Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cén fáth a bhfuil euro digiteach ag teastáil uainn?

Rogha íocaíochta sa bhreis a bheadh sa euro digiteach, in éineacht le hairgead tirim.


Tá athrú tapa ag teacht ar an gcaoi a n-íocann daoine agus is fearr le níos mó tomhaltóirí sa limistéar euro anois íocaíocht a dhéanamh go leictreonach seachas le hairgead tirim.

Sin an fáth, chun ról an airgid phoiblí a chosaint agus muinín a choinneáil as ár n-airgeadra, go bhfuilimid ag féachaint ar na buntáistí a bhaineann le euro digiteach atá sábháilte agus a nglactar go huilíoch leis.

Táimid tiomanta i gcónaí a chinntiú go leanfar de bheith ag glacadh le hairgead tirim i ngach áit sa limistéar euro freisin.

Nuálaíocht airgeadais

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Forbairt an airgid

Tá digitiú á dhéanamh ar go leor gnéithe den saol anois, agus ní haon eisceacht airgead. Leanfaidh airgead tirim de bheith ina rogha íocaíochta; ní thiocfaidh aon rud ina áit. Ag an am céanna, chun a chinntiú go bhfanfaidh ár n-airgeadra slán amach anseo, ní mór é a fhorbairt i gcomhréir le roghanna íocaíochta na ndaoine. Cosúil le hairgead tirim sa lá atá inniu ann, thabharfadh euro digiteach cuimsitheacht agus príobháideachas sa ré dhigiteach.

An saol a dhéanamh níos éasca

Dhéanfadh euro digiteach an saol níos éasca dúinn trí rogha a thabhairt dúinn íoc le modh slán íocaíochta a nglactar leis go huilíoch ar fud an limistéir euro. Cosúil le hairgead tirim, bheadh sé saor in aisce do gach duine sa limistéar euro íoc le euro digiteach.

Eoraip níos láidre

D’fhágfadh euro digiteach go mbeadh an limistéar euro níos láidre. Thacódh sé le neamhspleáchas straitéiseach agus ceannasacht airgeadaíochta na hEorpa, rud a d’fhágfadh go mbeadh ár dtimpeallacht íocaíochtaí níos iomaíche agus níos athléimní i leith soláthraithe íocaíochta neamh-Eorpacha. Chuirfeadh euro digiteach bonn ar fáil freisin le haghaidh tuilleadh nuálaíochta ó sholáthraithe seirbhísí íocaíochta príobháideacha.

An tábhacht atá le hairgead bainc ceannais

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Céard is airgead bainc ceannais ann?

Glaoitear airgead bainc ceannais ar an airgead a chruthaímid sa Bhanc Ceannais Eorpach. Airgead bainc ceannais is ea an t-airgead atá i do sparán nó i do phóca. Is é an t-airgead tirim an t-aon chineál airgid bainc ceannais a bhfuil fáil ag an bpobal air.

Glaoitear airgead poiblí air freisin toisc gur institiúid phoiblí a eisíonn é – an banc ceannais – agus go dtugann an earnáil phoiblí ráthaíocht dó.

Céard is airgead príobháideach ann?

Cruthaíonn bainc thráchtála airgead freisin. Sin é go díreach a dhéanann siad nuair a thugann siad iasacht nua duit agus nuair a fheiceann tú an t-airgead i do chuntas bainc. Glaoitear airgead príobháideach ar an airgead sin. Airgead príobháideach is ea an t-airgead a fheiceann tú ar do ráiteas bainc agus sna coigiltis i do chuntas taisce freisin. Nuair a dhéanann tú íocaíochtaí faoi láthair le cártaí dochair nó creidmheasa nó trí sheirbhís íocaíochta ar líne, is ag aistriú airgead príobháideach atá tú, toisc go bhfuil tú ag baint úsáid as airgead atá cruthaithe ag do bhanc.

Euro digiteach: ag líonadh na bearna

Sa lá atá inniu ann, níl teacht ag daoine ar airgead bainc cheannais i bhfoirm dhigiteach.

Is é an aidhm atá againn ná na buntáistí a bhaineann le hairgead bainc ceannais agus an éascaíocht lena ndéanann daoine a gcuid íocaíochtaí i saol an lae inniu a thabhairt le chéile. Leis an euro digiteach, bheimis in ann airgead poiblí a chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach agus mar airgead tirim freisin. Is é an bealach le hé sin a dhéanamh ná trí airgeadra digiteach bainc ceannais: euro digiteach.

Gach leathanach sa rannóg seo