Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Amlíne agus an dul chun cinn maidir leis an euro digiteach

Cuireadh tús le céim ullmhúcháin an tionscadail i mí na Samhna 2023 agus tá an bhunchloch á leagan le haghaidh eisiúint fhéideartha an euro dhigitigh. Áirítear leis sin bailchríoch a chur ar leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh agus soláthraithe a roghnú a d’fhéadfadh ardán digiteach agus bonneagar an euro dhigitigh a fhorbairt. Is éard atá i gceist leis an gcéim ullmhúcháin tástáil agus triail fhorleathan, chomh maith le malartuithe rialta leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile, chun a chinntiú go bhfreastalódh euro digiteach ar riachtanais úsáideoirí agus ar riachtanais an Eurochórais.

Déanaimid doiciméadú rialta ar dhul chun cinn an tionscadail i dtuarascálacha cuimsitheacha.

Dul chun cinn maidir le euro digiteach

Céim an ullmhúcháin

Eispéireas saoráideach íocaíochta ar fud na hEorpa

I leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh leagtar amach rialacha, caighdeáin agus nósanna imeachta coiteanna chun a chinntiú go n-oibreodh an euro digiteach go comhsheasmhach ar fud an limistéir euro. Pléitear ann, i measc nithe eile, an chaoi a ndéantar íocaíochtaí sa euro digiteach, an chaoi a gcosnaítear úsáideoirí agus an chaoi a gcinntítear an t-ionchuimsiú. Tá sé á fhorbairt chun aiseolas ó thomhaltóirí, ó mhiondíoltóirí agus sholáthraithe seirbhíse íocaíochta a chur san áireamh.

Cuir eolas ar an gcaoi a bhfuil an leabhar rialacha á fhorbairt
An euro digiteach a mhúnlú trí thaighde úsáideoirí

Trí léargais a bhailiú ó shaoránaigh, ó ghnólachtaí beaga agus ó ghrúpaí faoi ghannionadaíocht, táimid ag cinntiú go bhfuil an euro digiteach so-úsáidte, ionchuimsitheach agus go bhfreastalaíonn sé ar riachtanais na ndaoine san Eoraip. Trínár n-ardán nuálaíochta, táimid tar éis dul i gcomhar le cuideachtaí teicneolaíochta airgeadais, le ceannaithe, le gnólachtaí nuathionscanta agus le bainc – tuairim is 70 acu san iomlán – chun nbealaí a bhféadfaí úsáid phraiticiúil a bhaint as an euro digiteach a chíoradh.

Léigh faoinár dtaighde agus turgnamh úsáideoirí
Comhoibriú i gceartlár thionscadal an euro dhigitigh

Táimid ag dul i gcomhar le lucht déanta beartas, le saineolaithe íocaíochta agus leis an bpobal chun a chinntiú go bhfuil an euro digiteach áisiúil, slán agus gur féidir é a úsáid gan stró in íocaíochtaí laethúla. Trí eolas a chomhroinnt, éisteacht le haiseolas agus tacú le plé ar leibhéal an Aontais, tá ár gcion féin á dhéanamh againn i dtreo euro digiteach a fhorbairt ar mhaithe le cách.

Cuir eolas ar an gcaoi a bhfuil an euro digiteach á mhúnlú ag an idirphlé leanúnach

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Cén chaoi a bhfuil an dul chun cinn ar thionscadal an euro dhigitigh ag dul?

Léigh an tuarascáil ar dhul chun cinn ina hiomláine

Do na meáin

Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn a rinneadh le linn chéim an ullmhúcháin idir mí na Samhna 2024 agus mí Aibreáin 2025 agus leagtar amach inti na chéad chéimeanna eile.

Léigh an phreaseisiúint

Amlíne thionscadal an euro dhigitigh

I mí Dheireadh Fómhair 2020 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil maidir le euro digiteach inar scrúdaíodh eisiúint fhéideartha airgeadra digiteach bainc ceannais – euro digiteach – ag an Eurochóras.

Naoi mí ina dhiaidh sin rinne Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh an cinneadh tionscadal an euro dhigitigh a sheoladh. Bhí céim imscrúdaithe an tionscadail ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023 agus bhain sí le staidéar a dhéanamh ar roghanna dearaidh agus ar shamhlacha dáileacháin i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara amhail lucht ceaptha beartas an Aontais agus rannpháirtithe sa mhargadh. Ba iad na torthaí ón bpróiseas sin ba bhonn leis an gcinneadh an chéim ullmhúcháin a sheoladh, ar cuireadh tús léi i mí na Samhna 2023. Sa chéim dhá bhliain sin díríodh ar fhorbairt bhreise a dhéanamh ar na roghanna dearaidh agus ar na ceanglais theicniúla don euro digiteach.

Féach agus íoslódáil amlíne ardleibhéil an tionscadail

Cad é an chéad chéim eile?

Meastar go ndéanfaidh Comhairle Rialaithe BCE cinneadh maidir leis an mbealach a dtabharfar tionscadal an euro dhigitigh chun cinn tar éis dheireadh na céime ullmhúcháin reatha i mí Dheireadh Fómhair 2025.

Ní bhreithneofar an cinneadh maidir leis an euro digiteach a eisiúint go dtí céim níos déanaí, nuair a bheidh próiseas reachtach an Aontais Eorpaigh curtha i gcrích.

Gach leathanach sa rannóg seo