lena n-áirítear an rochtain atá ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta neamhbhainc ar Sheirbhísí TARGET, na coigeartuithe a rinneadh ar chreat tuairiscithe staidrimh T2, an obair ullmhúcháin maidir leis an timthriall socraíochta a ghiorrú go T+1 san Aontas, Seirbhísí TARGET agus cosaint sonraí, cumas ilairgeadraí T2 agus TIPS, TIPS a idirnascadh le córais íocaíochta meandracha eile, agus obair thrialach an Eurochórais ar theicneolaíochtaí nua le haghaidh airgead bainc ceannais mórdhíola. Tá an tuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Stádas an phlean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar theagmhais de chuid Sheirbhísí TARGET in 2020

An 26 Meitheamh 2025 thug an Chomhairle Rialaithe dá haire an stádas cur chun feidhme is déanaí atá ag an bplean gníomhaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na cinntí fíorais agus ar na moltaí ó athbhreithniú neamhspleách a rinneadh tar éis teagmhais de chuid Sheirbhísí TARGET in 2020. Cuireadh príomhpháirtithe leasmhara an mhargaidh ar an eolas go díreach faoin dul chun cinn a rinneadh i gcomhthéacs a gcruinnithe rialta leis an mBanc Ceannais Eorpach. I bhfianaise an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo (gan ach gníomhaíocht amháin fós le cur chun feidhme as na 155 ghníomhaíocht a moladh) agus ós rud é go ndéanfadh Coiste Iniúchóirí Inmheánacha an Eurochórais/CEBC faireachán ar an obair atá le déanamh chun aghaidh a thabhairt ar an moladh amháin atá fágtha, chinn an Chomhairle Rialaithe nach raibh gá leis an tuairisciú bliantúil sin a thuilleadh.

Athmhúnlú ar Rialachán BCE maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo

An 2 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Rialachán athmhúnlaithe BCE/2025/22 maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (“Rialachán SIPS”) agus d’fhormheas sí foilsiú an ráitis freagartha ina ndéantar achoimre ar na príomhathruithe a tugadh isteach i Rialachán SIPS tar éis na mbarúlacha a fuarthas le linn an chomhairliúcháin phoiblí ghaolmhair agus ina soiléirítear, i gcás inar gá, saincheisteanna a d’fhéadfadh a bheith ann i dtaca le léirmhíniú.

Ráitis airgeadais Urrúis TARGET2 (T2S)

An 17 Iúil 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe foilsiú na ráiteas airgeadais T2S le haghaidh 2024 agus thug sí dá haire an tuairim iniúchóireachta sheachtrach ghaolmhar. Le foilsiú na ráiteas sin, comhlíontar oibleagáid faoi Chreat Comhaontaithe TS2 agus féachtar leis faisnéis a chur ar fáil do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara TS2, agus don phobal trí chéile, faoi staid airgeadais TS2. Tá na doiciméid le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Roghnú na soláthraithe le haghaidh thionscadal an euro dhigitigh

An 23 Iúil 2025 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe roghnú na soláthraithe le haghaidh na gcomhpháirteanna arna bhfoinsiú go hinmheánach agus na seirbhísí gaolmhara a ghabhann le hardán seirbhíse an euro dhigitigh (DESP), i gcomhréir leis na garspriocanna a shainítear do chéim ullmhúcháin thionscadal an euro dhigitigh. Tá eolas níos mionsonraithe maidir le tionscadal an euro dhigitigh le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Foilsíodh freisin an tuarascáil ar dhul chun cinn is déanaí an 16 Iúil 2025 mar aon le preaseisiúint ghaolmhar.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim ó BCE maidir le moladh le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 974/98 maidir leis an euro a thabhairt isteach sa Bhulgáir agus maidir le moladh le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh 2866/98 maidir leis an ráta comhshó go dtí an euro don Bhulgáir

An 2 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/15 arna iarraidh sin do Chomhairle an Aontais Eorpaigh.

