Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Forléargas ar bheartas airgeadaíochta agus ar mhargaí

Is tríd an gcobhsaíocht praghsanna is fearr is féidir linn beartas airgeadaíochta a úsáid chun cur le fás eacnamaíoch.

Is í cobhsaíocht praghsanna an phríomhaidhm atá againn sa Bhanc Ceannais Eorpach. Oibrímid chun luach an euro a chaomhnú agus leis sin cuidímid le daoine atá ina gcónaí sa limistéar euro. Sa rannóg seo is féidir leat foghlaim faoinár straitéis beartais, faoi na huirlisí a úsáidimid agus faoin tionchar a bhíonn acu ar do shaol laethúil. 

Leanaimid na margaí airgeadais freisin. Tugann sé sin eolas dúinn maidir leis an bpríomhchúram atá againn, is é sin praghsanna a choimeád cobhsaí, rud a chuireann le fás eacnamaíoch.

Cinntí Beartais Airgeadaíochta

Glacaimid cinntí ar bheartas airgeadaíochta gach sé seachtaine – ag cinneadh cad ba chóir a dhéanamh chun boilsciú a choinneáil ag ár sprioc 2%. Díreach tar éis na cinntí sin a ghlacadh, míníonn an tUachtarán agus an Leas-Uachtarán go mion iad ag preasócáid. 

Cinntí beartais airgeadaíochta agus tuilleadh

Ráiteas beartais airgeadaíochta

We take decisions on monetary policy every six weeks – determining what should be done to keep inflation under control. Our visual statement explains this in short and easy-to-understand language.

Sracfhéachaint ar ár ráiteas beartais airgeadaíochta

Uirlisí agus bearta beartais

Tá tionchar ag ár mbeartas airgeadaíochta ar an tsuim a bhíonn le híoc chun airgead a fháil ar iasacht agus ar an méid úis a fhaigheann daoine ar a gcuid coigiltis. Foghlaim cén chaoi a n-oibrionn ár n-uirlisí agus ár mbearta.

Tuilleadh eolais faoinár n-uirlisí

Oibríochtaí airgeadais

Chomh maith leis na heochair-rátaí úis a shocrú, cuirimid oibríochtaí margaidh oscailte i gcrích. Is féidir leat teacht ar na staitisticí is déanaí faoi na hoibríochtaí sin anseo.

Foghlaim tuilleadh

Comhthaobhacht

Nuair a fhaigheann bainc airgead ar iasacht uainn, bíonn orthu comhthaobhacht leordhóthanach a chur ar fáil mar urrús. Ar mhaith leat a fheiceáil cé na comhthaobhachtaí a nglacaimid leo? An bhfuil staitisticí uait faoi na comhthaobhachtaí atá faighte againn?

Tuilleadh eolais faoi chomhthaobhacht
COVID-19
Ár bhfreagairt ar an bpaindéim

Trédhearcacht

Foghlaim tuileadh faoin réasúnaíocht is bonn lenár gcinntí beartais airgeadaíochta agus faoin gcomhoibriú ar fud na hEorpa

Cuntais beartais airgeadaíochta

Foilsímid cuntais ar chruinnithe na Comhairle Rialaithe ina nglactar na cinntí maidir le beartas airgeadaíochta. Tugtar achoimre sna doiciméid sin ar na cinntí a rinneadh.

Cuntais beartais airgeadaíochta
Feasachán Eacnamaíoch

San Fheasachán Eacnamaíoch tugtar breis eolais faoi na forbairtí eacnamaíocha, airgeadais agus airgeadaíochta is bonn lenár gcinntí beartais airgeadaíochta.

Léigh tuilleadh
Grúpaí teagmhála margaidh

Tá grúpaí teagmhála margaidh éagsúla bunaithe againn chun a chinntiú go gcuirtear ár mbeartas i bhfeidhm go rianúil agus go héifeachtúil. Leis na grúpaí sin is féidir linn labhairt le réimse rannpháirtithe sa mhargadh agus forbairtí sa mhargadh airgeadais domhanda a leanúint níos fearr.

Grúpaí teagmhála margaidh
Comhairliúcháin phoiblí

Iarraimid ionchur go minic faoinár gcinntí agus faoinár dtionscnaimh a bhfuil tionchar acu ar mhargaí airgeadais. Leis an teagmháil dhíreach sin is féidir linn leas a bhaint as léargais na ndaoine atá páirteach sna margaí sin nó a bhfuil suim acu iontu.

Féach ár gcomhairliúcháin phoiblí reatha agus comhairliúcháin phoiblí roimhe seo
Breis eolais uait? Léigh an míniú uainn
Foghlaim tuilleadh
Céard is beartas airgeadaíochta ann?

Gach leathanach sa rannóg seo