Tuairim ó BCE maidir leis na ceanglais maidir le cúlchistí íosta Magyar Nemzeti Bank

An 14 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/16 arna iarraidh sin do Magyar Nemzeti Bank.

Tuairim ó BCE maidir le deireadh a chur le táillí áirithe a bhaineann le cuntais íocaíochta agus aistarraingtí airgid thirim

An 14 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/17 arna hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh as a stuaim féin.

Rialachas corparáideach

Cathaoirleach agus Cathaoirleach eatramhach an Choiste um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí (MIPC) a cheapadh

An 23 Iúil 2025, cheap an Chomhairle Rialaithe Thomas Vlassopoulos (Ard-Stiúrthóir inteachta BCE um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí) ina Chathaoirleach ar MIPC ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Nollaig 2025, nuair a (ath)cheapfar cathaoirligh uile choistí an Eurochórais/CEBC don chéad tréimhse trí bliana eile, ó mhí Eanáir 2026 go mí na Nollag 2028. Don tréimhse eatramhach ón 23 Iúil go dtí an 31 Lúnasa 2025, cheap an Chomhairle Rialaithe Fiona van Echelpoel, Leas-Ardstiúrthóir BCE um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí, ina Cathaoirleach eatramhach ar MIPC.

Cathaoirleach agus Cathaoirleach eatramhach an Bhoird um Bonneagar Margaidh (MIB) a cheapadh

An 23 Iúil 2025, cheap an Chomhairle Rialaithe Thomas Vlassopoulos, Ard-Stiúrthóir inteachta BCE um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí, ina Chathaoirleach ar MIB ón 1 Meán Fómhair 2025 go dtí an 31 Bealtaine 2026; cinnfidh an Chomhairle Rialaithe, an tráth sin, comhdhéanamh MIB don chéad tréimhse trí bliana eile. Don tréimhse eatramhach ón 23 Iúil go dtí an 31 Lúnasa 2025, cheap an Chomhairle Rialaithe Dimitri Pattyn, Leas-Ardstiúrthóir BCE um Bonneagar Margaidh agus Íocaíochtaí, ina Chathaoirleach eatramhach ar MIB.

Cathaoirleach Choiste Iniúchóireachta an Bhainc Ceannais Eorpach

An 23 Iúil 2025, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire go ndeachaigh Olli Rehn, Gobharnóir Suomen Pankki – Finlands Bank agus comhalta de Choiste Iniúchóireachta BCE ó mhí Eanáir 2025 i leith, i mbun fheidhm Chathaoirleach an Choiste Iniúchóireachta ó mhí Iúil 2025. Sa ról sin, tagann Olli Rehn i gcomharbas ar Klaas Knot, iarGhobharnóir De Nederlandsche Bank, ar tháinig deireadh lena théarma oifige an 1 Iúil 2025.

Rannpháirtíocht Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) i gcinnteoireacht na Comhairle Rialaithe roimh an 1 Eanáir 2026

De bhun fhormheas foirmiúil na Comhairle Rialaithe maidir le haontachas na Bulgáire leis an limistéar euro, chinn an Chomhairle Rialaithe cuireadh a thabhairt do Ghobharnóir Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) freastal ar chruinnithe na Comhairle Rialaithe, i gcáil breathnóra, sula nglacfaidh an tír an euro an 1 Eanáir 2026. Ó Mhéan Fómhair 2025 amach, tabharfar cuireadh do shaineolaithe ó BNB freastal – mar bhreathnóirí – ar chruinnithe Choistí an Eurochórais/CEBC agus ar fhostruchtúir na gcoistí sin cibé uair a thionólfar iad i gcomhdhéanamh Eurochórais.

Comhar idirnáisiúnta agus Eorpach

Cuntas a thabhairt don Choimisiún Eorpach i dtaobh sealbhú brabús urghnách a bhaineann le smachtbhannaí ar shócmhainní reoite de chuid na Rúise faoin Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin

An 16 Iúil 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2025/23 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/1743 maidir le híocaíocht i leith sealúchais cúlchistí barrachais agus i leith taiscí áirithe (BCE/2019/31) agus Cinneadh (AE) 2024/1209 maidir luach saothair taiscí beartais neamhairgeadaíochta atá i seilbh banc ceannais náisiúnta agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2024/11). Leis an gCinneadh leasaitheach, cuirtear i ngníomh an comhaontú ó BCE go ndéanfar cuntas a oscailt don Choimisiún Eorpach chun aistrithe suimeanna arna leithdháileadh ar an Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin a fháil, a shealbhú agus a chur i gcrích, agus arb é is cuspóir dó tacú leis an Úcráin a riachtanais mhaoiniúcháin a chumhdach. 

Nótaí bainc agus boinn

Próiseas an chomórtais deartha do nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo

An 8 Iúil 2025, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire stádas an phróisis chun an comórtas deartha a reáchtáil agus chun giúiré an chomórtais deartha a bhunú don tsraith nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo. De thoradh an chomórtais deartha beidh an Chomhairle Rialaithe in ann dearadh a roghnú le haghaidh nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo agus beidh an comórtas le bunú ar na prionsabail ghinearálta a ghabhann le comórtas atá poiblí, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Foilsíodh an nós imeachta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 15 Iúil 2025. Saineolaithe neamhspleácha atá ar an ngiúiré, agus tá an giúiré sin le gearrliosta dearaí a ullmhú chun tacú le roghnú na ndearaí ag an gComhairle Rialaithe. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil freisin ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Maoirseacht Baincéireachta BCE

Meabhrán Tuisceana (MT) leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid

An 27 Meitheamh 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go bhformhuineofaí Meabhrán Tuisceana maidir le comhar agus malartú faisnéise idir BCE agus an tÚdarás Eorpach nuabhunaithe um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireacht (ÚFA). Tá an Meabhrán Tuisceana le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh in éineacht le preaseisiúint ghaolmhar.

Tástáil treáite bunaithe ar bhagairtí (TLPT) faoin nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil

An 27 Meitheamh 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go sainaithneofaí eintitis shonracha faoi mhaoirseacht agus, i gcás ina meastar é a bheith iomchuí, a bhfochuideachtaí a gceanglaítear orthu TLPT a reáchtáil faoi Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais (DORA). Sainmhínítear TLPT in DORA mar creat ina ndéantar aithris ar oirbheartaíocht, teicnící agus nósanna imeachta gníomhaithe bagartha ón bhfíorshaol a meastar go bhfuil cibearbhagairt dháiríre ag baint leo, agus lena soláthraítear tástáil rialaithe shaincheaptha bunaithe ar fhaisnéis (foireann dhearg) ar chórais táirgthe bheo chriticiúla an eintitis airgeadais. Cuirfidh BCE na heintitis shainaitheanta faoi mhaoirseacht (agus na fochuideachtaí, más ann dóibh) ar an eolas trí bhíthin litreach.

Creat le haghaidh comhar agus malartú faisnéise leis na húdaráis faoin Rialachán maidir le Margaí Cripteashócmhainní

An 1 Iúil 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta maidir le faisnéis mhaoirseachta rúnda a tharchur chuig údaráis inniúla náisiúnta faoi Rialachán (AE) 2023/1114 maidir le Margaí Cripteashócmhainní (MiCAR). I bhfianaise na socruithe eagraíochtúla éagsúla i measc Bhallstáit an Aontais, soiléirítear sa chreat an chaoi ar féidir le Maoirseacht Baincéireachta BCE rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann le MiCAR chun críche chúraimí maoirseachta BCE faoi Rialachán SAM agus leagtar amach ann na nósanna imeachta ba cheart do Chomhfhoirne Maoirseachta a leanúint agus iad ag tabhairt freagra ar iarrataí ar mhalartú faisnéise ó na húdaráis inniúla atá ainmnithe ag na Ballstáit chun na feidhmeanna agus na dualgais a leagtar amach in MiCAR a chur i gcrích.

Athbhreithniú ar chreat BCE chun roghanna agus discréidí a fheidhmiú

An 15 Iúil 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go nglacfaí Rialachán BCE/2025/24 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/445 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí atá ar fáil i ndlí an Aontais (BCE/2016/4), Treoirlíne BCE/2025/25 lena leasaítear Treoirlíne (AE) 2017/697 maidir le feidhmiú roghanna agus discréidí atá ar fáil i ndlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas (BCE/2017/9) agus Moladh BCE/2025/26 lena leasaítear Moladh BCE/2017/10 maidir le sonraíochtaí coiteanna i ndáil le feidhmiú roinnt roghanna agus discréidí atá ar fáil i ndlí an Aontais ag údaráis inniúla náisiúnta i ndáil le hinstitiúidí ar lú a suntas. Níor chuir an Chomhairle Rialaithe, ach oiread, i gcoinne formheas Treoirleabhair nuashonraithe ó BCE maidir le roghanna agus discréidí atá ar fáil i ndlí an Aontais, lena gcuirtear san áireamh an t-aiseolas a fuarthas le linn comhairliúchán poiblí gaolmhar ar cuireadh ráiteas aiseolais, mar aon le preaseisiúint ghaolmhar, ar fáil ina leith freisin ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Treoirleabhar ó BCE maidir le néalseirbhísí a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe néalseirbhísí

An 17 Iúil 2025, d’fhoilsigh BCE a Threoirleabhar deiridh maidir le néalseirbhísí a sheachfhoinsiú chuig soláthraithe néalseirbhísí, tar éis comhairliúchán poiblí, ar tháinig deireadh leis i mí Iúil 2024. Ní leagtar síos ceanglais, cleachtais ná rialacha atá ceangailteach ó thaobh dlí de sa Treoirleabhar. Ina ionad sin, soiléirítear ann na hionchais atá ag BCE i dtaobh chomhlíontacht na mbanc le ceanglais DORA. Leagtar amach ann freisin dea-chleachtais maidir le bainistíocht éifeachtach riosca i dtaobh seachfhoinsiú do bhainc atá faoi mhaoirseacht BCE agus a úsáideann néalseirbhísí tríú páirtí, bunaithe ar chleachtais atá tugtha faoi deara sa tionscal. Tá an Treoirleabhar, chomh maith le preaseisiúint ghaolmhar, le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Pionós riaracháin arna fhorchur ar bhanc amháin sa limistéar euro

An 18 Iúil 2025, d’fhógair BCE gur fhorchuir sé pionós riaracháin €6.94 milliún ar Belfius Banque S.A./Belfius Bank S.A./N.V. toisc nár chomhlíon sé na ceanglais a bhaineann le cur chun feidhme samhlacha inmheánacha. I samhlacha den sórt sin tomhaistear na rioscaí atá á sealbhú ag an mbanc ar a chlár comhardaithe. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Treoirleabhar athbhreithnithe ó BCE maidir le samhlacha inmheánacha

An 22 Iúil 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta go bhformheasfaí treoirleabhar athbhreithnithe ó BCE maidir le samhlacha inmheánacha agus na Ceisteanna Coitianta gaolmhara, a bhfoilseofar an dá cheann acu go luath ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE. De réir an dlí baincéireachta is infheidhme, ceanglaítear ar BCE cead a thabhairt samhlacha inmheánacha a úsáid le haghaidh riosca creidmheasa, riosca creidmheasa contrapháirtí agus riosca margaidh, i gcás ina gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sna caibidlí comhfhreagracha den Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil (CRR). Sa treoirleabhar ó BCE maidir le samhlacha inmheánacha, tugtar trédhearcacht maidir leis an gcaoi a dtuigeann BCE na rialacha faoi seach agus an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige iad a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh aige ar shamhlacha inmheánacha, bunaithe ar dhlí an Aontais agus ar an dlí náisiúnta is infheidhme faoi láthair.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa