Cuntais Bhliantúla BCE 2025
Príomhfhigiúirí
![]() | ![]() |
Clár comhardaithe | Caillteanas don bhliain |
Tháinig laghdú €37.3 billiún ar chlár comhardaithe BCE in 2025, go príomha mar gheall ar an laghdú ar urrúis beartais airgeadaíochta, ós rud é nach ndearna an tEurochóras na príomhíocaíochtaí ó urrúis atá ag teacht in aibíocht faoi APP agus PEPP a athinfheistiú a thuilleadh. | Bhí caillteanas BCE i bhfad níos ísle in 2025 ná mar a bhí in 2024, de bharr, go príomha, laghdú ar an speansas úis ag eascairt as glandliteanas TARGET.
Fanfaidh caillteanas 2025, amhail na caillteanais ón dá bhliain roimhe sin, ar chlár comhardaithe BCE lena fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo. |
Clár comhardaithe | Brabús/(caillteanas) don bhliain |
(EUR billiúin) | (EUR milliúin) |
![]() | ![]() |
1 Tuarascáil bhainistíochta
1.1 Cuspóir thuarascáil bhainistíochta BCE
Is cuid lárnach de Chuntais Bhliantúla BCE í an tuarascáil bhainistíochta agus deartar í chun faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil do léitheoirí maidir leis na ráitis airgeadais.[1],[2] Ós rud é go dtugtar faoi gníomhaíochtaí BCE chun tacú lena chuspóirí beartais, ba cheart breathnú ar staid agus toradh airgeadais BCE i gcomhar lena ghníomhaíochtaí beartais.
Chuige sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil bhainistíochta príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí BCE, chomh maith lena dtionchar ar a ráitis airgeadais. Thairis sin, déantar anailís inti ar na príomhfhorbairtí sa chlár comhardaithe agus sa chuntas brabúis agus caillteanais le linn na bliana agus áirítear inti faisnéis ar ghlanchothromas BCE.[3] Ar deireadh, cuirtear síos inti ar an timpeallacht riosca ina bhfeidhmíonn BCE, ag cur ar fáil faisnéise ar na sonraí sonracha a bhfuil BCE neamhchosanta orthu, agus na beartais bhainistíochta riosca a úsáidtear chun rioscaí a mhaolú.
1.2 Príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí
Tá BCE ina chuid den Eurochóras, arb éard atá ann, seachas BCE, bainc cheannais náisiúnta (BCNanna) Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a bhfuil an euro mar airgeadra acu.[4] Is é an príomhchuspóir atá ag an Eurochóras cobhsaíocht praghsanna a choimeád. Comhlíonann BCE a chúraimí mar atá tuairiscithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[5] agus i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (Reacht CEBC)[6] (Fíor 1). Seolann BCE a ghníomhaíochtaí chun a shainordú a chur i gcrích agus ní leis an rún brabús a ghiniúint.
Fíor 1
Príomhchúraimí an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Mar léiriú ar phrionsabal chur chun feidhme díláraithe an bheartais airgeadaíochta san Eurochóras, déantar na hoibríochtaí beartais airgeadaíochta a thaifeadadh i ráitis airgeadais BCE agus BCNanna an limistéir euro. Tá roinnt ionstraimí a áirítear i gcreat oibríochtúil bheartas airgeadaíochta an Eurochórais nach n-úsáideann BCE agus, dá réir sin, níl aon tionchar acu ar ráitis airgeadais BCE.[7]
I dTábla 1 thíos, tugtar forléargas ar phríomhghníomhaíochtaí BCE agus a shainordú á shaothrú aige agus ar a dtionchar ar ráitis airgeadais BCE.
Tábla 1
Príomhghníomhaíochtaí BCE agus a dtionchar ar a ráitis airgeadais
Beartas airgeadaíochta an limistéir euro a shainiú agus a chur chun feidhme
Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | Is iad BCE agus BCNanna an Eurochórais a rinne ceannacháin na n-urrús sin agus taifeadadh iad sa chlár comhardaithe faoi “Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta”. Cuirtear na hurrúis fiachais arna sealbhú i gcuntas ag costas amúchta faoi réir bearnú. |
Iasachtú urrús | Tá urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta ar fáil lena n‑iasachtú ag an Eurochóras.[8] I gcás BCE, déantar oibríochtaí iasachtaithe urrús trí bhíthin institiúidí speisialaithe. Taifeadtar na hoibríochtaí sin sa chlár comhardaithe faoi “Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”, faoi “Dliteanais i leith cónaitheoirí eile sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro – Dliteanais eile” agus faoi “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro” má sholáthraítear comhthaobhacht i bhfoirm airgead tirim agus má fhanann an t-airgead tirim sin neamhinfheistithe. I ngach cás eile, déantar na hoibríochtaí iasachtaithe urrús a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe. |
Soláthar leachtachta in airgeadra eachtrach | Gníomhaíonn BCE mar idirghabhálaí idir bainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro agus BCNanna an limistéir euro trí idirbhearta babhtála arb é is aidhm dóibh cistiú gearrthéarmach airgeadra eachtraigh a thairiscint do chontrapháirtithe an Eurochórais.[9] |
Soláthar leachtachta in euro do bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro | Féadfaidh an tEurochóras leachtacht euro a sholáthar do bhainc cheannais nach bhfuil sa limistéar euro trí bhíthin idirbhearta babhtála agus idirbhearta athcheannaigh mar mhalairt ar chomhthaobhacht incháilithe.[10] |
Oibríochtaí malairte eachtraí a dhéanamh, agus cúlchistí eachtracha a shealbhú agus a bhainistiú
Oibríochtaí malairte eachtraí agus bainistiú cúlchistí eachtracha | Cuirtear cúlchistí eachtracha BCE i láthair sa chlár comhardaithe go príomha faoi “Ór agus infháltais óir”, faoi “Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach” agus faoi “Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach”, agus cuirtear dliteanais ghaolmhara, más ann dóibh, i láthair faoi “Dliteanais i leith cónaitheoirí sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach” agus faoi “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach”. Léirítear idirbhearta malairte eachtraí i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe go dtí an dáta socraíochta. |
Oibriú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn
Córais íocaíochta (TARGET) | Déantar iarmhéideanna BCNanna laistigh den Eurochóras vis-à-vis BCE ag eascairt as TARGET a chur i láthair le chéile i gclár comhardaithe BCE mar ghlansuíomh aonair sócmhainne nó dliteanais faoi “Éilimh a bhaineann le TARGET (glan)” nó “Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)”.[11] Déantar iarmhéideanna in-CEBC de chuid BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro vis-à-vis BCE, ag eascairt as a rannpháirtíocht in TARGET, a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”. Déantar iarmhéideanna córas coimhdeach atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET‑BCE a thaifeadadh sa chlár comhardaithe faoi “Dliteanais i leith cónaitheoirí eile sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro” nó faoi “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”, ag brath ar cé acu atá an t‑eintiteas bainistíochta bunaithe sa limistéar euro nó lasmuigh de.[12] |
Rannchuidiú le sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais trí bhíthin maoirseacht baincéireachta
Maoirseacht baincéireachta – an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) | Déantar speansais bhliantúla BCE i ndáil lena chúraimí maoirseachta a aisghabháil trí bhíthin táillí maoirseachta bliantúla a thoibhítear ar na heintitis faoi mhaoirseacht. Tá na táillí maoirseachta curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Glanioncam/(glanspeansas) ó tháillí agus ó choimisiúin”. |
Eile
Nótaí bainc i gcúrsaíocht | Rinneadh sciar 8 % de luach iomlán na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht a leithdháileadh ar BCE. Tacaítear leis an sciar sin le héilimh ar na BCNanna a thaifeadtar sa chlár comhardaithe faoi “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” agus a ndéantar íocaíocht ina leith de réir an ráta úis is déanaí atá ar fáil a chuirtear i bhfeidhm ar an tsaoráid taisce a thairgeann an tEurochóras. Déantar an t-ús a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Ioncam úis”. |
Punann cistí dílse | Cuirtear punann cistí dílse BCE i láthair sa chlár comhardaithe, go príomha faoi “Sócmhainní airgeadais eile”. |
1.3 Forbairtí airgeadais
1.3.1 Clár comhardaithe
Go dtí 2022, lean clár comhardaithe BCE de bheith ag leathnú (Cairt 1), go príomha de bharr ceannach urrús glan amach ag BCE faoin gclár ceannaigh sócmhainní (APP) agus faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP), mar chuid de chur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Eurochórais.[13] Bhí méadú in 2022 níos measartha toisc gur scoireadh de ghlancheannacháin urrús faoi PEPP agus faoi APP amhail ó dheireadh mhí an Mhárta 2022 agus an 1 Iúil 2022 faoi seach. Tháinig laghdú ar an glár comhardaithe in 2023 agus in 2024 araon, de bharr laghdú de réir a chéile ar shealúchais faoi APP, mar thoradh ar athinfheistíocht pháirteach na n‑íocaíochtaí príomhshuime a bhí ag teacht in aibíocht idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2023 agus ar scor iomlán na n-athinfheistíochtaí sin amhail ó mhí Iúil 2023. Chuir laghdú de réir a chéile ar na sealúchais faoi PEPP, de bharr nach ndearnadh íocaíochtaí príomhshuime a athinfheistiú ach go páirteach sa dara leath de 2024, leis an laghdú ar chlár comhardaithe BCE an bhliain sin freisin. Cuireadh deireadh leis na hathinfheistíochtaí sin ag deireadh 2024.
€37.3 billiún
Laghdú ar chlár comhardaithe BCE
In 2025 tháinig laghdú €37.3 billiún ar Chlár Comhardaithe BCE go €603.3 billiún, de bharr fuascailtí urrús arna sealbhú faoi APP agus faoi PEPP. Mar thoradh ar na fuascailtí sin, tháinig laghdú ar na hurrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta, agus tháinig laghdú comhfhreagrach ar na dliteanais in-Eurochórais mar thoradh ar shocraíocht airgid na n-idirbheart sin trí chuntais TARGET. Ní dhearnadh an laghdú sin a fhritháireamh ach go páirteach le heis-sreafaí airgid mar thoradh ar thaiscí níos ísle a bheith á dtaisceadh in BCE, rud a d’fhág go raibh laghdú ar dhliteanais eile ag an am céanna.
Cairt 1
Príomh-chomhpháirteanna chlár comhardaithe BCE
(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Chun críche Cuntais Bhliantúla BCE a ullmhú, is éard atá i nglanchothromas BCE a chaipiteal íoctha, aon mhéid arna shealbhú sa soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais agus an cúlchiste ginearálta, na cuntais athluachála (seachas an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta), aon chaillteanas carntha ó bhlianta roimhe sin agus aon bhrabús/(caillteanas) le haghaidh na bliana.
Chun faisnéis a fháil faoi choigeartuithe na bhfigiúirí le haghaidh 2023, féach “Athruithe ar chur i láthair sna ráitis airgeadais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” de Chuntais Bhliantúla BCE 2024.
54%
An sciar de na hurrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta i sócmhainní iomlána
B’urrúis ainmnithe in Euro arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta iad 54% de shócmhainní iomlána BCE ag deireadh 2025. Faoin mír sin den chlár comhardaithe, sealbhaíonn BCE urrúis arna bhfáil i gcomhthéacs an Chláir Margaí Urrús (SMP), an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CBPP3), an chláir ceannaigh urrús de bhun sócmhainní (ABSPP), chlár ceannaigh na hearnála poiblí (PSPP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP). Déantar na hurrúis a cheannaítear faoi na cláir sin a luacháil ar chostas amúchta, faoi réir bearnú.
€51.5 billiún
Laghdú sna hurrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta
Bunaithe ar na cinntí ábhartha ón gComhairle Rialaithe, chuir an tEurochóras deireadh le hathinfheistíochtaí na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis a bhí ag teacht in aibíocht faoi APP agus PEPP ó mhí Iúil 2023 agus ag deireadh 2024 faoi seach. Mar thoradh ar na cinntí sin, tá na hurrúis atá i seilbh BCE chun críocha an bheartais airgeadaíochta ag laghdú ar luas tomhaiste intuartha. San iomlán, tháinig laghdú €51.5 billiún ar na punanna beartais airgeadaíochta go €325.3 billiún in 2025 (Cairt 2). Tháinig laghdú €33.7 billiún ar an bpunann APP go €186.5 billiún, agus tháinig laghdú €26.5 billiún, €4.0 billiún agus €3.1 billiún faoi seach ar shealúchais PSPP, ABSPP agus CBPP3. Tháinig laghdú €17.8 billiún ar phunann PEPP go €138.6 billiún.
Cairt 2
Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta
(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Bhí próifíl aibíochta éagsúlaithe ag na hurrúis a bhí i seilbh BCE faoi APP agus PEPP ag deireadh 2025 (Cairt 3).[14]
Cairt 3
Próifíl aibíochta APP agus PEPP

Foinse: BCE.
Nóta: Maidir le hurrúis de bhun sócmhainní, tá an phróifíl aibíochta bunaithe ar mheánré ualaithe na n-urrús seachas ar an dáta aibíochta dlíthiúla.
In 2025 tháinig méadú €13.6 billiún go €116.8 billiún ar luach coibhéiseach euro iomlán shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE, arb éard atá iontu ór, cearta tarraingthe speisialta, dollair na Stát Aontaithe, yen na Seapáine agus renminbi na Síne.
€18.9 billiún
Méadú ar luach shealúchais óir BCE i ngeall ar mhéadú ar phraghas margaidh an óir
Tháinig méadú €18.9 billiún go €59.8 billiún ar luach coibhéiseach euro shealúchais óir BCE in 2025 (Cairt 4) i ngeall ar mhéadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. De bharr an ardaithe sin freisin bhí ardú coibhéiseach i gcuntais athluachála óir BCE (féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”).
Cairt 4
Sealúchais óir agus praghsanna óir
(scála ar chlé: EUR billiúin; scála ar dheis: euro in aghaidh unsa troí óir)

Foinse: BCE.
Nóta: Ní chumhdaítear faoi “Cuntais athluachála óir” ranníocaíochtaí bhainc ceannais na mBallstát a chuaigh isteach sa limistéar euro tar éis an 1 Eanáir 1999 le cuntais athluachála óir carntha BCE amhail an lá sula ndeachaigh siad isteach san Eurochóras.
€4.8 billiún
Laghdú ar shealúchais airgeadra eachtraigh BCE
Tháinig laghdú €4.8 billiún go €55.2 billiún in 2025 (Cairt 5) ar shealúchais airgeadra eachtraigh dhollar na Stát Aontaithe, yen na Seapáine agus renminbi na Síne in euro, go príomha mar gheall ar dhímheas dhollar na Stát Aontaithe agus yen na Seapáine in aghaidh an euro.[15] Léirítear dímheas dhollar na Stát Aontaithe freisin sna hiarmhéideanna níos ísle i gcuntais athluachála BCE (féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”), agus bhí díluacháil ar an ráta malairte a aithníodh sa chuntas brabúis agus caillteanais ag deireadh na bliana mar thoradh ar dhímheas yen na Seapáine, toisc go raibh na cuntais athluachála ghaolmhara ídithe go hiomlán in 2024 (féach Roinn 1.3.3 “Cuntas brabúis agus caillteanais”). In ainneoin na díluachála sin, tháinig méadú ar shealúchas yen na Seapáine mar thoradh ar athchothromú caighdeánach a rinneadh chun comhdhéanamh chúlchistí eachtracha BCE a ailíniú leis an sprioc-leithdháileadh. Mar chuid den athchothromú sin, le linn na chéad ráithe de 2025, dhíol BCE cuid bheag dá shealúchais i ndollar na Stát Aontaithe agus rinne sé na fáltais a athinfheistiú go hiomlán i yen na Seapáine.
Cairt 5
Sealúchais airgeadra eachtraigh
(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Tá dollar na Stát Aontaithe fós ina phríomh-chomhpháirt de shealúchais airgeadra eachtraigh BCE, agus b’ionann é agus 78 % den iomlán ag deireadh 2025.
Bainistíonn BCE infheistíocht a shealúchais airgeadra eachtraigh trí úsáid a bhaint as cur chuige trí chéim. Ar dtús, déanann bainisteoirí riosca BCE punann tagarmharc straitéiseach a dhearadh agus déanann an Chomhairle Rialaithe é a fhaomhadh. Ar an dara dul síos, dearann bainisteoirí punainne BCE an phunann tagarmharcanna oirbheartaíochta, a dhéanann an Bord Feidhmiúcháin a fhaomhadh. Ar an tríú dul síos, déanann na BCNanna oibríochtaí infheistíochtaí ar bhealach díláraithe ar bhonn laethúil.
Infheistítear sealúchais airgeadra eachtraigh BCE in urrúis, i gcomhaontuithe athcheannaigh droim ar ais agus i dtaiscí sa mhargadh airgid nó sealbhaítear iad i gcuntais reatha (Cairt 6). Luacháiltear na hurrúis sa phunann sin de réir praghsanna margaidh deireadh bliana.
Cairt 6
Comhdhéanamh infheistíochtaí airgeadra eachtraigh
(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Ó 2025 ar aghaidh, cuireann BCE infheistiú thar oíche iarmhéideanna airgid i láthair faoi “Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais” más cuid de chomhthiomsú athcheannaigh iad na cistí sin. Rinneadh na hiarmhéideanna gaolmhara le haghaidh na mblianta 2021-24 a athaicmiú ó “Cuntais reatha” go “Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais” dá réir sin.
48%
Urrúis arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach lena ngabhann aibíocht níos lú ná bliain amháin
Is é is cuspóir do shealúchais airgeadra eachtraigh BCE idirghabhálacha féideartha sa mhargadh malairte eachtraí a mhaoiniú. Ar an gcúis seo, déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a bhainistiú de réir trí chuspóir (in ord tosaíochta): leachtacht, sábháilteacht agus toradh. Dá bhrí sin, is éard atá i mbeagnach leath na punainne sin urrúis lena ngabhann aibíochtaí gearra (Cairt 7).
Cairt 7
Próifíl aibíochta na n-urrús arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach

Foinse: BCE.
Is éard atá i bpunann cistí dílse BCE go príomha infheistíochtaí dá chaipiteal íoctha agus na méideanna a chuirtear i leataobh sa chúlchiste ginearálta agus an soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais.[16] Tháinig méadú €0.4 billiún ar luach na punainne go €23.1 billiún in 2025 (Cairt 8), go príomha de bharr athinfheistiú an ioncaim úis a gineadh ar an bpunann sin.
Cairt 8
Punann cistí dílse
(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Is éard atá sa phunann cistí dílse, beagnach go hiomlán, urrúis arna n-ainmniú in euro agus a luacháiltear ag praghsanna margaidh deireadh bliana. In 2025, b’ionann na hurrúis fiachais rialtais agus 73% den phunann iomlán.
33%
Sciar na n-infheistíochtaí glasa i bpunann cistí dílse BCE
Lean an méadú ar sciar na n-infheistíochtaí glasa sa phunann cistí dílse, ag ardú ó 28% ag deireadh 2024 go 33% ag deireadh 2025.[17] Tá sé beartaithe ag BCE an sciar sin a mhéadú tuilleadh sna blianta amach romhainn.[18] In 2021 agus 2022, comhlánaíodh ceannacháin bannaí glasa i margaí tánaisteacha le hinfheistíochtaí sa chiste infheistíochta bannaí glasa arna ainmniú in euro do bhainc cheannais (EUR BISIP G2) a sheol an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta i mí Eanáir 2021. I mí Dheireadh Fómhair 2024, thosaigh BCE ag infheistiú sciar beag dá chistí dílse i gcistí arna dtrádáil ar an malartán cothromais (ETFanna) lena rianaítear tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras.[19] Cuireann an t-éagsúlú sin le hacmhainneacht toraidh phunann cistí dílse BCE agus déanann sé a infheistíochtaí a ailíniú tuilleadh le conair dícharbónaithe atá comhsheasmhach le spriocanna Chomhaontú Pháras agus leis an Dlí Aeráide Eorpach.[20]
Is é is cuspóir don phunann cistí dílse ioncam a sholáthar chun cuidiú le cistiú na speansas oibriúcháin siúd de chuid BCE nach mbaineann le cur i gcrích a chúraimí maoirseachta.[21] Infheistítear é i sócmhainní ainmnithe in euro, faoi réir na dteorainneacha a fhorchuirtear lena chreat rialaithe riosca. Dá thoradh sin tá struchtúr aibíochta níos éagsúlaithe ann (Cairt 9) i gcomparáid leis an bpunann cúlchistí eachtracha.
Cairt 9
Próifíl aibíochta na n-urrús cistí dílse

Foinse: BCE.
Ag deireadh 2025, ba é luach iomlán na nótaí bainc euro i gcúrsaíocht arna n-eisiúint ag an Eurochóras €1,619.5 billiún, 2.0% d’ardú i gcomparáid le deireadh 2024. Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán na nótaí bainc euro i gcúrsaíocht, arbh ionann é agus €129.6 billiún faoi dheireadh na bliana. De réir an dlí, tá sé de cheart ag BCE agus ag BCNanna an limistéir euro araon nótaí bainc euro a eisiúint. Sa chleachtas, áfach, is iad na BCNanna amháin a eisíonn nótaí bainc euro go fisiciúil nó a tharraingíonn siar ó chúrsaíocht iad. Mar sin, coimeádann BCE éilimh in‑Eurochórais vis-à-vis BCNanna an limistéir euro atá coibhéiseach le luach na nótaí bainc i gcúrsaíocht a leithdháiltear air.
Tháinig laghdú €34.6 billiún go €354.1 billiún in 2025 ar dhliteanais in‑Eurochórais BCE, arb é atá iontu den chuid is mó glan‑chomhardú TARGET atá ag BCNanna an limistéir euro vis‑à‑vis BCE agus dliteanais BCE maidir leis na sócmhainní cúlchistí eachtracha a d’aistrigh BCNanna an limistéir euro chuige nuair a chuaigh siad isteach san Eurochóras.
€34.6 billiún
Laghdú ar ghlandliteanas TARGET BCE
Den chuid is mó is faoi threoir éabhlóid ghlandliteanas TARGET a chinntear forbairt na ndliteanas in-Eurochórais. Ar na príomhthosca a chuir leis na hathruithe ar chomhardú ghlandliteanas TARGET i rith na tréimhse 2021-25, bhí ceannacháin agus fuascailtí urrús beartais airgeadaíochta, a shocraítear trí chuntais TARGET, agus athruithe ar dhliteanais i leith cónaitheoirí sa limistéar euro agus i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro (Cairt 10). In 2025, tháinig laghdú €34.6 billiún ar ghlandliteanas TARGET BCE, go príomha de bharr insreafaí airgid ó fhuascailtí urrús beartais airgeadaíochta, a fritháiríodh go páirteach le heis-sreafaí airgid a bhain (i) leis an laghdú ar dhliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro agus (ii) leis an speansas úis a íocadh ar ghlandliteanas TARGET BCE.
Cairt 10
Glan-chomhardú TARGET in-Eurochórais, dliteanais i leith cónaitheoirí sa limistéar euro agus i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro agus urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta
(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Chun críche na cairte seo, is é atá i “Dliteanais i leith cónaitheoirí sa limistéar euro agus i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro” ná “Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”, “Dliteanais i leith cónaitheoirí eile sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro” agus “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”.
In 2025, tháinig laghdú €16.1 billiún ar dhliteanais eile BCE go €58.8 billiún, go príomha de bharr laghdú ar na dliteanais arna n-ainmniú in euro i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro, mar thoradh ar thaiscí níos ísle a ghlac BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach[22].
1.3.2 Glanchothromas
€60.9 billiún
Glanchothromas BCE
Is éard atá i nglanchothromas BCE a chaipiteal íoctha, aon mhéid arna shealbhú sa soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais agus an cúlchiste ginearálta, na cuntais athluachála, aon chaillteanas carntha ó bhlianta roimhe sin agus aon bhrabús nó aon chaillteanas i leith na bliana.[23],,[24]
Ag deireadh 2025, €60.9 billiún a bhí i nglanchothromas BCE (Cairt 11 agus Tábla 2). Bhí sé sin €11.0 billiún níos airde ná mar a bhí ag deireadh 2024 mar thoradh ar mhéadú sna cuntais athluachála, go príomha de bharr méadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro in 2025. Fritháiríodh an méadú ar ghlanchothromas BCE go páirteach leis an gcaillteanas a tabhaíodh in 2025.
Cairt 11
Glanchothromas BCE
(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Áirítear le “Cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, airgeadra eachtrach, agus urrúis agus ionstraimí eile ach ní áirítear leis an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.
Tábla 2
Athruithe ar ghlanchothromas BCE
(EUR milliúin)
Caipiteal | Cuntais athluachála | Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh | Caillteanas don bhliain | Glanchothromas iomlán | |
|---|---|---|---|---|---|
Iarmhéid an 31 Nollaig 2024 | 8,925 | 50,236 | (1,266) | (7,944) | 49,951 |
Caillteanas arna thabhairt ar aghaidh | (7,944) | 7,944 | - | ||
Cuntais athluachála | 12,247 | ||||
- Ór | 18,860 | ||||
- Airgeadra eachtrach | (6,777) | ||||
- Urrúis agus ionstraimí eile | 164 | ||||
Caillteanas don bhliain | (1,254) | (1,254) | |||
Iarmhéid an 31 Nollaig 2025 | 8,925 | 62,483 | (9,210) | (1,254) | 60,944 |
46%
Méadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro
Gnóthachain neamhréadaithe ar ór, airgeadra eachtrach, agus urrúis agus ionstraimí eile atá faoi réir athluacháil praghais nach n-aithnítear mar ioncam sa chuntas brabúis agus caillteanais ach a thaifeadtar go díreach i gcuntais athluachála a thaispeántar ar thaobh na ndliteanas de chlár comhardaithe BCE. Is féidir na hiarmhéideanna sna cuntais seo a úsáid chun tionchar aon ghluaiseachta neamhfhabhraí a sheasamh sna praghsanna faoi seach agus/nó rátaí malairte agus mar sin teacht aniar BCE i gcoinne rioscaí forluiteacha a neartú. In 2025 tháinig méadú €12.2 billiún go €62.5 billiún ar na cuntais athluachála le haghaidh óir, airgeadra eachtrach, agus urrús agus ionstraimí eile, go príomha de thairbhe comharduithe athluachála níos airde i leith óir mar thoradh ar an ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. Fritháiríodh an éifeacht sin go páirteach leis an laghdú ar iarmhéideanna athluachála le haghaidh airgeadraí eachtracha, le haghaidh dhollar na Stát Aontaithe den chuid is mó, mar thoradh ar a ndímheas in aghaidh an euro (Cairt 12).
Cairt 12
Na príomhrátaí malairte eachtraí agus praghas an óir i gcaitheamh na tréimhse 2021-25
(athruithe céatadáin vis-à-vis 2021; sonraí deireadh bliana)

Foinse: BCE.
I bhfianaise a neamhchosanta ar rioscaí airgeadais (féach Roinn 1.4.1 “Rioscaí airgeadais”), féadfaidh BCE soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais a chur i leataobh a n-úsáidfear é a mhéid a mheasfaidh an Chomhairle Rialaithe is gá chun caillteanais a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an neamhchosaint sin a fhritháireamh. Ó dheireadh 2023 i leith tá an soláthar sin ag nialas toisc gur úsáideadh go hiomlán é chun caillteanais BCE a tharla in 2022 agus in 2023 a chumhdach. I gcomhthéacs an athbhreithnithe bhliantúil ar mhéid an tsoláthair sin, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh é a athshlánú nuair a fhillfidh BCE ar bhrabús a dhéanamh agus é tar éis na caillteanais charntha a tugadh ar aghaidh ó bhlianta roimhe sin a fhritháireamh.
Ba é €1.3 billiún caillteanas BCE don bhliain (féach Roinn 1.3.3 “Cuntas brabúis agus caillteanais”). Mar a bhí amhlaidh an dá bhliain roimhe sin, chinn an Chomhairle Rialaithe an caillteanas a thabhairt ar aghaidh ar chlár comhardaithe BCE chun é a fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo.
1.3.3 Cuntas brabúis agus caillteanais
Le linn na tréimhse ceithre bliana roimhe sin (Cairt 13), tháinig laghdú bliain ar bhliain ar thoradh BCE. In 2022 agus 2023, tháinig an laghdú ar thoradh BCE chun cinn de dheasca teacht ann don riosca ráta úis mar bhí an t-ardú ar rátaí úis sa limistéar euro ina chúis le méadú láithreach ar an speansas úis a thabhaigh BCE ar a ghlandliteanas TARGET, a íocadh de réir an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcáin (ráta MRO).[25] Ag an am céanna, níor tháinig méadú chomh mór ná chomh tapa sin ar an ioncam a gineadh ar shócmhainní BCE. Lean an staid sin ar aghaidh in 2024, d’ainneoin ciorruithe ar rátaí beartais a thosaigh i mí an Mheithimh an bhliain sin, toisc go raibh an speansas úis a tabhaíodh ar ghlandliteanas TARGET fós níos airde ar an meán ná an t-ioncam úis a tuilleadh ar shócmhainní. In 2025, bhí toradh BCE, cé go raibh caillteanas fós ann, i bhfad níos fearr ná mar a bhí in 2024, toisc gur cúngaíodh an bhearna idir rátaí úis ar shócmhainní úsmhara agus iad siúd ab infheidhme maidir le dliteanais, go príomha mar gheall ar an meánráta íocaíochta níos ísle ar ghlandliteanas TARGET, go háirithe tar éis tuilleadh ciorruithe ar an ráta beartais (féach Roinn 1.4.1 “Rioscaí airgeadais”).
Is fothoradh iad brabúis nó caillteanais ar phríomhsprioc BCE maidir le cobhsaíocht praghsanna
Is léiriú iad caillteanais BCE ó 2022 i leith, a raibh tréimhse fhada brabús substaintiúil ann roimhe sin, ar ról agus gníomhaíochtaí beartais riachtanacha an Eurochórais agus é ag iarraidh a phríomh-shainordú a chomhlíonadh, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choimeád slán. Thairis sin, chuidigh na bearta beartais airgeadaíochta atá i gceist, amhail cláir ceannaithe sócmhainní, le torthaí eacnamaíocha a fheabhsú. Go dtí 2022, leathnaíodh clár comhardaithe BCE go mór mar gheall, den chuid ba mhó, ar cheannacháin urrús faoi chláir ceannaithe sócmhainní glan amach. Ar thaobh na sócmhainní, tá aibíochtaí fada agus cúpóin sheasta ag formhór na n-urrús beartais airgeadaíochta atá á sealbhú faoi láthair agus ceannaíodh iad le linn tréimhse ina raibh na rátaí úis an-íseal nó nialasach. Ní dhéanann athruithe ar eochair-rátaí úis BCE difear láithreach do na sócmhainní sin agus leanann siad d’ioncam úis réasúnta íseal a ghiniúint. Ag an am céanna, mar thoradh ar shocraíocht airgid na gceannachán sin trí bhíthin TARGET, tháinig méadú ar ghlandliteanas TARGET BCE, rud atá íogair i leith athruithe ar eochair-rátaí úis BCE. Ó 2023 i leith, mar thoradh ar an laghdú de réir a chéile ar shealúchais urrús beartais airgeadaíochta de bharr chéimniú amach na n-athinfheistíochtaí, tháinig laghdú comhfhreagrach ar ghlandliteanas TARGET, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar an riosca ráta úis (féach Roinn 1.4.1 “Rioscaí airgeadais”).
Brabús á thuar an athuair do BCE in 2026 nó an bhliain dár gcionn
Meastar go ndéanfaidh BCE brabús arís in 2026 nó an bhliain dár gcionn, ach beidh sé sin ag brath den chuid is mó ar leibhéil eochair-rátaí úis agus rátaí malairte eachtraí BCE amach anseo, agus ar mhéid agus ar chomhdhéanamh chlár comhardaithe BCE.
In aon chás, is léiriú ar láidreacht airgeadais BCE iad a chaipiteal agus a chuntais shubstaintiúla athluachála, arbh ionann iad le chéile agus €71.4 billiún ag deireadh 2025 (féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”), agus tá BCE fós lánábalta a phríomhchuspóir a chomhlíonadh, is é sin cobhsaíocht praghsanna a choimeád slán gan beann ar aon chaillteanas.[26]
Cairt 13
Príomh-chomhpháirteanna chuntas brabúis agus caillteanais BCE
(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Is éard atá in “Ioncam agus speansais eile” ná “Glanioncam/(glanspeansas) ó tháillí agus ó choimisiúin”, “Ioncam ó ionstraimí cothromais agus leasanna rannpháirteachais”, “Ioncam eile” agus “Speansais eile”.
€1,254 mhilliún
Caillteanas BCE in 2025
In 2025, €1,254 mhilliún a bhí i gcaillteanas BCE don bhliain , figiúr a bhí sé i bhfad níos ísle ná an caillteanas a tabhaíodh in 2024 de bharr laghdú suntasach ar an nglanspeansas úis (Cairt 14).
Cairt 14
Nithe a spreag brabús/(caillteanas) BCE in 2024 agus 2025
(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Ba é glandliteanas TARGET BCE ba chúis go príomha leis an nglanspeansas úis
Ba é €178 milliún glanspeansas úis BCE in 2025, i gcomparáid le €6,983 mhilliún in 2024 (Cairt 15). Ba í an phríomh-chomhpháirt fós an speansas suntasach úis a d’eascair as glandliteanas TARGET BCE, lenar fritháiríodh le fuílleach an t-ioncam úis a d’eascair as (i) urrúis beartais airgeadaíochta, (ii) éilimh BCE a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras, agus (iii) cúlchistí eachtracha.
Cairt 15
Glanioncam úis/(glanspeansas úis)
(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Ioncam úis beagán níos ísle ó urrúis beartais airgeadaíochta mar thoradh ar shealúchais níos ísle tar éis dheireadh na n-athinfheistíochtaí
Maidir leis an nglanioncam úis a gineadh ar urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta, níor tháinig ach laghdú beag €36 mhilliún air sin go €3,814 mhilliún in 2025 (Cairt 16), go príomha de bharr ioncam úis níos ísle ó shealúchais faoi APP (CBPP3, ABSPP agus PSPP). Tháinig laghdú €301 mhilliún go €2,318 milliún ar an nglanioncam úis ó shealúchais APP, go príomha de bharr laghdú ar an ioncam úis ó shealúchais faoi ABSPP, ar tháinig laghdú €281 mhilliún air go €137 milliún de bharr laghdú mór ar shealúchais tar éis aisíocaíochtaí urrús. Ba é €2,022 mhilliún an t-ioncam úis ar urrúis a bhí á sealbhú faoi PSPP, beagnach mar an gcéanna le figiúr 2024 toisc go bhfuarthas na hurrúis a bhí á sealbhú faoin bpunann sin ar thorthaí ísle den chuid is mó agus, dá bhrí sin, ní raibh ach tionchar beag ag a n-aibíocht ar an ioncam gaolmhar úis. Os a choinne sin, tháinig méadú €275 mhilliún, go €1,481 mhilliún, ar an nglanioncam úis ó urrúis arna sealbhú faoi PEPP, agus dá chionn sin fritháiríodh beagnach go hiomlán an laghdú ar an ioncam ó phunanna beartais airgeadaíochta eile agus bhí sé inchurtha go príomha i leith an speansais amúchta préimhe níos ísle a bhain le hurrúis earnála poiblí.
Cairt 16
Glanioncam úis/(glanspeansas úis) ar urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta
(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Laghdú ar an ioncam úis ar phunann dhollar na Stát Aontaithe
Tháinig laghdú €449 mhilliún ar ghlanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha go €2,089 milliún, go príomha mar thoradh ar ioncam úis níos ísle ar urrúis a ainmnítear i ndollair na Stát Aontaithe.
2.3%
Meánráta DFR in 2025
Tháinig laghdú €2,332 mhilliún go €2,900 mhilliún agus laghdú €659 milliún go €790 milliún faoi seach in 2025 ar an ioncam úis a d’eascair as leithdháileadh nótaí bainc euro ar BCE agus ar an speansas úis a d’eascair as íoc éilimh na BCNanna i leith cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú. Tharla na laghduithe sin toisc go raibh an meánráta íocaíochta níos ísle (2.3% in 2025, i gcomparáid le 4.1% in 2024), tar éis an laghdaithe ar eochair-rátaí úis BCE agus, ar bhonn níos lú, chur i bhfeidhm an ráta saoráide taisce (DFR) freisin mar bhonn don íocaíocht, in ionad an ráta MRO.
€7,706 mhilliún
Speansas úis ag eascairt as glandliteanas TARGET BCE
Ar an gcúis chéanna, nach mór, tháinig laghdú €7,968 milliún go €7,706 mhilliún in 2025 ar an nglanspeansas úis a d’eascair as iarmhéideanna TARGET a bhí dlite do/ó BCNanna. Chuir iarmhéideanna níos ísle TARGET, go príomha mar thoradh ar urrúis beartais airgeadaíochta a bheith ag teacht in aibíocht, leis an laghdú sin freisin.
Tháinig laghdú €994 mhilliún ar an nglanspeansas úis eile go €485 mhilliún in 2025. Tharla sé sin go príomha de bharr speansas úis níos ísle (i) ar thaiscí a ghlac BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach, (ii) ar iarmhéideanna chórais choimhdeacha an limistéir euro, agus (iii) ar airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht in idirbhearta iasachta urrús, de bharr meánrátaí íocaíochta níos ísle in 2025 agus mheán-iarmhéideanna níos ísle na dtrí mhír sin. Fritháiríodh na hathruithe sin go páirteach le hioncam úis níos ísle ar an bpunann cistí dílse, mar thoradh go príomha ar an amúchadh níos ísle ar bhannaí lascaine.
Tháinig glanghnóthachain réadaithe ráta malairte chun cinn go príomha mar thoradh ar athchothromú caighdeánach ar chúlchistí eachtracha BCE
B’ionann na glanghnóthachain réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais agus €950 milliún in 2025, i gcomparáid le caillteanas €17 milliún in 2024 (Cairt 17). Tá sé sin inchurtha den chuid is mó i leith na ngnóthachan ráta malairte réadaithe a bhí mar thoradh ar athchothromú caighdeánach ar chomhdhéanamh chúlchistí eachtracha BCE le linn na chéad ráithe de 2025 chun go mbeifí i gcomhréir leis an sprioc-leithdháileadh. Rinneadh na fáltais ó dhíol sciar bhig de na sealúchais i ndollar na Stát Aontaithe a athinfheistiú go hiomlán i yen na Seapáine (Cairt 18).
Chuir glanghnóthachain praghsanna a réadaíodh ar dhíolacháin urrús ainmnithe i ndollair SAM, a raibh tionchar dearfach ar a bpraghas margaidh ag an laghdú ar thorthaí comhfhreagracha na Stát Aontaithe le linn na bliana (Cairt 19), leis an toradh foriomlán freisin.
Cairt 17
Gnóthachain/(caillteanais) réadaithe ag eascairt as oibríochtaí airgeadais
(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Cairt 18
Gnóthachain/(caillteanais) réadaithe ráithiúla ag eascairt as oibríochtaí airgeadais in 2024 agus 2025
(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Cairt 19
Torthaí bannaí ceannasacha dhá bhliain sna Stáit Aontaithe, sa tSeapáin agus sa tSín
(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: LSEG.
€1,316 mhilliún
Díluachálacha ráta malairte, den chuid is mó ar shealúchais BCE i yen na Seapáine
Déantar caillteanais athluachála neamhréadaithe a thaifeadadh mar speansas i bhfoirm díluachálacha ag deireadh na bliana i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE. In 2025 b’ionann na díluachálacha sin agus €1,446 mhilliún (Cairt 20). De thoradh dhímheas airgeadraí eachtracha in aghaidh an euro ar rátaí malairte faoi bhun an chostais éadála, b’ionann na caillteanais ráta malairte neamhréadaithe agus €1,316 mhilliún. Go háirithe, tháinig dímheas 13% bliain ar bhliain ar yen na Seapáine, rud a d’fhág go ndearnadh díluacháil €1,229 milliún ar na sealúchais san airgeadra sin. Bhí caillteanais praghais neamhréadaithe €130 milliún ann freisin de bharr laghdú ar mhargadhluach roinnt urrús a bhí á sealbhú go príomha sna cistí dílse agus i bpunanna yen na Seapáine.
Cairt 20
Díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais
(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Tháinig méadú €42 mhilliún ar speansais iomlána oibriúcháin BCE, lena n-áirítear dímheas agus seirbhísí táirgthe nóta bainc, go €1,428 milliún (Cairt 21). Tharla sé sin den chuid is mó mar gheall ar chostais foirne níos ísle i ndáil le sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile, go príomha toisc gur leasaíodh na rialacha lena rialaítear pleananna pinsin BCE in 2024 agus toisc gur aithníodh costas neamh-athfhillteach gaolmhar go hiomlán i gcuntas brabúis agus caillteanais na bliana sin.
€690 mhilliún
Ioncam ó tháillí maoirseachta
Cumhdaítear speansais a bhaineann le maoirseacht baincéireachta go hiomlán le táillí a thoibhítear go bliantúil ar na heintitis faoi mhaoirseacht. Ar bhonn na speansas iarbhír arna dtabhú ag BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta baincéireachta, b’ionann ioncam táillí maoirseachta le haghaidh 2025 agus €690 mhilliún.[27]
Cairt 21
Speansais oibriúcháin agus ioncam ó tháillí maoirseachta
(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
1.4 Bainistiú riosca
Is cuid ríthábhachtach é an bainistiú riosca de ghníomhaíochtaí BCE agus déantar í trí phróiseas leanúnach (i) um shainaithint agus measúnú riosca, (ii) um athbhreithniú na straitéisí agus na mbeartas riosca, (iii) um chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maolaithe riosca, agus (iv) um fhaireachán agus tuairisciú riosca – a dtacaíonn modheolaíochtaí, próisis agus córais éifeachtacha leo go léir (Fíor 2).
Fíor 2
An timthriall bainistithe riosca

Dírítear sna ranna seo a leanas ar na rioscaí, a bhfoinsí agus na creataí rialaithe riosca is infheidhme.
1.4.1 Rioscaí airgeadais
Molann an Bord Feidhmiúcháin beartais agus nósanna imeachta lena n-áirithítear leibhéal iomchuí cosanta i gcoinne na rioscaí airgeadais a bhfuil BCE neamhchosanta orthu. Rannchuidíonn an Coiste um Bainistiú Riosca (RMC), ina bhfuil saineolaithe ó bhainc cheannais de chuid an Eurochórais, le faireachán, tomhas agus tuairisciú a dhéanamh ar rioscaí airgeadais a bhaineann le clár comhardaithe an Eurochórais, agus sainmhíníonn agus athbhreithníonn sé na modheolaíochtaí agus na creataí gaolmhara. Ar an gcaoi sin, cuidíonn RMC leis na comhlachtaí cinnteoireachta leibhéal iomchuí cosanta a áirithiú don Eurochóras.
Eascraíonn rioscaí airgeadais ó oibríochtaí agus neamhchosaintí gaolmhara BCE. Tá difríochtaí idir na creataí rialaithe riosca agus na teorainneacha a úsáideann BCE chun a phróifíl riosca a bhainistiú i gcineálacha éagsúla oibríochtaí, agus is léiriú é sin ar chuspóirí beartais nó infheistíochta na bpunann éagsúil agus ar shaintréithe riosca na sócmhainní foluiteacha.
Chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí, braitheann BCE ar roinnt teicnící meastacháin riosca atá forbartha ag a shaineolaithe. Tá na teicnící sin bunaithe ar chomhchreat ionsamhlúcháin riosca margaidh agus creidmheasa. Tarraingíonn na croíchoincheapa, na croítheicnící agus na croíthoimhdí samhaltúcháin is bun leis na bearta riosca ar na caighdeáin tionscail agus ar na sonraí margaidh atá ar fáil. Is iondúil go ndéantar na rioscaí a chainníochtú mar an t-easnamh ionchasach (ES) a mheastar de réir leibhéal muiníne 99% in imeacht bliana.[28] Úsáidtear dhá chur chuige chun rioscaí a mheas: (i) an cur chuige cuntasaíochta, lena ndírítear ar an tionchar ar bhrabús agus caillteanas brabúis agus caillteanais BCE, trína ndéantar caillteanais a ionsú ar dtús trí chuntais athluachála is infheidhme; agus (ii) an cur chuige airgeadais, lena ndírítear ar thionchar na gcaillteanas airgeadais ar ghlanchothromas foriomlán BCE, agus nach meastar gur maolán i ríomh an riosca iad na cuntais athluachála. Déanann BCE bearta riosca eile a ríomh ar leibhéil éagsúla mhuiníne freisin, déanann sé anailísí ar chásanna hipitéiseacha íogaireachta agus struis, agus déanann sé measúnú ar réamh-mheastacháin níos fadtéarmaí ar neamhchosaintí agus ar ioncam d’fhonn léargas cuimsitheach a bheith aige ar na rioscaí.[29]
€15.2 billiún
Iomlán an riosca (cur chuige cuntasaíochta ES 99%)
Tháinig laghdú beag ar rioscaí iomlána BCE le linn na bliana. Ag deireadh 2025, €15.2 billiún a bhí i rioscaí airgeadais iomlána chlár comhardaithe BCE, arna dtomhas de réir ES ar an leibhéal muiníne 99% in imeacht bliana faoin gcur chuige cuntasaíochta, méid a bhí beagán níos ísle ná na rioscaí measta ag deireadh 2024 (Cairt 22). An maolú ar riosca arna thiomáint ag an laghdú ar na sealúchais urrús earnála poiblí a bhí ag BCE faoi APP agus faoi PEPP, rinneadh é a fhritháireamh den chuid is mó le rioscaí méadaithe a bhaineann le sealúchais cúlchistí eachtracha BCE agus lena phunann cistí dílse arna n-ainmniú in euro.
Cairt 22
Iomlán na rioscaí airgeadais (cur chuige cuntasaíochta ES 99%)
(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Riosca creidmheasa
Eascraíonn riosca creidmheasa as punanna beartais airgeadaíochta BCE, as a phunann cistí dílse arna n-ainmniú in euro agus as a shealúchais cúlchistí eachtracha. Cé go ndéantar urrúis fiachais arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta a luacháil ar chostas amúchta, faoi réir bearnú, agus nach bhfuil siad, dá bhrí sin, in éagmais díolachán, faoi réir athruithe ar phraghsanna atá bainteach le himircí creidmheasa, tá siad fós faoi réir riosca mainneachtana creidmheasa. Déantar cistí dílse agus cúlchistí eachtracha arna n-ainmniú in euro a luacháil de réir phraghsanna an mhargaidh agus, dá réir sin, tá siad faoi réir riosca imirce creidmheasa agus riosca mainneachtana creidmheasa. Tháinig laghdú ar an riosca creidmheasa i gcomparáid le 2024, mar thoradh ar an laghdú ar urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta.
Maolaítear an riosca creidmheasa go príomha trí chritéir incháilitheachta, nósanna imeachta díchill chuí agus teorainneacha atá éagsúil ó phunann go punann a chur i bhfeidhm.
Rioscaí airgeadra agus tráchtearraí
Eascraíonn rioscaí airgeadra agus tráchtearraí as sealúchais airgeadra eachtraigh agus óir BCE. Tháinig méadú ar an riosca airgeadra i gcomparáid le 2024.
I bhfianaise ról beartais na sócmhainní sin, ní fhálaíonn BCE na rioscaí gaolmhara airgeadra agus tráchtearra. Ina ionad sin, déantar na rioscaí sin a mhaolú trí bhíthin cuntais athluachála a bheith ann agus trí bhíthin éagsúlú na sealúchas in airgeadraí éagsúla agus in ór.
Riosca cothromais
Déantar sciar beag de phunann cistí dílse BCE arna n-ainmniú in euro a infheistiú in ETFanna cothromais a rianaíonn tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras, agus eascraíonn riosca cothromais as sin.
Ós rud é gur sciar beag atá i gceist, is beag riosca cothromais atá ann do BCE. Maolaítear é trí éagsúlú agus trí chuntais athluachála is infheidhme.
Riosca ráta úis
Tá sealúchais cúlchistí eachtracha BCE agus a phunann cistí dílse arna n-ainmniú in euro infheistithe go príomha in urrúis ioncaim sheasta agus tá siad faoi réir riosca ráta úis marcála ón margadh, ós rud é go ndéantar iad a luacháil ag praghsanna an mhargaidh. Déantar beagnach leath chúlchistí eachtracha BCE a infheistiú i sócmhainní lena ngabhann aibíochtaí measartha gairid (féach Cairt 7 i Roinn 1.3.1 “Clár comhardaithe”), agus bíonn aibíochtaí níos faide ag gabháil leis na sócmhainní sa phunann cistí dílse de ghnáth (féach Cairt 9 i Roinn 1.3.1 “Clár comhardaithe”). Tháinig méadú, i gcomparáid le 2024, ar an riosca ráta úis a bhaineann le punann cistí dílse BCE, arna thomhas faoin gcur chuige cuntasaíochta.
Déantar an riosca ráta úis marcála ón margadh a bhaineann le BCE a mhaolú trí bhíthin beartais leithdháilte sócmhainní agus trí bhíthin na gcuntas athluachála.
Tá BCE faoi réir riosca ráta úis freisin a eascraíonn as neamhréireanna idir an ráta úis a thuilltear ar a shócmhainní agus an ráta úis a íoctar ar a dhliteanais, agus tá tionchar aige sin ar a ghlanioncam úis. Níl an riosca sin nasctha go díreach le haon phunann ar leith ach le struchtúr chlár comhardaithe BCE ina iomláine agus, go háirithe, le neamhréireanna aibíochta agus toraidh a bheith ann idir sócmhainní agus dliteanais. Tháinig laghdú ar an riosca ráta úis in 2025, rud a léiríonn an laghdú ar dhliteanais BCE tar éis sealúchais urrús faoi APP agus faoi PEPP a laghdú. Chomh maith lena thomhas mar chuid de ES ar leibhéal muiníne 99% in imeacht bliana, déantar faireachán ar an riosca sin trí bhíthin réamh-mheastacháin ar bhrabúsacht BCE in imeacht tréimhse mheántéarmach go fadtéarmach.
Déantar an cineál sin riosca a bhainistiú trí bhíthin beartais leithdháilte sócmhainní agus déantar é a mhaolú tuilleadh trí dhliteanais neamhchúitithe a bheith ar chlár comhardaithe BCE.
Tharla caillteanais ó 2022 i leith toisc gur tháinig ann don riosca ráta úis, agus thabhaigh BCE glanspeansas úis fós in 2025. Bhí an glanspeansas úis i bhfad níos ísle i gcomparáid leis an dá bhliain roimhe sin, go príomha toisc go raibh an ráta úis ar an tsaoráid taisce – arb é an príomhráta íocaíochta ar thaobh na ndliteanas é ón 1 Eanáir 2025 i leith – ag dul i laghad. Cé go meastar go dtosóidh BCE ag taifeadadh glanioncam úis go luath amach anseo, ní féidir an fhéidearthacht go mbeadh tuilleadh caillteanas úis ann sna blianta amach romhainn a chur as an áireamh, i bhfianaise na neamhréireanna aibíochta agus toraidh a luadh roimhe seo idir sócmhainní agus dliteanais.
Riosca a bhaineann leis an aeráid
Na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, tá siad á n-ionchorprú i gcreat bainistithe riosca BCE de réir a chéile. Rinne an tEurochóras an chéad tástáil struis aeráide ar chlár comhardaithe an Eurochórais in 2022, agus dá thairbhe sin bhíothas in ann réamh‑mheastachán a dhéanamh ar thionchar an riosca sin ar chlár comhardaithe BCE.[30] Rinneadh tástáil struis aeráide eile in 2024, agus leanfar de thástáil struis aeráide a dhéanamh ar bhonn rialta sna blianta amach romhainn.[31]
1.4.2 Riosca oibriúcháin
Is cuid dhílis é an bainistiú rioscaí oibriúcháin (ORM) de struchtúr rialachais agus próisis bhainistíochta BCE.[32] Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as beartas agus creat ORM BCE agus déanann sé beartas agus creat ORM a fhormheas; tacaíonn an Coiste um Riosca Oibriúcháin leis an mBord Feidhmiúcháin i bhfeidhmiú a róil maidir le maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú rioscaí oibriúcháin.[33]
Is é príomhchuspóir chreat ORM BCE rannchuidiú lena áirithiú go mbaineann BCE amach a mhisean agus a chuspóirí, agus a chlú agus a shócmhainní a chosaint freisin i gcoinne caillteanais, mí-úsáide agus damáiste. Faoi chreat ORM, tá gach réimse gnó freagrach as a rioscaí oibríochtúla, a theagmhais agus a rialuithe a shainaithint, a mheasúnú, freagairt dóibh agus faireachán a dhéanamh orthu. Sa chomhthéacs sin, cuireann beartas lamháltais riosca BCE treoraíocht ar fáil maidir le straitéisí freagartha riosca agus nósanna imeachta um ghlacadh riosca. Tá sé nasctha le maitrís riosca cúig faoi chúig atá bunaithe ar scálaí grádaithe tionchair agus dóchúlachta ina mbaintear úsáid as critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla.
Tá an timpeallacht ina bhfeidhmíonn BCE neamhchosanta ar bhagairtí atá ag éirí níos casta agus níos idirnasctha, lena n-áirítear rioscaí geopholaitiúla, bagairtí cibearshlándála agus dúshláin inbhuanaitheachta. Is iomaí sin riosca oibriúcháin ann a bhaineann le gníomhaíochtaí laethúla BCE. Áirítear ar na príomhréimsí imní do BCE raon leathan rioscaí neamhairgeadais a eascraíonn as daoine, córais, próisis, caidrimh tríú páirtí agus teagmhais sheachtracha. Dá bhrí sin, tá próisis curtha i bhfeidhm ag BCE ionas gur féidir bainistiú leanúnach éifeachtach a dhéanamh ar a rioscaí oibriúcháin agus chun faisnéis riosca a chomhtháthú sa phróiseas cinnteoireachta. Thairis sin, tá BCE ag díriú i gcónaí ar a theacht aniar a fheabhsú, ag glacadh dearcadh leathan ar rioscaí agus ar dheiseanna ó pheirspictíocht ceann go ceann, lena n-áirítear gnéithe inbhuanaitheachta. Bunaíodh struchtúir freagartha agus pleananna teagmhasacha chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla gnó a áirithiú i gcás go dtarlódh míshocracht nó géarchéim ar bith.
1.4.3 Riosca maidir le hiompraíocht
Tá Oifig um Chomhlíonadh agus Rialachas tiomnaithe ag BCE mar phríomhfheidhm bainistithe riosca d’fhonn creat rialachais BCE a neartú chun aghaidh a thabhairt ar riosca iompraíochta.[34] Is é an cuspóir atá leis tacú leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag cosaint shláine agus cháil BCE, caighdeáin eiticiúla iompraíochta a chur chun cinn agus cuntasaíocht agus trédhearcacht BCE a neartú. Cuireann Coiste Eitice neamhspleách comhairle agus treoraíocht ar fáil d’oifigigh ardleibhéil BCE maidir le hábhair ionracais agus iompraíochta, agus tacaíonn sé leis an gComhairle Rialaithe ó thaobh rioscaí a bhainistiú ar leibhéal an fheidhmeannais go hiomchuí agus go comhleanúnach. Ar leibhéal an Eurochórais agus an tSásra Aonair Maoirseachta, oibríonn an Coiste um Eitic agus um Chomhlíonadh d’fhonn cur chun feidhme comhleanúnach na gcreataí iompraíochta ag na BCNanna agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta a bhaint amach.
2 Ráitis bhliantúla BCE
2.1 Clár comhardaithe an 31 Nollaig 2025
Sócmhainní
(EUR milliúin)
Nóta | 2025 | 2024 | |
|---|---|---|---|
Ór agus infháltais óir | 1 | 59,754 | 40,895 |
Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach | 2 | 54,764 | 58,117 |
Infháltais ó CAI | 2.1 | 1,772 | 2,227 |
Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile | 2.2 | 52,992 | 55,890 |
Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro, arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach | 2.2 | 2,236 | 4,094 |
Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro | 3 | 1 | 2 |
Urrúis cónaitheoirí sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro | 4 | 325,265 | 376,781 |
Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | 4.1 | 325,265 | 376,781 |
Éilimh in-Eurochórais | 5 | 129,563 | 127,067 |
Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras | 5.1 | 129,563 | 127,067 |
Sócmhainní eile | 6 | 31,756 | 33,644 |
Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe | 6.1 | 1,055 | 971 |
Sócmhainní airgeadais eile | 6.2 | 23,211 | 22,781 |
Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe | 6.3 | 273 | 681 |
Fabhruithe agus speansais réamhíoctha | 6.4 | 7,108 | 9,158 |
Ilghnéitheach | 6.5 | 110 | 53 |
Iomlán na sócmhainní | 603,339 | 640,600 |
Nóta: Is féidir nach ionann na hiomláin sna ráitis airgeadais agus sna táblaí mar gheall ar shlánú. Léiríonn na figiúirí 0 agus (0) méideanna deimhneacha agus diúltacha arna slánú go nialas, agus léiríonn dais (-) nialas.
Dliteanais
(EUR milliúin)
Nóta | 2025 | 2024 | |
|---|---|---|---|
Nótaí bainc i gcúrsaíocht | 7 | 129,563 | 127,067 |
Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro | 8 | 489 | 2,388 |
Dliteanais i leith cónaitheoirí eile sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro | 9 | 26,022 | 24,554 |
Ollfhiachas rialtais | 9.1 | 74 | 73 |
Dliteanais eile | 9.2 | 25,947 | 24,482 |
Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro | 10 | 26,846 | 39,859 |
Dliteanais in-Eurochórais | 11 | 354,060 | 388,676 |
Dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha | 11.1 | 40,562 | 40,562 |
Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan) | 11.2 | 313,491 | 348,074 |
Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan) | 11.3 | 8 | 40 |
Dliteanais eile | 12 | 4,745 | 7,615 |
Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe | 12.1 | 0 | - |
Fabhruithe agus ioncam a bailíodh roimh ré | 12.2 | 3,661 | 6,288 |
Ilghnéitheach | 12.3 | 1,084 | 1,327 |
Soláthairtí | 13 | 84 | 72 |
Soláthairtí eile | 13.1 | 84 | 72 |
Cuntais athluachála | 14 | 63,068 | 50,653 |
Caipiteal agus cúlchistí | 15 | 8,925 | 8,925 |
Caipiteal | 15.1 | 8,925 | 8,925 |
Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh | 16 | (9,210) | (1,266) |
Brabús/(caillteanas) don bhliain | (1,254) | (7,944) | |
Iomlán na ndliteanas | 603,339 | 640,600 |
2.2 Cuntas brabúis agus caillteanais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2025
(EUR milliúin)
Nóta | 2025 | 2024 | |
|---|---|---|---|
Glanioncam úis/(glanspeansas úis) | 22 | (178) | (6,983) |
Ioncam úis | 39,328 | 66,898 | |
Speansas úis | (39,507) | (73,881) | |
Glantoradh na n-oibríochtaí airgeadais agus na ndíluachálacha | (497) | (286) | |
Gnóthachain/(caillteanais) réadaithe ag eascairt as oibríochtaí airgeadais | 23 | 950 | (17) |
Díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais | 24 | (1,446) | (269) |
Glanioncam/(glanspeansas) ó tháillí agus ó choimisiúin | 25 | 700 | 674 |
Ioncam ó ionstraimí cothromais agus ó leasanna rannpháirteachais | 26 | 14 | 1 |
Ioncam eile | 27 | 135 | 119 |
Costais foirne | 28 | (809) | (844) |
Speansais riaracháin | 29 | (516) | (513) |
Dímheas sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe | (94) | (104) | |
Seirbhís táirgthe nótaí bainc | 30 | (8) | (9) |
Brabús/(caillteanas) roimh an aistriú (chuig)/ó sholáthairtí in aghaidh riosca | (1,254) | (7,944) | |
Aistriú (chuig)/ó sholáthairtí in aghaidh riosca | 31 | - | - |
Brabús/(caillteanas) don bhliain | (1,254) | (7,944) |
Frankfurt am Main, 17 Feabhra 2026
An Banc Ceannais Eorpach
Christine Lagarde
Uachtarán
2.3 Beartais chuntasaíochta
Ábhar agus cur i láthair na ráiteas airgeadais
Tarraingíodh suas ráitis airgeadais BCE i gcomhréir leis na beartais chuntasaíochta seo[35] a leanas; is léargas cothrom iad, dar le Comhairle Rialaithe BCE, ar na ráitis airgeadais, agus is léiriú cothrom iad freisin ar chineál na ngníomhaíochtaí bainc ceannais.
Prionsabail chuntasaíochta
Cuireadh na prionsabail chuntasaíochta seo a leanas i bhfeidhm: réaltacht eacnamaíoch agus trédhearcacht, stuamacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus inchomparáideacht, gnóthas leantach, prionsabal na bhfabhruithe agus aithint teagmhas tar éis an chláir comhardaithe.
Aithint sócmhainní agus dliteanas
Ní aithnítear sócmhainn ná dliteanas sa chlár comhardaithe ach nuair is dócha go sreabhfaidh aon sochar eacnamaíoch bainteach chuig BCE nó uaidh, gur aistríodh bunáite mór na rioscaí agus na luaíochtaí gaolmhara chuig BCE, agus gur féidir costas nó luach na sócmhainne nó méid na hoibleagáide a thomhas go hiontaofa.
Bonn na cuntasaíochta
Ullmhaíodh na cuntais ar bhonn costais stairiúil, arna mhodhnú chun luacháil margaidh urrús indíolta (seachas urrúis fiachais a choinnítear faoi láthair chun críocha an bheartais airgeadaíochta), ór agus gach sócmhainn agus dliteanas a ainmnítear in airgeadra eachtrach ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe a chur san áireamh.
Léirítear idirbhearta sócmhainní airgeadais agus idirbhearta dliteanas airgeadais sna cuntais de réir an dáta ar socraíodh iad.
Cé is moite de spot-idirbhearta urrús, déantar idirbhearta in ionstraimí airgeadais arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe ar an dáta trádála. Ar dháta na socraíochta, déantar na hiontrálacha lasmuigh den chlár comhardaithe a aisiompú agus déantar idirbhearta a iontráil ar an gclár comhardaithe. Déanann ceannacháin agus díolacháin airgeadra eachtraigh difear don ghlansuíomh airgeadra eachtraigh ar an dáta trádála, agus déantar torthaí réadaithe a eascraíonn as díolacháin a ríomh ar an dáta sin freisin. Déantar ús fabhraithe, préimheanna agus lascainí a bhaineann le hionstraimí airgeadais arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach a ríomh agus a thaifeadadh go laethúil, agus déantar difear don suíomh airgeadra eachtraigh go laethúil leis na fabhruithe sin freisin.
Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh
Déantar sócmhainní agus dliteanais arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach a thiontú chuig euro ag an ráta malairte a bhíonn i réim ar dháta an chláir comhardaithe. Déantar ioncam agus speansais a thiontú ag an ráta malairte bhíonn i réim ar an dáta taifeadta. Déantar athluacháil sócmhainní malairte agus dliteanais eachtracha, lena n-áirítear ionstraimí ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe, ar bhonn ‘airgeadra ar airgeadra’.
Caitear le hathluacháil go dtí an praghas margaidh le haghaidh sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach ar leithligh ón athluacháil ráta malairte.
Déantar ór a luacháil ag an bpraghas margaidh atá i réim ag dáta an chláir comhardaithe. Ní dhéantar aon idirdhealú idir an praghas agus difríochtaí athluachála airgeadra don ór. Ina ionad sin, cuirtear luacháil óir aonair san áireamh ar bhonn an phraghais in euro in aghaidh an unsa troí óir, praghas a dhíorthaítear, don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2025, ó ráta malairte an euro in aghaidh dhollar na Stát Aontaithe an 31 Nollaig 2025.
Déantar an ceart tarraingthe speisialta (CTS) a shainmhíniú i dtéarmaí ciseán airgeadraí agus cinntear a luach le suim ualaithe rátaí malairte cúig mhór-airgeadra (dollar SAM, an euro, renminbi na Síne, yen na Seapáine agus an punt steirling). Rinneadh na sealúchais CTSanna a bhí ag BCE a chomhshó go euro trí úsáid a bhaint as ráta malairte an euro i gcoinne CTS mar a bhí amhlaidh an 31 Nollaig 2025.
Urrúis
Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta
Tugtar cuntas ar urrúis fiachais a shealbhaítear faoi láthair chun críocha an bheartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir bearnú.
Urrúis eile
Déantar urrúis indíolta (seachas urrúis fiachais arna sealbhú faoi láthair chun críocha an bheartais airgeadaíochta) agus sócmhainní comhchosúla a luacháil ag praghsanna meánmhargaidh nó ar bhonn na gcuar toraidh ábhartha atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe, ar bhonn ‘urrús ar urrús’. Ní dhéantar roghanna a leabaítear in urrúis a scaradh chun críocha luachála. Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2025, úsáideadh praghsanna meánmhargaidh an 30 Nollaig 2025.
Déantar cistí infheistíochta indíolta a athluacháil ar ghlanbhonn ag leibhéal ciste, trí úsáid a bhaint as a nglanluacha sócmhainne. Ní chuirtear aon ghlanluacháil i bhfeidhm idir gnóthachain neamhréadaithe agus caillteanais i gcistí infheistíochta éagsúla.
Déantar scaireanna cothromais neamhleachtacha agus aon ionstraim chothromais eile arna sealbhú mar infheistíochtaí buana a luacháil ag costas, faoi réir bearnú.
Aithint ioncaim
Aithnítear ioncam agus speansais sa tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar iad a thuilleamh nó a thabhú.[36] Déantar gnóthachain agus caillteanais ar toradh iad ar dhíolachán airgeadra eachtraigh, óir agus urrús a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais. Déantar gnóthachain agus caillteanais den sórt sin a ríomh trí thagairt do mheánchostas na sócmhainne faoi seach.
Ní aithnítear gnóthachain neamhréadaithe mar ioncam; ina ionad sin aistrítear iad go díreach go cuntas athluachála.
Déantar caillteanais neamhréadaithe a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais, ag deireadh na bliana, má sháraíonn siad gnóthachain athluachála roimhe sin a carnadh sa chuntas athluachála comhfhreagrach. Ní dhéantar caillteanais neamhréadaithe den sórt sin in aon urrús nó airgeadra amháin nó i sealúchais óir a ghlanluacháil in aghaidh gnóthachain neamhréadaithe in urrúis, airgeadraí nó ór eile. I gcás ina ndéantar caillteanais neamhréadaithe den sórt sin in aon mhír a thaifeadtar sa chuntas brabúis agus caillteanais, laghdaítear meánchostas na míre sin go dtí an ráta malairte nó an margadhphraghas deireadh bliana.
Taifeadtar caillteanais bhearnúcháin sa chuntas brabúis agus caillteanais agus ní aisiompaítear iad sna blianta ina dhiaidh sin ach amháin i gcás ina laghdaíonn an bearnú agus inar féidir an laghdú a chur i leith teagmhas inbhraite a tharla tar éis an bearnú a thaifeadadh den chéad uair.
Déantar préimheanna nó lascainí a eascraíonn as urrúis a amúchadh i gcaitheamh a bhfuil fágtha de shaolré chonarthach na n-urrús.
Idirbhearta droim ar ais
Is oibríochtaí iad idirbhearta droim ar ais trína gceannaíonn nó trína ndíolann BCE sócmhainní faoi chomhaontú athcheannaigh.
Faoi chomhaontú athcheannaigh, díoltar urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a athcheannach ón gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh a thaifeadadh mar thaiscí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe. Fanann urrúis a dhíoltar faoi chomhaontú den sórt sin ar chlár comhardaithe BCE.
Faoi chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, ceannaítear urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a dhíol ar ais leis an gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a thaifeadadh mar iasachtaí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe, ach ní chuirtear san áireamh iad i sealúchais urrúis BCE.
Ní dhéantar idirbhearta aisiompaithe (lena n-áirítear idirbhearta iasachta urrús) a dhéantar faoi chlár arna thairiscint ag institiúidí speisialaithe a thaifeadadh sa chlár comhardaithe ach amháin i gcás inar soláthraíodh comhthaobhacht i bhfoirm airgead tirim agus ina bhfuil an t-airgead tirim sin fós gan infheistiú.
Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe
Ionstraimí airgeadra, lena gcuimsítear réamh-idirbhearta malairte eachtraí, céimeanna réamhcheaptha de bhabhtálacha malairte eachtraí agus ionstraimí airgeadra eile lena mbaineann malartú airgeadra amháin ar airgeadra eile ar dháta sa todhchaí, áirítear iad sa ghlansuíomh airgeadra eachtraigh chun críche an meánchostas agus gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí a ríomh.
Déantar ionstraimí ráta úis a athluacháil ar bhonn mír ar mhír. Déantar athruithe laethúla ar chorrlach athrúcháin na gconarthaí todhchaíochtaí ráta úis oscailte a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais.
Déantar réamh-idirbhearta urrús a luacháil de réir modhanna luachála a nglactar leo go ginearálta agus úsáid á baint as praghsanna agus rátaí margaidh inbhraite, chomh maith le fachtóirí lascaine ó na dátaí socraíochta go dtí an dáta luachála.
Sócmhainní seasta
Déantar sócmhainní seasta, lena n-áirítear sócmhainní doláimhsithe, ach gan talamh agus saothair ealaíne a chur san áireamh, a luacháil ag costas lúide dímheas. Déantar talamh agus saothair ealaíne a luacháil ag costas. Déantar príomhfhoirgneamh BCE a luacháil ag costas lúide dímheas faoi réir bearnú. Maidir le dímheas phríomhfhoirgneamh BCE, sanntar costais do na comhpháirteanna sócmhainní iomchuí, a dhímheastar i gcomhréir lena saolréanna úsáideacha measta. Déantar dímheas a ríomh ar bhonn líne dírí thar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne, ag tosú sa ráithe tar éis don tsócmhainn a bheith ar fáil le húsáid. Is iad seo a leanas saolréanna úsáide ionchasacha na bpríomhaicmí sócmhainní:
Foirgnimh | 20, 25 nó 50 bliain |
Gléasra san fhoirgneamh | 10 nó 15 bliana |
Crua-earraí agus bogearraí TF | 4 bliana |
Trealamh teicniúil | 4, 10 nó 15 bliana |
Troscán | 10 mbliana |
Mótarfheithiclí | 4 bliana |
Déantar an tréimhse dhímheasa le haghaidh caiteachas ar athchóiriú caipitlithe a bhaineann le háitreabh reatha BCE ar cíos a choigeartú chun aon imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne dá ndéantar difear a chur san áireamh.
Déanann BCE tástáil bhliantúil bhearnúcháin ar a phríomhfhoirgneamh agus ar a phríomhshócmhainní lena ngabhann ceart úsáide i dtaca le foirgnimh oifige (féach “Léasanna” thíos). Má thagtar ar tháscaire bearnúcháin, agus má mheastar go bhféadfadh an tsócmhainn a bheith bearnaithe, déantar meastachán ar an méid atá in-aisghabhála. Déantar caillteanas bearnúcháin a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais má tá an méid atá in-aisghabhála níos lú ná an glanluach de réir na leabhar.
Díscríobhtar sócmhainní seasta a bhfuil a gcostas faoi bhun €10,000 i mbliain na héadála.
Déantar sócmhainní seasta a chomhlíonann na critéir chaipitlithe, ach atá fós á dtógáil nó i mbéal forbartha, a thaifeadadh faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”. Déantar na costais ghaolmhara a aistriú go dtí na ceannteidil sócmhainní seasta ábhartha nuair a bhíonn na sócmhainní réidh le húsáid.
Léasanna
Gníomhaíonn BCE mar léasaí agus mar fholéasóir araon.
BCE mar léasaí
Maidir le gach léas inar léasaí é BCE agus lena mbaineann sócmhainn inláimhsithe, aithnítear an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus dliteanas léasa ar an gclár comhardaithe ar dháta tosaithe an léasa, i.e. ach a mbíonn an tsócmhainn réidh le húsáid, agus a áirítear faoi na ceannteidil ábhartha sócmhainne seasta in “Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe” agus “Ilghnéitheach” (dliteanais), faoi seach. Nuair a chomhlíonann léasanna na critéir chaipitlithe, ach tá an tsócmhainn ábhartha fós á tógáil nó á hathrú, déantar taifead ar na costais a tabhaíodh roimh an dáta tosaigh léasa faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”.
Déanta sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a luacháil ag costas lúide dímheas. Chomh maith leis sin, tá sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige faoi réir bearnú (maidir leis an tástáil bhliantúil bhearnúcháin, féach “Sócmhainní seasta” thuas). Ríomhtar dímheas ar bhonn líne dírí ó dháta tosaithe an léasa go dtí deireadh shaolré úsáide na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide nó deireadh théarma an léasa, cibé acu is túisce.
Déantar an dliteanas léasa a thomhas ar dtús ag luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa amach anseo (nach bhfuil iontu ach comhpháirteanna léasa), arna lascainiú ag úsáid ráta iasachta incriminteach BCE. Ina dhiaidh sin, déantar an dliteanas léasa a thomhas ag costas amúchta trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain. Taifeadtar an speansas úis gaolmhar faoi “Speansas úis” sa chuntas brabúis agus caillteanais. Nuair a thagann athrú ar íocaíochtaí léasa amach anseo de thoradh athrú ar innéacs nó athmheasúnú eile ar an gconradh atá ann cheana, déantar dliteanas an léasa a atomhas. De thoradh aon atomhas den sórt sin déantar coigeartú comhfhreagrach ar shuim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide.
Déantar léasanna gearrthéarma a mhaireann 12 mhí nó níos lú agus léasanna sócmhainní ar luach íseal faoi bhun €10,000 (comhsheasmhach leis an tairseach a úsáidtear chun sócmhainní seasta a aithint) a thaifeadadh mar speansas sa chuntas brabúis agus caillteanais.
BCE mar fholéasóir
Maidir le gach léas inar foléasóir é BCE, tugann BCE do thríú páirtithe an ceart an bhunsócmhainn (nó cuid de shócmhainn den sórt sin) a úsáid, fad a mhaireann an léas idir an léasóir bunaidh agus BCE (ceannléas) i bhfeidhm. Aicmítear an foléas mar léas airgeadais nó oibriúcháin[37] trí thagairt don tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a eascraíonn as an gceannléas, seachas trí thagairt don bhunsócmhainn.
Aicmítear na foléasanna a bhfuil BCE ina fholéasóir dóibh mar léas airgeadais. I gcás léasanna den sórt sin, dí-aithníonn BCE ó “Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe” an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann leis an gceannléas (nó cuid de tsócmhainn sin) a aistrítear chuig an bhfoléasaí agus aithníonn sé foléas infhála faoi “Ilghnéitheach” (sócmhainní). An dliteanas léasa a bhaineann leis an gceannléas, ní dhéanann an foléas aon difear dó.
Ag an dáta tosaithe, déantar an foléas infhála a thomhas i dtosach ag luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa amach anseo a fhabhróidh do BCE, arna lascainiú leis an ráta lascaine a úsáidtear le haghaidh an cheannléasa. Ina dhiaidh sin, déantar an foléas infhála a thomhas ag costas amúchta trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain. Taifeadtar an t-ioncam úis gaolmhar faoi “Ioncam úis” sa chuntas brabúis agus caillteanais.
Sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile
Achoimre ar na socruithe
Oibríonn BCE pleananna sochair shainithe dá fhoireann agus do chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, agus do na comhaltaí siúd den Bhord Maoirseachta atá fostaithe ag BCE.
Tá an plean pinsin foirne á mhaoiniú ag sócmhainní atá á sealbhú i gciste sochar fadtéarmach d’fhostaithe. Is éard atá i gceist leis sin colún sochair shainithe agus colún ranníocaíochta sainithe. Déanann BCE agus baill foirne araon ranníocaíochtaí éigeantacha le colún sochair shainithe an phlean. Is féidir le baill foirne ranníocaíochtaí deonacha breise a dhéanamh le colún ranníocaíochta sainithe. Nuair a théann siad ar scor, is féidir le baill foirne luach carntha a gcuntais ranníocaíochtaí sainithe a thiontú ina bhlianacht bhreise.[38]
I gcás chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta atá fostaithe ag BCE, tá socruithe neamhchistithe i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile (lena n-áirítear pinsin). Maidir le baill foirne, tá socruithe neamhchistithe i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile (seachas pinsin).
Glandliteanas sochair shainithe
Is ionann an dliteanas a aithnítear faoi “Ilghnéitheach” (dliteanais) sa chlár comhardaithe i leith na bpleananna sochair shainithe, lena n-áirítear sochair fhadtéarmacha eile, agus luach láithreach na hoibleagáide sochair shainithe ar dháta an chláir comhardaithe, lúide luach cóir na sócmhainní plean.
Ríomhann achtúirí neamhspleácha luach láithreach na hoibleagáide sochar sainithe gach bliain trí úsáid a bhaint as modh na n-aonad réamh-mheasta creidmheasa. Déantar é sin trí na sreafaí airgid todhchaí measta a lascainiú ag úsáid ráta atá bunaithe ar thorthaí margaidh ar dháta an chláir comhardaithe bannaí corparáideacha ardcháilíochta arna n-ainmniú in euro lena ngabhann téarmaí atá comhchosúil le haibíocht na hoibleagáide gaolmhaire.
Is féidir le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha eascairt as coigeartuithe taithí (i gcás ina bhfuil na torthaí iarbhír éagsúil leis na toimhdí achtúireacha a rinneadh roimhe sin) agus as athruithe sna toimhdí achtúireacha.
Glanchostas sochair shainithe
Tá an glanchostas sochair shainithe scoilte i gcomhpháirteanna a thuairiscítear sa chuntas brabúis agus caillteanais agus atomhais i dtaca le sochair iarfhostaíochta a léirítear sa chlár comhardaithe faoi “Cuntais athluachála”.
Is é atá sa ghlanmhéid a muirearaíodh ar an gcuntas brabúis agus caillteanais:
- costas seirbhíse reatha na sochar sainithe a fhabhraítear don bhliain;
- costas seirbhíse roimhe seo na sochar sainithe a eascraíonn as leasú plean;
- an glanchostas úis ag an ráta lascaine ar an nglandliteanas sochair shainithe;
- atomhais maidir le sochair fhadtéarmacha eile.
Is é atá sa ghlanmhéid a thaispeántar faoi “Cuntais athluachála” na míreanna seo a leanas:
- gnóthachain agus caillteanais achtúireacha i leith sochair iarfhostaíochta;
- an toradh iarbhír ar shócmhainní plean, gan méideanna a áirítear san ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe.
Déanann achtúirí neamhspleácha na méideanna sin a chinneadh gach bliain.
Iarmhéideanna in-CEBC/in-Eurochórais
Bíonn iarmhéideanna in-CEBC ann go príomha de thoradh íocaíochtaí trasteorann san Aontas Eorpach (AE) a shocraítear in airgead bainc ceannais in euro. Den chuid is mó is eintitis phríobháideacha (i.e. institiúidí creidmheasa, corparáidí agus daoine aonair) a thionscnaíonn na hidirbhearta seo. Socraítear iad in TARGET – an tUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach – agus bíonn iarmhéideanna déthaobhacha ann dá mbarr i gcuntais TARGET de bhainc cheannais an Aontais Eorpaigh. Íocaíochtaí a dhéanann BCE agus na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna), déanann siad difear do na cuntais sin freisin. Déantar gach socrú a chomhiomlánú agus a choigeartú go huathoibríoch chun bheith ina gcuid de sheasamh aonair gach BCN maidir le BCE. Is ionann na staideanna seo i leabhair BCE agus glanéileamh nó glandliteanas gach BCN i gcoinne na coda eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Na gluaiseachtaí i gcuntais TARGET, léirítear iad i dtaifid chuntasaíochta BCE agus BCNanna ar bhonn laethúil.
Déantar iarmhéideanna laistigh den Eurochóras de BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE a eascraíonn as TARGET a thíolacadh ar chlár comhardaithe BCE mar ghlansuíomh aonair sócmhainní nó dliteanas faoi “Éilimh a bhaineann le TARGET (glan)” nó “Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)”. Nochtar iarmhéideanna in-CEBC na BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro vis-à-vis BCE, ag eascairt as a rannpháirtíocht in TARGET, faoi “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”.[39]
Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as leithroinnt nótaí euro laistigh den Eurochóras san áireamh mar ghlansócmhainn aonair faoi “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” thíos).
Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as aistriú sócmhainní cúlchistí eachtracha go dtí BCE ag BCNanna ag dul isteach san Eurochóras ainmnithe in euro agus tuairiscítear iad faoi “Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha”.
Déantar iarmhéideanna laistigh den Eurochóras de chuid BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE a eascraíonn as TARGET, chomh maith le hiarmhéideanna laistigh den Eurochóras a ainmnítear in euro (e.g. dáileadh eatramhach brabúis BCE ar BCNanna, más ann dóibh), a thíolacadh ar chlár comhardaithe BCE mar ghlansuíomh aonair sócmhainní nó dliteanas faoi “Éilimh eile laistigh den Eurochóras (glan)” nó faoi “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”.
Nótaí bainc i gcúrsaíocht
Eisíonn BCE agus BCNanna an limistéir euro, arb iad le chéile an tEurochóras, nótaí bainc euro.[40] Leithdháiltear luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht do bhainc ceannais an Eurochórais ar an lá oibre deireanach de gach mí de réir an scála leithdháilte nótaí bainc.[41]
Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht a nochtar sa chlár comhardaithe faoin mír dliteanais “Nótaí bainc i gcúrsaíocht”. Tá éilimh ar na BCNanna mar thaca le sciar BCE d’iomlán na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht. Nochtar na héilimh sin, a bhfuil ús orthu,[42] faoin mír “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/in-Eurochórais” thuas). Áirítear ioncam úis ar na héilimh sin sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Ioncam úis”.
Soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais
Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh freisin an t‑ioncam sin ina iomláine nó cuid de a aistriú chuig soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais. Is é is cuspóir don soláthar seo ná go n-úsáidfear é a mhéid a mheasann an Chomhairle Rialaithe gá a bheith leis chun caillteanais a eascraíonn as neamhchosaintí ar rioscaí airgeadais a fhritháireamh. Déantar athbhreithniú bliantúil ar mhéid an tsoláthair in aghaidh rioscaí airgeadais agus ar an gceanglas leanúnach ina leith, bunaithe ar mheasúnú BCE ar a neamhchosaint ar na rioscaí sin agus raon fachtóirí á gcur san áireamh, ach amháin más ionann a mhéid agus nialas agus, ag an am céanna, nach bhfuil aon ioncam ó BCE le haistriú chuige.[43]
Dáileadh eatramhach brabúis
Méid atá comhionann le suim ioncam BCE ar nótaí bainc euro i gcúrsaíocht agus ioncam a eascraíonn as na hurrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta a cheannaítear (i) faoin gClár Margaí Urrús, (ii) faoin tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach, (iii) faoin gclár ceannaigh urrús sócmhainnbhunaithe, (iv) faoin gclár ceannaigh earnála poiblí, agus (v) faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime a dháilfear i mí Eanáir na bliana ina dhiaidh sin trí bhíthin dáileadh eatramhach brabúis, ach amháin má chinneann an Chomhairle Rialaithe a mhalairt.[44] Glacfar aon chinneadh den sórt sin más rud é, ar bhonn meastacháin réasúnaithe arna ullmhú ag an mBord Feidhmiúcháin, go bhfuil an Chomhairle Rialaithe ag súil go mbeidh caillteanas bliantúil foriomlán ag BCE nó go ndéanfaidh sé brabús bliantúil is lú ná an t‑ioncam sin. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh freisin an t‑ioncam sin ina iomláine nó cuid de a aistriú chuig soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais (féach “Soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais” thuas).
Thairis sin, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh méid an ioncaim ar nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht a laghdú, ar ioncam é a bheidh le dáileadh i mí Eanáir faoi mhéid na gcostas arna dtabhú ag BCE i dtaca le nótaí bainc euro a eisiúint agus a láimhseáil.
Teagmhais tar éis dháta an chláir comhardaithe
Déantar luachanna sócmhainní agus dliteanas a choigeartú le haghaidh imeachtaí a tharlaíonn idir dáta an chláir comhardaithe bhliantúil agus an dáta a cheadaíonn an Bord Feidhmiúcháin cur isteach Chuntais Bhliantúla BCE chuig an gComhairle Rialaithe le faomhadh, má dhéanann imeachtaí mar seo difear ábhartha do riocht sócmhainní nó dliteanas ar dháta an chláir comhardaithe.
Sna nótaí nochtar teagmhais a tharla tar éis dháta an chláir comhardaithe nach ndéanann difear don riocht ina raibh na sócmhainní agus na dliteanais ar dháta an chláir comhardaithe.
Athruithe ar bheartais chuntasaíochta
In 2025 ní dhearnadh aon athrú ar na beartais chuntasaíochta a chuir BCE i bhfeidhm.
Saincheisteanna eile
An 13 Márta 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe ar athruithe ar an gcreat oibríochtúil chun an beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme.[45] Sa chomhthéacs céanna, chinn an Chomhairle Rialaithe freisin go mbeadh, ón 1 Eanáir 2025, an ráta úis a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an tsaoráid taisce a thairgeann an tEurochóras mar bhonn chun íocaíocht a dhéanamh i leith (i) éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras, (ii) iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/chuig BCNanna, agus (iii) dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha. Go deireadh na bliana 2024, ba é an bonn a bhí le híocaíocht den sórt sin an ráta úis a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin.
Iniúchóir seachtrach a cheapadh
I gcomhréir le hAirteagal 27 de Reacht CEBC, agus ar bhonn moladh ón gComhairle Rialaithe, d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh ceapachán Forvis Mazars GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft Steuerberatungsgesellschaft, Hamburg (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) mar iniúchóir seachtrach BCE ar feadh tréimhse cúig bliana go deireadh na bliana airgeadais 2029. Féadfar síneadh suas le dhá bhliain airgeadais bhreise a chur leis an tréimhse cúig bliana sin.
2.4 Nótaí a ghabhann leis an gclár comhardaithe
Nóta 1 – Ór agus infháltais óir
Ba iad seo a leanas sealúchais óir BCE:
2025 | 2024 | |
|---|---|---|
Cainníocht | ||
Unsaí d’ór mín1 | 16,285,778 | 16,285,778 |
Praghas | ||
Dollar na Stát Aontaithe in aghaidh an unsa troí óir | 4,311.200 | 2,608.750 |
Dollar SAM in aghaidh an euro | 1.1750 | 1.0389 |
Margadhluach (EUR milliúin) | 59,754 | 40,895 |
1) Comhfhreagraíonn sé sin do 506.5 tona le haghaidh 2025 agus 2024 araon.
Ba é an t‑ardú ar mhargadhphraghas an óir i dtéarmaí euro ba chúis leis an méadú a tháinig ar an luach coibhéiseach in euro a bhí ar shealúchais óir BCE (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 14 “Cuntais athluachála”).
Nóta 2 – Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro agus ar chónaitheoirí sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach
Nóta 2.1 – Infháltais ó CAI
Is léiriú í an mhír seo ar na cearta tarraingthe speisialta (CTSanna) atá mar shealúchais ag BCE, dar luach €1,772 mhilliún an 31 Nollaig 2025 (2024: €2,227 milliún). Tagann na sealúchais chun cinn mar thoradh ar shocrú trádála deonach ceannaigh agus díola CTS dhá threo leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), trína n-údaraítear do CAI díolacháin nó ceannacháin CTSanna in aghaidh an euro a shocrú, thar ceann BCE, laistigh d’íosleibhéil agus d’uasleibhéil sealúchas. Chun críocha cuntasaíochta, caitear le cearta tarraingthe speisialta mar airgeadra eachtrach (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). Tháinig laghdú ar na sealúchais CTSanna a bhí ag BCE in 2025 go príomha mar thoradh ar idirbhearta a rinneadh i gcomhthéacs an chomhaontaithe dheonaigh trádála a luaitear thuas. Thairis sin, chuir dímheas CTS in aghaidh an euro le linn 2025 leis an laghdú ar luach coibhéiseach euro na sealúchas sin.
Nóta 2.2 – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach
Tá iarmhéideanna i gceist leis an dá mhír le bainc agus iasachtaí a ainmnítear in airgeadra eachtrach, agus infheistíochtaí in urrúis a ainmnítear i ndollar SAM, i yen na Seapáine agus i renminbi na Síne.
Is mar seo a leanas a bhí comhpháirteanna na míre sin:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro | |||
Cuntais reatha1 | 4,685 | 3,809 | 876 |
Taiscí margaí airgid | 1,384 | 737 | 647 |
Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais | 1,777 | 3,209 | (1,432) |
Infheistíochtaí urrús | 45,146 | 48,135 | (2,989) |
Éilimh iomlána ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro | 52,992 | 55,890 | (2,899) |
Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro | |||
Cuntais reatha | 25 | 17 | 8 |
Taiscí margaí airgid | 670 | 1,464 | (794) |
Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais | 1,541 | 2,613 | (1,072) |
Na héilimh iomlána ar chónaitheoirí an limistéir euro | 2,236 | 4,094 | (1,858) |
Iomlán | 55,228 | 59,985 | (4,757) |
1) Ó 2025 ar aghaidh, cuireann BCE infheistiú thar oíche iarmhéideanna airgid i láthair faoi “Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais” más cuid de chomhthiomsú athcheannaigh iad na cistí sin. Rinneadh na hiarmhéideanna gaolmhara dar luach €2,968 milliún ag deireadh 2024 a athaicmiú ó “Cuntais reatha” go “Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais” dá réir sin.
Tháinig laghdú ar luach iomlán na míreanna sin in 2025, go príomha mar gheall ar dhímheas dhollar na Stát Aontaithe agus yen na Seapáine in aghaidh an euro. Rinneadh an laghdú sin a fhritháireamh go páirteach, go príomha leis an ioncam a tuilleadh le linn na bliana ar phunann dhollar na Stát Aontaithe.
Is mar seo a leanas a bhí na glansealúchais airgeadra eachtraigh[46]:
(airgeadra eachtrach, milliúin)
2025 | 2024 | |
|---|---|---|
Dollar SAM | 53,316 | 55,047 |
Yen na Seapáine | 1,715,294 | 1,087,826 |
Renminbi na Síne | 4,802 | 4,694 |
Le linn na chéad ráithe de 2025, dhíol BCE cuid bheag dá shealúchais i ndollar na Stát Aontaithe agus rinne sé na fáltais a athinfheistiú go hiomlán i yen na Seapáine. Ba chuid é sin d’athchothromú caighdeánach ar chomhdhéanamh a chúlchistí eachtracha chun go mbeadh sé i gcomhréir leis an sprioc-leithdháileadh.
Níor tharla aon idirghabháil airgeadraí eachtracha le linn 2025.
Nóta 3 – Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro
An 31 Nollaig 2025, is éard a bhí sa mhír seo iarmhéideanna cuntais reatha le cónaitheoirí sa limistéar euro dar luach €1 mhilliún (2024: €2 mhilliún).
Nóta 4 – Urrúis de chuid cónaitheoirí sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro
Nóta 4.1 – Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta
An 31 Nollaig 2025, is éard a bhí sa mhír sin urrúis arna bhfáil ag BCE laistigh de raon feidhme an Chláir Margaí Urrús (SMP), an tríú clár ceannaithe bannaí faoi chumhdach (CBPP3), an chláir ceannaithe urrús sócmhainnbhunaithe (ABSPP), chlár ceannaithe na hearnála poiblí (PSPP) agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP).
Dáta tosaigh | Dáta deiridh1 | Breith | Réimse na n-urrús incháilithe2 | |
|---|---|---|---|---|
An Clár um Margaí Urrús (SMP) | ||||
SMP | Bealtaine 2010 | Meán Fómhair 2012 | BCE/2010/5 | Urrúis fiachais phríobháideacha agus phoiblí a eisítear sa limistéar euro3 |
An Clár Ceannaithe Sócmhainní (APP) | ||||
CBPP3 | Deireadh Fómhair 2014 | Meitheamh 2023 | BCE/2020/8, arna leasú | Bannaí faoi chumhdach de chuid chónaitheoirí an limistéir euro |
ABSPP | Samhain 2014 | Meitheamh 2023 | BCE/2014/45, arna leasú | Tráinsí mezzanine sinsearacha agus ráthaithe d’urrúis shócmhainnbhunaithe de chuid cónaitheoirí sa limistéar euro |
PSPP | Márta 2015 | Meitheamh 2023 | BCE/2020/9 | Bannaí arna n‑eisiúint ag rialtais láir, réigiúnacha nó áitiúla nó ag gníomhaireachtaí aitheanta sa limistéar euro chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus bainc forbartha iltaobhacha lonnaithe sa limistéar euro |
CSPP4 | Meitheamh 2016 | Meitheamh 2023 | BCE/2016/16, arna leasú | Bannaí agus páipéar tráchtála arna n-eisiúint ag institiúidí airgeadais neamhbhainc bunaithe sa limistéar euro |
An clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP) | ||||
PEPP | Márta 2020 | Nollaig 2024 | BCE/2020/17, arna leasú | Na catagóirí ar fad atá incháilithe faoi APP |
1) I gcás SMP, ciallaíonn “Dáta deiridh” dáta foirceanta an chláir, agus i gcás APP agus PEPP seasann sé do dháta deiridh na gceannachán.
2) Tá critéir incháilitheachta bhreise le haghaidh na gclár sonrach le fáil i gcinntí na Comhairle Rialaithe.
3) Níor ceannaíodh faoi SMP ach urrúis fiachais phoiblí arna n‑eisiúint ag cúig státchiste sa limistéar euro.
4) Ní bhfuair BCE aon urrúis faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (CSPP).
In 2025 lean punanna an chláir ceannaithe sócmhainní (APP)[47] agus an chláir ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (PEPP)[48] ag laghdú de réir ráta tomhaiste intuartha, toisc nach ndearna an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis a bhí ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.
Tugtar cuntas ar na hurrúis fiachais arna gceannach ag BCE faoi na cláir sin ar chostas amúchta, faoi réir bearnú (féach “Urrúis” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).
Is iad seo a leanas costais amúchta na n‑urrús arna sealbhú ag BCE agus a margadhluach[49] (nach ndéantar taifead orthu ar an gclár comhardaithe ná ar an gcuntas brabúis agus caillteanais agus a sholáthraítear ar chúiseanna comparáide amháin):
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | ||||
|---|---|---|---|---|---|---|
Costas | Margadhluach | Costas | Margadhluach | Costas | Margadhluach | |
SMP | 185 | 190 | 286 | 298 | (101) | (108) |
APP | ||||||
CBPP3 | 17,326 | 15,953 | 20,437 | 18,844 | (3,111) | (2,891) |
ABSPP | 3,038 | 3,006 | 7,047 | 6,979 | (4,010) | (3,973) |
PSPP – urrúis rialtais/gníomhaireachta | 166,126 | 149,387 | 192,664 | 175,885 | (26,539) | (26,498) |
APP Iomlán | 186,490 | 168,345 | 220,149 | 201,708 | (33,659) | (33,362) |
PEPP | ||||||
PEPP – bannaí faoi chumhdach | 786 | 710 | 867 | 781 | (80) | (71) |
PEPP – urrúis rialtais/gníomhaireachta | 137,804 | 121,407 | 155,480 | 138,927 | (17,676) | (17,520) |
PEPP Iomlán | 138,590 | 122,118 | 156,347 | 139,709 | (17,756) | (17,591) |
Iomlán | 325,265 | 290,653 | 376,781 | 341,714 | (51,516) | (51,061) |
Ba iad seo a leanas na hathruithe i rith na bliana ar chostas amúchta na n-urrús fiachais a bhí i seilbh BCE:
(EUR milliúin)
2024 | Ceannacháin1 | Fuascailtí | Glanlascaine/ | 2025 | |
|---|---|---|---|---|---|
SMP | 286 | - | (105) | 4 | 185 |
APP | |||||
CBPP3 | 20,437 | - | (3,102) | (9) | 17,326 |
ABSPP | 7,047 | - | (3,978) | (32) | 3,038 |
PSPP – urrúis rialtais/gníomhaireachta | 192,664 | (102) | (25,328) | (1,108) | 166,126 |
APP Iomlán | 220,149 | (102) | (32,408) | (1,149) | 186,490 |
PEPP | |||||
PEPP – bannaí faoi chumhdach | 867 | - | (81) | 1 | 786 |
PEPP – urrúis rialtais/gníomhaireachta | 155,480 | - | (16,545) | (1,131) | 137,804 |
PEPP Iomlán | 156,347 | - | (16,626) | (1,131) | 138,590 |
Iomlán | 376,781 | (102) | (49,139) | (2,275) | 325,265 |
1) I gcás APP, tar éis scor d’athinfheistíochtaí, d’fhéadfadh sé go léireofaí sa cholún seo méideanna diúltacha a eascraíonn as díolacháin urrús a dhéantar go príomha chun comhlíonadh an chreata rialaithe riosca a áirithiú.
2) San áireamh le “glanlascaine/ (glanbhiseach)” tá glanghnóthachain/(caillteanais) réadaithe, más ann dóibh.
Déanann an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar na rioscaí airgeadais a bhaineann leis na hurrúis a shealbhaítear de réir na gclár seo.
Sa chás seo, déantar scrúduithe bearnaithe ar bhonn bliantúil, ach úsáid a bhaint as sonraí ag deireadh na bliana, agus déanann an Chomhairle Rialaithe iad a fhaomhadh. Sna scrúduithe in, déantar measúnú ar na táscairí bearnaithe ar leithligh le haghaidh gach cláir. I gcásanna ina ndéantar breathnóireacht ar tháscairí bearnaithe, déantar tuilleadh anailíse chun a dheimhniú nár chuir eachtra bearnaithe isteach ar shreabhadh airgid na n-urrús forluiteach. Ar bhonn na dtorthaí ó na tástálacha bearnaithe i mbliana, níor thaifead BCE aon chaillteanas maidir leis na hurrúis arna sealbhú ina phunanna beartais airgeadaíochta in 2025.
Tá luach an chostais[50] amúchta ar na hurrúis arna sealbhú ag an Eurochóras mar seo a leanas:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |||||
|---|---|---|---|---|---|---|
BCE | BCNanna sa limistéar euro | An tEurochóras Iomlán | BCE | BCNanna sa limistéar euro | An tEurochóras Iomlán | |
SMP | 185 | 521 | 706 | 286 | 1,050 | 1,336 |
APP | ||||||
CBPP3 | 17,326 | 193,147 | 210,473 | 20,437 | 232,571 | 253,009 |
ABSPP | 3,038 | - | 3,038 | 7,047 | - | 7,047 |
PSPP – urrúis rialtais/gníomhaireachta | 166,126 | 1,495,709 | 1,661,835 | 192,664 | 1,704,258 | 1,896,922 |
PSPP – urrúis fhornáisiúnta | - | 197,845 | 197,845 | - | 227,808 | 227,808 |
CSPP | - | 248,543 | 248,543 | - | 288,377 | 288,377 |
APP Iomlán | 186,490 | 2,135,245 | 2,321,734 | 220,149 | 2,453,015 | 2,673,164 |
PEPP | ||||||
PEPP – bannaí faoi chumhdach | 786 | 4,339 | 5,125 | 867 | 5,097 | 5,964 |
PEPP – urrúis rialtais/gníomhaireachta | 137,804 | 1,090,166 | 1,227,970 | 155,480 | 1,243,391 | 1,398,871 |
PEPP – urrúis fhornáisiúnta | - | 148,959 | 148,959 | - | 158,931 | 158,931 |
PEPP – urrúis san earnáil chorparáideach | - | 40,965 | 40,965 | - | 45,105 | 45,105 |
PEPP Iomlán | 138,590 | 1,284,429 | 1,423,019 | 156,347 | 1,452,524 | 1,608,871 |
Iomlán | 325,265 | 3,420,194 | 3,745,459 | 376,781 | 3,906,590 | 4,283,371 |
Nóta: Is réamhfhigiúirí iad na figiúirí le haghaidh “BCNanna sa limistéar euro” agus d’fhéadfaí iad a leasú, rud a d’fhágfadh go mbeadh athrú coibhéiseach le cur ar na figiúirí le haghaidh “An tEurochóras Iomlán”.
Nóta 5 – Éilimh in-Eurochórais
Nóta 5.1 – Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras
Is é atá sa mhír sin éilimh BCE vis-à-vis BCNanna sa limistéar euro maidir le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). An 31 Nollaig 2025 b’ionann an t-iomlán seo agus €129,563 mhilliún (2024: €127,067 milliún). Ón 1 Eanáir 2025 i leith, déantar íoc na n-éileamh sin a ríomh ar bhonn laethúil de réir an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an tsaoráid taisce a thairgeann an tEurochóras. Go dtí an dáta sin, ríomhadh an luach saothair sin de réir an ráta úis is déanaí a bhí ar fáil agus a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach “Saincheisteanna eile” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 22.2 “Ioncam úis ag eascairt as na héilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”).
Nóta 6 – Sócmhainní eile
Nóta 6.1 – Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe
Is mar seo a leanas a bhí sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Costas | |||
Talamh agus foirgnimh | 1,004 | 1,015 | (11) |
Foirgnimh lena ngabhann ceart úsáide | 332 | 352 | (20) |
Gléasra san fhoirgneamh | 222 | 222 | (0) |
Crua-earraí agus bogearraí TF | 141 | 142 | (1) |
Trealamh teicniúil, troscán agus mótarfheithiclí | 117 | 114 | 3 |
Trealamh lena ngabhann ceart úsáide | 0 | 1 | (1) |
Sócmhainní á dtógáil | 0 | 10 | (9) |
Sócmhainní seasta eile | 11 | 11 | (0) |
Costas iomlán | 1,827 | 1,866 | (39) |
Dímheas carntha | |||
Talamh agus foirgnimh | (256) | (251) | (5) |
Foirgnimh lena ngabhann ceart úsáide | (102) | (243) | 141 |
Gléasra san fhoirgneamh | (172) | (160) | (12) |
Crua-earraí agus bogearraí TF | (137) | (135) | (2) |
Trealamh teicniúil, troscán agus mótarfheithiclí | (102) | (102) | 0 |
Trealamh lena ngabhann ceart úsáide | (0) | (1) | 1 |
Sócmhainní seasta eile | (4) | (4) | (0) |
Dímheas carntha iomlán | (772) | (895) | 123 |
Glanluach iomlán na leabhar | 1,055 | 971 | 84 |
In 2025 d’aithin BCE foirgneamh nua oifige ar léas faoi “Foirgnimh lena ngabhann ceart úsáide”. Fritháiríodh le fuílleach an méadú gaolmhar ar chostas na haicme sócmhainní sin le dí-aithint foirgnimh oifige léasaithe eile nuair a tháinig deireadh le téarma an léasa ina leith, rud a d’fhág freisin gur tháinig laghdú comhfhreagrach ar an dímheas carntha gaolmhar.
I leith phríomhfhoirgneamh BCE agus an oifig lena ngabhann ceart úsáide, rinneadh scrúdú bearnúcháin ag deireadh na bliana agus níor taifeadadh aon chaillteanas bearnúcháin.
Nóta 6.2 – Sócmhainní airgeadais eile
Is é atá sa mhír sin go príomha punann chistí dílse BCE, arb é atá ann den chuid is mó infheistíochtaí chaipiteal íoctha BCE chomh maith le méideanna a chuirtear i leataobh sa chúlchiste ginearálta agus sa soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais. San áireamh leis sin tá 3,211 scair sa Bhanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS) ag costas éadála €42 mhilliún agus cuntais reatha eile arna n-ainmniú in euro.
Is mar seo a leanas a bhí comhpháirteanna na míre sin:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Cuntais reatha in euro | 41 | 45 | (4) |
Urrúis ainmnithe in euro | 21,612 | 21,269 | 343 |
Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais in euro | 1,516 | 1,425 | 91 |
Sócmhainní airgeadais eile | 42 | 42 | (0) |
Iomlán | 23,211 | 22,781 | 430 |
Tharla an glanmhéadú ar an mír sin in 2025 go príomha mar gheall ar athinfheistiú an ioncaim úis a gineadh ar phunann cistí dílse BCE.
Nóta 6.3 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe
Is é atá sa mhír seo go príomha athruithe luachála ar idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus ar réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2025 (féach nóta 20 “Babhtáil agus réamh-idirbhearta airgeadraí eachtracha”). B’ionann na hathruithe luachála sin agus €273 mhilliún (2024: €681 mhilliún). Tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart den sórt sin isteach ina luachanna coibhéiseacha in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir comhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n-idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” agus “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).
Nóta 6.4 – Fabhruithe agus speansais réamhíoctha
Is mar seo a leanas a bhí fabhruithe agus speansais réamhíoctha:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Ús fabhraithe ar iarmhéideanna TARGET dlite ó BCNanna | 2,207 | 3,656 | (1,449) |
Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras | 651 | 1,093 | (442) |
Ús fabhraithe ar urrúis | 3,386 | 3,519 | (133) |
Ioncam fabhraithe a bhaineann le cúraimí maoirseachta | 690 | 681 | 9 |
Fabhruithe agus speansais réamhíoctha eile | 175 | 210 | (35) |
Iomlán | 7,108 | 9,158 | (2,050) |
An 31 Nollaig 2025 áiríodh sa mhír sin freisin ús cúpóin fabhraithe ar urrúis, lena n‑áirítear ús gan íoc a íocadh agus é á éadáil (féach nóta 2.2 “Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach”, nóta 4.1 “Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta” agus nóta 6.2 “Sócmhainní airgeadais eile”).
Áiríodh leis freisin ús fabhraithe infhála ar iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna an limistéir euro do mhí na Nollag 2025 (féach nóta 11.2 “Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)”) agus ús fabhraithe infhála ó BCNanna an limistéir euro do ráithe dheiridh 2025 i leith na n-éileamh ó BCE a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach nóta 5.1 “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”). Socraíodh na méideanna sin i mí Eanáir 2026.
Comhfhreagraíonn ioncam fabhraithe a bhaineann le cúraimí maoirseachta do na táillí maoirseachta atá le fáil do thréimhse táillí 2025 agus a bhaileofar in 2026 (féach nóta 25 “Glanioncam/(glanspeansas) ó tháillí agus ó choimisiúin”).[51]
Áiríodh leis an gcuid eile den mhír sin go príomha (i) ioncam fabhraithe ó thionscadail agus seirbhísí de chuid CEBC (féach nóta 27 “Ioncam eile”), (ii) réamhíocaíochtaí ilghnéitheacha, agus (iii) ioncam úis fabhraithe ar ionstraimí airgeadais eile.
Nóta 6.5 – Ilghnéitheach
An 31 Nollaig 2025 ba é €110 milliún luach na míre seo (2024: €53 mhilliún) agus cuimsíodh leis go príomha iarmhéideanna dar luach €78 milliún (2024: €24 mhilliún) maidir le hidirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus le réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2025 (féach nóta 20 “Idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha”). Tháinig na hiarmhéideanna sin chun cinn ó chomhshó na n-idirbheart sin ina gcoibhéis euro de réir mheánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir comhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).
Áiríodh leis freisin suimeanna infhaighte i ndáil le tionscadail agus seirbhísí de chuid CEBC (féach nóta 27 “Ioncam eile”) agus iarmhéideanna i leith cáin bhreisluacha in-aisghabhála.
Nóta 7 – Nótaí bainc i gcúrsaíocht
Is éard atá sa mhír seo sciar BCE (8%) d’iomlán na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”), dar luach €129,563 mhilliún an 31 Nollaig 2025 (2024: €127,067 milliún).
Nóta 8 – Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro
Is ceadmhach do bhainc cheannais an Eurochórais glacadh le hairgead tirim mar chomhthaobhacht ina gcuid saoráidí iasachtaithe urrús PSPP agus PEPP san earnáil phoiblí gan iallach a bheith orthu é a athinfheistiú. I gcás BCE, déantar na hoibríochtaí sin trí bhíthin institiúidí speisialaithe.
Áirítear leis an mír seo na hiarmhéideanna a eascraíonn as idirbhearta iasachtaithe gan íoc den sórt sin arna ndéanamh le hinstitiúidí creidmheasa sa limistéar euro. Ós rud é go raibh an t-airgead tirim a fuarthas i gcuntais TARGET mar chomhthaobhacht fós gan infheistiú ag deireadh na bliana, taifeadadh na hidirbhearta sin sa chlár comhardaithe (féach “Idirbhearta droim ar ais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 17 “Cláir iasachtaithe urrús”).[52]
Nóta 9 – Dliteanais i leith cónaitheoirí eile sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro
Nóta 9.1 – Rialtas ginearálta
An 31 Nollaig 2025, is éard a bhí sa mhír sin taiscí na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) dar luach €74 mhilliún (2024: €73 mhilliún). I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, d’fhéadfadh BCE feidhmiú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, rialtais láir, údaráis réigiúnacha, áitiúla nó údaráis phoiblí eile, comhlachtaí eile rialaithe ag an dlí poiblí, nó gnóthais phoiblí de chuid na mBallstát.
Nóta 9.2 – Dliteanais eile
An 31 Nollaig 2025 ba é €25,947 milliún luach na míre seo (2024: €24,482 mhilliún), arb éard a bhí inti iarmhéideanna chórais choimhdeacha an limistéir euro[53] atá nasctha le TARGET trí bhíthin chomhpháirt TARGET-BCE.
Nóta 10 – Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro
Is mar seo a leanas a bhí na dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Iarmhéideanna TARGET a bhí ag BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro agus ag córais choimhdeacha | 2,671 | 2,908 | (236) |
Airgead arna fháil mar chomhthaobhacht in idirbhearta iasachtaithe urrús | 188 | 2,062 | (1,874) |
Taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach | 23,576 | 33,823 | (10,246) |
Socruithe babhtála lena soláthraítear leachtacht | 410 | 1,067 | (656) |
Iomlán | 26,846 | 39,859 | (13,013) |
An 31 Nollaig 2025, ba é a bhí ar an gcomhpháirt ba mhó den mhír seo taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach a bhaineann le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais (féach nóta 21 “Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe”).
Áiríodh sa mhír seo freisin iarmhéideanna TARGET, arb éard a bhí iontu iarmhéideanna BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro vis-à-vis BCE (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/in-Eurochórais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) agus iarmhéideanna na gcóras coimhdeach nach bhfuil sa limistéar euro agus atá nasctha le TARGET trí bhíthin chomhpháirt TARGET-BCE.
Ina theannta sin, áiríodh ann iarmhéid a d’eascair as an mbuansocrú airgeadra cómhalartach le Córas an Chúlchiste Fheidearálaigh. Faoin socrú sin, soláthraíonn Banc Cúlchiste Fheidearálaigh Nua-Eabhrac dollair SAM do BCE trí bhíthin idirbhearta babhtála, agus é mar aidhm leis sin cistiú gearrthéarmach dollar SAM a thairiscint do chontrapháirtithe an Eurochórais. Ag an am céanna, déanann BCE idirbhearta babhtála droim le droim le BCNanna sa limistéar euro, a úsáideann na cistí a eascraíonn as sin chun oibríochtaí soláthair leachtachta i ndollar na Stát Aontaithe a dhéanamh le contrapháirtithe de chuid an Eurochórais i bhfoirm idirbhearta droim ar ais. De thoradh na n-idirbheart babhtála droim le droim bíonn iarmhéideanna in-Eurochórais ann idir BCE agus BCNanna an limistéir euro. Thairis sin, bíonn éilimh agus dliteanais réamhcheaptha a thaifeadtar i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe mar thoradh ar na hidirbhearta babhtála a dhéanann BCE le Banc Cúlchiste Fheidearálaigh Nua-Eabhrac agus le BCNanna an limistéir euro (féach nóta 20 “Idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha”).
Is éard a bhí sa chuid eile den mhír seo iarmhéideanna a eascraíonn as idirbhearta PSPP agus idirbhearta iasachta urrús PEPP san earnáil phoiblí atá gan íoc agus a rinneadh le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil sa limistéar euro. Ós rud é go raibh an t-airgead tirim a fuarthas i gcuntais TARGET mar chomhthaobhacht fós gan infheistiú ag deireadh na bliana, taifeadadh na hidirbhearta sin sa chlár comhardaithe (féach “Idirbhearta droim ar ais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 17 “Cláir iasachtaithe urrús”).
Nóta 11 – Dliteanais in-Eurochórais
Nóta 11.1 – Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha
Is iad sin na dliteanais do BCNanna an limistéir euro a eascraíonn as aistriú sócmhainní cúlchistí eachtracha chuig BCE nuair a chuaigh na BCNanna sin isteach san Eurochóras. I gcomhréir le hAirteagal 30.2 de Reacht CEBC, socraítear na ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le scaireanna BCN i gcaipiteal suibscríofa BCE. Níor tharla aon athrú in 2025.
Is mar seo a leanas a bhí na dliteanais do BCNanna an limistéir euro a d’eascair as aistriú cúlsócmhainní eachtracha chuig BCE:
(EUR milliúin)
Ón | |
|---|---|
Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique (an Bheilg) | 1,488 |
Deutsche Bundesbank (an Ghearmáin) | 10,802 |
Eesti Pank (an Eastóin) | 121 |
Banc Ceannais na hÉireann (Éire) | 884 |
Banc na Gréige (an Ghréig) | 916 |
Banco de España (an Spáinn) | 4,796 |
Banque de France (an Fhrainc) | 8,114 |
Hrvatska narodna banka (an Chróit) | 314 |
Banca d’Italia (an Iodáil) | 6,498 |
Banc Ceannais na Cipire (an Chipir) | 89 |
Latvijas Banka (an Laitvia) | 157 |
Lietuvos bankas (an Liotuáin) | 239 |
Banque centrale du Luxembourg (Lucsamburg) | 148 |
Banc Ceannais Mhálta (Málta) | 52 |
De Nederlandsche Bank (an Ísiltír) | 2,396 |
Oesterreichische Nationalbank (an Ostair) | 1,199 |
Banco de Portugal (an Phortaingéil) | 943 |
Banka Slovenije (an tSlóivéin) | 200 |
Národná banka Slovenska (an tSlóvaic) | 466 |
Suomen Pankki – Finlands Bank (an Fhionlainn) | 737 |
Iomlán | 40,562 |
Ón 1 Eanáir 2025 i leith, déantar íoc na ndliteanas sin a ríomh ar bhonn laethúil de réir an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an tsaoráid taisce a thairgeann an tEurochóras, arna choigeartú chun toradh nialasach ar an gcomhpháirt óir a léiriú. Go dtí an dáta sin, ríomhadh an íocaíocht sin de réir an ráta úis is déanaí a bhí ar fáil agus a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna choigeartú freisin chun toradh nialasach ar an gcomhpháirt óir a léiriú (féach “Saincheisteanna eile” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 22.3 “Íoc éilimh na BCNanna i leith cúlchistí eachtracha arna n-aistriú”).
Nóta 11.2 – Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)
Is éard atá sa mhír seo na hiarmhéideanna TARGET a bhí ag BCNanna an limistéir euro vis-à-vis BCE (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/in-Eurochórais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”), agus is mar seo a leanas a bhí siad sin:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |
|---|---|---|
Dlite do BCNanna sa limistéar euro i leith TARGET | 1,545,403 | 1,593,185 |
Dlite ó BCNanna sa limistéar euro i leith TARGET | (1,231,912) | (1,245,111) |
Glandliteanas TARGET | 313,491 | 348,074 |
Tharla an laghdú ar ghlandliteanas TARGET go príomha de bharr na n-insreafaí airgid a bhí mar thoradh ar urrúis a bheith ag teacht in aibíocht faoi APP agus faoi PEPP, a socraíodh trí bhíthin cuntais TARGET (féach nóta 4.1 “Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta”). Rinneadh tionchar an fhachtóra sin a fhritháireamh go páirteach, go príomha leis na heis-sreafaí airgid a d’eascair as (i) taiscí níos ísle arna nglacadh ag BCE ina ról mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach, a bhaineann le gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais a riar (féach nóta 10 “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”); agus (ii) speansas úis arna íoc ar an nglandliteanas TARGET atá ag BCE (féach nóta 22.5 “Glanchaiteachas úis ag eascairt as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna/chuig BCNanna”).
Cé is moite d’iarmhéideanna a eascraíonn as idirbhearta babhtála droim le droim i dtaca le hoibríochtaí soláthair leachtachta i ndollar na Stát Aontaithe, ón 1 Eanáir 2025 i leith déantar íocaíocht shuíomhanna TARGET atá i seilbh BCNanna an limistéir euro vis-à-vis BCE a ríomh ar bhonn laethúil de réir an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a chuirtear i bhfeidhm ar an tsaoráid taisce a thairgeann an tEurochóras. Go dtí an dáta sin, ríomhadh íocaíocht den sórt sin de réir an ráta úis is déanaí a bhí ar fáil agus a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach “Saincheisteanna eile” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 22.5 “Glanchaiteachas úis ag eascairt as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna/chuig BCNanna”).
Nóta 11.3 – Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)
An 31 Nollaig 2025 ba é €8 milliún luach na míre seo (2024: €40 milliún). Áiríodh ann taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach, a bhaineann le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais (féach nóta 21 “Riaradh oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe”).
Áiríodh ann freisin cuntas comhfhreagrach a úsáideadh chun íocaíochtaí riaracháin BCE a phróiseáil.
Nóta 12 – Dliteanais eile
Nóta 12.1 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe
Áiríodh sa mhír seo athruithe luachála ar réamh-idirbhearta urrús arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2025 (féach nóta 19 “Réamh-idirbhearta urrúis”). €0.2 milliún ba luach do na hathruithe luachála sin agus ba thoradh iad go príomha ar an laghdú ar réamh-mhargadhphraghas na n-urrús. Bhain an chuid eile de na hathruithe luachála le comhshó idirbheart den sórt sin isteach ina luachanna coibhéiseacha in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir comhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a bhí ann de thoradh chomhshó na n-idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” agus “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). An 31 Nollaig 2024, ní raibh aon iarmhéid ann faoin mír seo.
Nóta 12.2 – Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré
Is mar seo a leanas a bhí na fabhruithe agus an t-ioncam a bailíodh roimh ré:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Ús fabhraithe ar iarmhéideanna TARGET dlite do BCNanna | 2,743 | 4,636 | (1,892) |
Ús fabhraithe ar éilimh BCN i leith cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú chuig BCE | 790 | 1,448 | (659) |
Ús fabhraithe ar thaiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach | 45 | 103 | (58) |
Fabhruithe eile agus ioncam iarchurtha | 83 | 101 | (18) |
Iomlán | 3,661 | 6,288 | (2,627) |
An 31 Nollaig 2025 ba iad an dá phríomh-chomhpháirt den mhír seo ús fabhraithe is iníoctha ar iarmhéideanna TARGET a bhí dlite do BCNanna do mhí na Nollag 2025 (féach nóta 10 “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro” agus nóta 11.2 “Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan)”) agus ús fabhraithe is iníoctha le BCNanna sa limistéar euro do 2025 i leith a n-éileamh a bhaineann le cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig BCE (féach nóta 11.1 “Dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha”). Socraíodh na méideanna sin i mí Eanáir 2026.
Áiríodh sa mhír sin freisin ús fabhraithe a bhí iníoctha i leith taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach (féach nóta 9.1 “Rialtas ginearálta”, nóta 10 “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro’” agus nóta 11.3 “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”).
Is éard a bhí sa chuid eile den mhír seo (i) ús fabhraithe is iníoctha ar iarmhéideanna chórais choimhdeacha an limistéir euro atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET-BCE (féach nóta 9.2 “Dliteanais eile”), agus (ii) fabhruithe ilchineálacha agus ioncam iarchurtha.
Nóta 12.3 – Ilghnéitheach
An 31 Nollaig 2025 b’ionann an mhír seo agus €1,084 mhilliún (2024: €1,327 milliún). Áiríodh ann iarmhéideanna dar luach €286 mhilliún (2024: €574 mhilliún) maidir le hidirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus le réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2025 (féach nóta 20 “Idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha”). Tháinig na hiarmhéideanna sin chun cinn ó chomhshó na n-idirbheart sin ina gcoibhéis euro de réir mheánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir comhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).
San áireamh sa mhír freisin tá dliteanas léasa dar luach €227 milliún (2024: €110 milliún) (féach “Léasanna” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).
Áiríodh sa chuid eile den mhír seo (i) dliteanais i ndáil le seirbhísí CEBC, agus (ii) dliteanais ag eascairt as pleananna cúraim leighis agus cúraim fhadtéarmaigh BCE don fhoireann agus do chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus do na comhaltaí den Bhord Maoirseachta atá fostaithe ag BCE.
Ina theannta sin, áiríodh sa mhír sin glandliteanas sochair shainithe BCE i leith shochair iarfhostaíochta agus shochair fhadtéarmacha eile a fhoirne,[54] chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta atá fostaithe ag BCE.
Sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile
Clár comhardaithe
Ba iad seo a leanas na méideanna a aithníodh faoi "Ilghnéitheach” (dliteanais) sa chlár comhardaithe i leith sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |||||
|---|---|---|---|---|---|---|
Baill Foirne | Boird | Iomlán | Baill Foirne | Boird | Iomlán | |
Oibleagáid sochair shainithe | 2,948 | 42 | 2,990 | 2,712 | 37 | 2,749 |
Luach cóir na sócmhainní plean | (2,604) | - | (2,604) | (2,253) | - | (2,253) |
Glandliteanas sochair shainithe san áireamh faoi “Ilghnéitheach” (dliteanais) | 344 | 42 | 386 | 459 | 37 | 496 |
Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.
An 31 Nollaig 2025, €2,948 milliún ba ea luach láithreach na hoibleagáide sochair shainithe i leith na foirne (2024: €2,712 mhilliún), lena n-áirítear sochair neamhchistithe dar luach €356 mhilliún (2024: €293 mhilliún) maidir le sochair iarfhostaíochta seachas pinsin agus sochair fhadtéarmacha eile. Maidir leis an luach láithreach den oibleagáid sochair shainithe vis-à-vis comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta dar luach €42 mhilliún (2024: €37 mhilliún), ní bhaineann sé ach le socruithe neamh-mhaoinithe atá i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile.
Tugtar aitheantas don atomhas ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta sa Chlár Comhardaithe faoin mír dhliteanais “Cuntais athluachála”. An 31 Nollaig 2025, €585 mhilliún a bhí sna gnóthachain atomhais faoin mír sin (2024: €416 mhilliún) (féach nóta 14 “Cuntais athluachála”).
Athruithe ar an oibleagáid sochair shainithe, ar shócmhainní plean agus ar thorthaí atomhais
Bhí na hathruithe i luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe mar seo a leanas:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |||||
|---|---|---|---|---|---|---|
Baill Foirne | Boird | Iomlán | Baill Foirne | Boird | Iomlán | |
Oibleagáid sochair shainithe tosaigh | 2,712 | 37 | 2,749 | 2,458 | 35 | 2,493 |
Costas seirbhíse reatha | 128 | 2 | 130 | 121 | 3 | 123 |
Costas seirbhíse roimhe seo | 0 | 0 | 0 | 119 | 1 | 120 |
Costais úis ar an oibleagáid | 99 | 1 | 101 | 85 | 1 | 86 |
Ranníocaíochtaí arna n-íoc ag rannpháirtithe an phlean1 | 40 | 0 | 41 | 38 | 0 | 38 |
Sochair íoctha | (39) | (3) | (42) | (31) | (3) | (34) |
(Gnóthachain)/caillteanais atomhais | 7 | 4 | 11 | (77) | 0 | (77) |
Oibleagáid sochair shainithe deiridh | 2,948 | 42 | 2,990 | 2,712 | 37 | 2,749 |
Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.
1) Glaniomlán lena n-áirítear ranníocaíochtaí éigeantacha agus aistrithe isteach sna pleananna nó amach astu. Is ionann na ranníocaíochtaí éigeantacha a íocann an fhoireann agus 7.4 % dá mbuntuarastal, agus is ionann iad siúd a íocann BCE agus 20.7 %.
Tháinig na caillteanais atomhais ar an oibleagáid sochair shainithe chun cinn in 2025 de thoradh na gcoigeartuithe taithí lena léirítear an difríocht idir na toimhdí achtúireacha a rinneadh i dtuarascáil na bliana roimhe sin agus an taithí iarbhír. Fritháiríodh na caillteanais a d’eascair as sin go páirteach le gnóthachain atomhais, a d’eascair go príomha as an méadú ar an ráta lascaine a úsáideadh don luacháil achtúireach ó 3.6% in 2024 go 3.9% in 2025.
Bhain an costas seirbhíse roimhe seo a aithníodh in 2024 leis na ranníocóirí agus na pinsinéirí reatha agus d’eascair sé as leasú ar na rialacha lena rialaítear pleananna pinsin BCE agus a tugadh isteach an bhliain sin, ar dá réir atá an méadú bliantúil ar phinsin i gcomhréir leis na coigeartuithe tuarastail ginearálta bliantúla i gcomhair fhostaithe BCE ó 2025 ar aghaidh.
Bhí na hathruithe ar luach cóir na sócmhainní plean agus sa cholún sochair shainithe i leith na foirne mar seo a leanas:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |
|---|---|---|
Luach cóir tosaigh na sócmhainní plean | 2,253 | 1,983 |
Ioncam úis ar shócmhainní plean | 83 | 69 |
Gnóthachain atomhais | 166 | 104 |
Ranníocaíochtaí a d’íoc an fostóir | 88 | 81 |
Ranníocaíochtaí a d’íoc páirtithe plean | 40 | 38 |
Sochair íoctha | (26) | (21) |
Luach cóir deiridh na sócmhainní plean | 2,604 | 2,253 |
Is léiriú iad na gnóthachain atomhais ar shócmhainní plean in 2025 go raibh an toradh iarbhír ar shócmhainní an chiste níos airde ná an t-ioncam úis measta ar shócmhainní plean, a bhí bunaithe ar an ráta lascaine 3.6% a úsáideadh don luacháil achtúireach in 2024.
Bhí athruithe na dtorthaí atomhais mar seo a leanas:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |
|---|---|---|
Gnóthachain atomhais tosaigh | 416 | 238 |
Gnóthachain ar shócmhainní plean | 166 | 104 |
Gnóthachain/(caillteanais) ar oibleagáid | (11) | 77 |
(Gnóthachain)/caillteanais a aithnítear sa chuntas brabúis agus caillteanais | 14 | (2) |
Gnóthachain atomhais deiridh a áirítear faoi “Cuntais athluachála” | 585 | 416 |
Cuntas brabúis agus caillteanais
Bhí na méideanna a aithníodh sa chuntas brabúis agus caillteanais mar seo a leanas:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |||||
|---|---|---|---|---|---|---|
Baill Foirne | Boird | Iomlán | Baill Foirne | Boird | Iomlán | |
Costas seirbhíse reatha | 128 | 2 | 130 | 121 | 3 | 123 |
Costas seirbhíse roimhe seo | 0 | 0 | 0 | 119 | 1 | 120 |
Ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe | 16 | 1 | 18 | 16 | 1 | 17 |
- Costais úis ar an oibleagáid | 99 | 1 | 101 | 85 | 1 | 86 |
- Ioncam úis ar shócmhainní plean | (83) | - | (83) | (69) | - | (69) |
Atomhas (gnóthachain)/caillteanais ar shochair fhadtéarmacha eile | 14 | 0 | 14 | (2) | 0 | (2) |
An t-iomlán san áireamh i “Costais Foirne” | 159 | 3 | 162 | 253 | 5 | 258 |
Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.
Na méideanna a aithnítear sa chuntas brabúis agus caillteanais le haghaidh an chostais seirbhíse reatha, an chostais úis ar an oibleagáid agus an ioncaim úis ar shócmhainní plean, déantar an meastachán ina leith de réir na dtoimhdí a bhí i bhfeidhm an bhliain roimhe sin. Tháinig méadú ar an ráta lascaine is infheidhme ó 3.4% go 3.6%, mar a úsáideadh le haghaidh na luachálacha achtúireacha in 2023 agus in 2024 faoi seach. Mar thoradh ar na hiarmhéideanna níos airde agus ar an ráta lascaine níos airde, tháinig méadú ar an gcostas úis ar an oibleagáid agus ar an ioncam úis ar shócmhainní plean. Tháinig méadú beag ar chostas seirbhíse reatha in 2025, rud a d’eascair go príomha as an leasú ar na rialacha lena rialaítear pleananna pinsin BCE in 2024.
Rinneadh an costas seirbhíse roimhe seo a d’eascair as an leasú sin a aithint go hiomlán sa chuntas brabúis agus caillteanais le haghaidh 2024, is é sin, an bhliain a ndearnadh an cinneadh maidir leis an leasú.
Príomhthoimhdí
Agus na luachálacha dá dtagraítear sa nóta seo á n-ullmhú, bhain na hachtúirí neamhspleácha úsáid as toimhdí ar ghlac an Bord Feidhmiúcháin leo chun críocha cuntasaíochta agus nochta. Ba iad seo a leanas na príomhthoimhdí a úsáideadh chun an dliteanas a ríomh le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile:
(%)
2025 | 2024 | |
|---|---|---|
Ráta lascaine | 3.90 | 3.60 |
An toradh a mheastar a bheidh ar chistí aonaid na gcomhaltaí1 | 4.90 | 4.60 |
Méaduithe tuarastail ghinearálta sa todhchaí2 | 2.00 | 2.00 |
Méaduithe pinsin amach anseo3 | 2.00 | 2.00 |
1) Úsáideadh na toimhdí sin chun an chuid d’oibleagáid sochair shainithe BCE atá cistithe ag sócmhainní a bhfuil ráthaíocht chaipitil bhunúsach acu a ríomh.
2) Ina theannta sin, cuirtear méaduithe tuarastail aonair ionchasacha san áireamh suas le 1.8 % sa bhliain, ag brath ar aois na rannpháirtithe plean.
3) De réir rialacha an phlean phinsin de chuid BCE, méadófar na pinsin go bliantúil. In 2024, leasaíodh na rialacha sin chun an méadú bliantúil ar phinsin a ailíniú leis na coigeartuithe tuarastail ginearálta bliantúla d’fhostaithe BCE ó 2025 ar aghaidh. Roimh an leasú sin, bhí an méadú bliantúil ar phinsin nasctha freisin leis an gcoigeartú ginearálta ar thuarastal, ach faoi réir coinníollacha breise.
Nóta 13 – Soláthairtí
Nóta 13.1 – Soláthairtí eile
An 31 Nollaig 2025, is éard a bhí sa mhír seo soláthairtí riaracháin dar luach €84 mhilliún (2024: €72 mhilliún).
Nóta 14 – Cuntais athluachála
Is éard atá sa mhír seo den chuid is mó iarmhéideanna athluachála a eascraíonn as gnóthachain neamhréadaithe ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh”, “Urrúis”, “Aithint ioncaim” agus “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).[55] Áirítear inti freisin atomhais ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta (féach “Sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 12.3 “Ilghnéitheach”).
Is mar seo a leanas a bhí na cuntais athluachála:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Ór | 55,957 | 37,097 | 18,860 |
Airgeadra eachtrach | 6,042 | 12,819 | (6,777) |
- Dollar SAM | 6,042 | 12,717 | (6,675) |
- Renminbi na Síne | - | 30 | (30) |
- CTSanna | - | 72 | (72) |
- eile | - | 0 | (0) |
Urrúis agus ionstraimí eile | 484 | 320 | 164 |
Glandliteanas sochair shainithe i leith sochair iarfhostaíochta | 585 | 416 | 169 |
Iomlán | 63,068 | 50,653 | 12,415 |
Tháinig méadú ar na cuntais athluachála in 2025 mar gheall go príomha ar an ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. Fritháiríodh an méadú go páirteach le laghdú ar na cuntais athluachála a bhaineann le hairgeadra eachtrach, go príomha mar gheall ar dhímheas dhollar na Stát Aontaithe in aghaidh an euro.
Ba iad seo a leanas na rátaí malairte a úsáideadh le haghaidh athluacháil deireadh bliana na bpríomhairgeadraí eachtracha agus athluacháil deireadh bliana an óir:
Rátaí malairte | 2025 | 2024 |
|---|---|---|
Dollar SAM in aghaidh an euro | 1.1750 | 1.0389 |
Yen na Seapáine in aghaidh an euro | 184.09 | 163.06 |
Renminbi na Síne in aghaidh an euro | 8.2262 | 7.5833 |
Euro in aghaidh SDR | 1.1656 | 1.2544 |
Euro in aghaidh an unsa troí óir | 3,669.106 | 2,511.069 |
Nóta 15 – Caipiteal agus cúlchistí
Nóta 15.1 – Caipiteal
Scála caipitil BCE
De bhun Airteagal 29 de Reacht CEBC, déantar na hualuithe a shanntar do BCNanna Bhallstáit an Aontais Eorpaigh sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE a chinneadh de réir sciartha na mBallstát faoi seach i ndaonra iomlán agus in olltáirgeacht intíre an Aontais, ar bhealach comhionann. Déantar na hualuithe sin a choigeartú uair gach cúig bliana agus aon uair a thagann athrú ar an líon BCNanna a ranníocann le caipiteal BCE.
Caipiteal BCE
Cuirtear an scála caipitil i bhfeidhm ar chaipiteal suibscríofa BCE, is é sin €10,825 mhilliún, chun sciar an chaipitil shuibscríofa a bhaineann le gach BCN a chinneadh.
Tá a sciar féin den chaipiteal suibscríofa íoctha go hiomlán ag BCNanna an limistéir euro, agus tá 3.75% dá gcaipiteal suibscríofa íoctha ag BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro mar ranníocaíocht le costais oibriúcháin BCE. Níl BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro i dteideal aon sciar de bhrabúis indáilte BCE a fháil, ná níl aon dliteanas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a chumhdach ach an oiread.
Níor tharla aon athrú in 2025. Léirítear sa tábla seo a leanas an scála caipitil, an caipiteal suibscríofa agus an caipiteal íoctha:
Ón 1 Eanáir 2024 i leith | |||
|---|---|---|---|
Scála caipitil | Caipiteal suibscríofa | Caipiteal íoctha | |
Nationale Bank van België/ | 3.0005 | 325 | 325 |
Deutsche Bundesbank (an Ghearmáin) | 21.7749 | 2,357 | 2,357 |
Eesti Pank (an Eastóin) | 0.2437 | 26 | 26 |
Banc Ceannais na hÉireann (Éire) | 1.7811 | 193 | 193 |
Banc na Gréige (an Ghréig) | 1.8474 | 200 | 200 |
Banco de España (an Spáinn) | 9.6690 | 1,047 | 1,047 |
Banque de France (an Fhrainc) | 16.3575 | 1,771 | 1,771 |
Hrvatska narodna banka (an Chróit) | 0.6329 | 69 | 69 |
Banca d’Italia (an Iodáil) | 13.0993 | 1,418 | 1,418 |
Banc Ceannais na Cipire (an Chipir) | 0.1802 | 20 | 20 |
Latvijas Banka (an Laitvia) | 0.3169 | 34 | 34 |
Lietuvos bankas (an Liotuáin) | 0.4826 | 52 | 52 |
Banque centrale du Luxembourg (Lucsamburg) | 0.2976 | 32 | 32 |
Banc Ceannais Mhálta (Málta) | 0.1053 | 11 | 11 |
De Nederlandsche Bank (an Ísiltír) | 4.8306 | 523 | 523 |
Oesterreichische Nationalbank (an Ostair) | 2.4175 | 262 | 262 |
Banco de Portugal (an Phortaingéil) | 1.9014 | 206 | 206 |
Banka Slovenije (an tSlóivéin) | 0.4041 | 44 | 44 |
Národná banka Slovenska (an tSlóvaic) | 0.9403 | 102 | 102 |
Suomen Pankki – Finlands Bank (an Fhionlainn) | 1.4853 | 161 | 161 |
Fo-iomlán le haghaidh BCNanna sa limistéar euro | 81.7681 | 8,851 | 8,851 |
Българска народна банка | 0.9783 | 106 | 4 |
Česká národní banka (Poblacht na Seice) | 1.9623 | 212 | 8 |
Danmarks Nationalbank (an Danmhairg) | 1.7797 | 193 | 7 |
Magyar Nemzeti Bank (an Ungáir) | 1.5819 | 171 | 6 |
Narodowy Bank Polski (an Pholainn) | 6.0968 | 660 | 25 |
Banca Naţională a României (an Rómáin) | 2.8888 | 313 | 12 |
Sveriges Riksbank (an tSualainn) | 2.9441 | 319 | 12 |
Fo-iomlán le haghaidh BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro | 18.2319 | 1,974 | 74 |
Iomlán | 100,0000 | 10,825 | 8,925 |
Nóta 16 – Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh
An 31 Nollaig 2025 ba é €9,210 milliún luach na míre seo (2024: €1,266 mhilliún). Is éard a bhí ann caillteanais BCE do 2023 agus 2024, a tugadh ar aghaidh, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, ar chlár comhardaithe BCE chun iad a fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo.
2.5 Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe
Nóta 17 – Cláir iasachtaithe urrús
Mar chuid de bhainistiú chistí dílse BCE, tá comhaontú cláir iasachtaithe urrús i bhfeidhm ag BCE faoina ndéanann institiúidí speisialaithe idirbhearta iasachtaithe urrús thar ceann BCE. I gcomhréir le cinntí na Comhairle Rialaithe, chuir BCE urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta ar fáil le haghaidh iasachtú freisin.[56]
Ag brath ar an gcomhthaobhacht a fhaightear, déantar oibríochtaí um iasachtú urrús a thaifeadadh (i) i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe, nuair a dhéantar iad in aghaidh comhthaobhacht urrús; nó (ii) i gcuntais ar an gclár comhardaithe, nuair a dhéantar iad in aghaidh airgead tirim atá fós gan infheistiú ag deireadh na bliana (féach nóta 8 “Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro” agus nóta 10 “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”).
Ba mar seo a leanas margadhluach na n-urrús a tugadh ar iasacht agus na comhthaobhachta comhfhreagraí:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |
|---|---|---|
Urrúis a tugadh ar iasacht in aghaidh chomhthaobhacht urrús1 | (27,727) | (37,393) |
an sciar a bhaineann le hurrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | (19,387) | (28,585) |
Urrúis a tugadh ar iasacht in aghaidh comhthaobhacht airgid | (650) | (4,273) |
an sciar a bhaineann le hurrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | (650) | (4,273) |
Margadhluach na n-urrús a tugadh ar iasacht | (28,377) | (41,666) |
Comhthaobhacht urrús1 | 28,972 | 38,970 |
an sciar a bhaineann le hurrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | 20,144 | 29,761 |
Comhthaobhacht airgid2 | 677 | 4,450 |
an sciar a bhaineann le hurrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | 677 | 4,450 |
Margadhluach na comhthaobhachta | 29,649 | 43,420 |
1) Déantar an tsuim seo a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.
2) Déantar an méid sin a thaifeadadh i gcuntais laistigh den chlár comhardaithe faoi “Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro” agus faoi “Dliteanais in euro i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”.
Nóta 18 – Todhchaíochtaí ráta úis
Rinneadh idirbhearta todhchaíochtaí ráta úis airgeadra eachtraigh i gcomhthéacs bhainistiú chúlchistí eachtracha BCE. Bhí na hidirbhearta seo a leanas, a aistríodh ag rátaí malairte eachtraí deireadh bliana, gan íoc ag deireadh na bliana:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Todhchaíochtaí ráta úis airgeadra eachtraigh | |||
Ceannacháin | 880 | 382 | 498 |
Díolacháin | 105 | 734 | (629) |
Nóta 19 – Réamh-idirbhearta urrús
Rinneadh réamh-idirbhearta urrús i gcomhthéacs bhainistiú chúlchistí eachtracha BCE. Bhí na hidirbhearta seo a leanas, a aistríodh ag rátaí malairte eachtraí deireadh bliana, gan íoc ag deireadh na bliana:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Réamh-idirbhearta urrús | |||
Ceannacháin | 1,248 | - | 1,248 |
Díolacháin | 51 | - | 51 |
Nóta 20 – Idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha
Cúlchistí eachtracha a bhainistiú
Rinneadh idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha a riar i gcomhthéacs bhainistiú chúlchistí eachtracha BCE. Bhí na héilimh agus na dliteanais seo a leanas a d’eascair as na hidirbhearta sin, arna n-aistriú ag rátaí malairte eachtraí deireadh bliana, gan íoc ag deireadh na bliana:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Idirbhearta babhtála airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta airgeadraí eachtracha | |||
Éilimh | 2,102 | 2,873 | (771) |
Dliteanais | 2,038 | 2,742 | (704) |
Socruithe babhtála lena soláthraítear leachtacht
Is cuid de líonra línte babhtála banc ceannais é BCE agus tá socruithe babhtála cómhalartacha i bhfeidhm aige le Banc Cheanada, le Banc na Seapáine, le Banc Náisiúnta na hEilvéise, le Banc Shasana agus le Córas an Chúlchiste Fheidearálaigh. Tá líne bhabhtála chómhalartach aige freisin le People’s Bank of China. Leis na socruithe babhtála sin, is féidir (i) leachtacht in aon cheann d’airgeadraí na mbanc ceannais thuas a sholáthar do bhainc sa limistéar euro, nó (ii) leachtacht in euro a sholáthar d’institiúidí airgeadais i ndlínsí na mbanc ceannais thuas. Thairis sin, tá comhaontuithe babhtála i bhfeidhm freisin le Danmarks Nationalbank agus le Sveriges Riksbank chun leachtacht euro a sholáthar d’institiúidí airgeadais ina ndlínsí siadsan. Is é is aidhm do na socruithe thuas teacht roimh theannas sna margaí cistiúcháin idirnáisiúnta ionas nach gcuirtear isteach ar éifeachtacht tharchur bheartas airgeadaíochta an limistéir euro.[57]
Éilimh agus dliteanais arna n-ainmniú i ndollar na Stát Aontaithe a bhfuil dáta aibíochta acu in 2026, tháinig siad chun cinn i ndáil le leachtacht dhollar na Stát Aontaithe a sholáthar do chontrapháirtithe an Eurochórais (féach nóta 10 “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”).
Nóta 21 – Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe
Gníomhaíonn BCE mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach i dtaca le gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais a riar.[58] In 2025, bhí BCE freagrach as cuntais a riar agus as próiseáil íocaíochtaí i dtaca leis na cláir seo a leanas de chuid an Aontais:
Gníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais |
|---|
An tsaoráid cúnaimh airgeadais mheántéarmaigh (MTFA) |
An Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM) |
An comhaontú saoráide iasachta don Ghréig |
An ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) |
Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (NGEU) |
An Sásra Comhair le haghaidh Iasachtaí don Úcráin (ULCM) |
An tSaoráid don Úcráin |
Cúnamh macra-airgeadais (MFA) |
An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar |
Thairis sin, gníomhaíonn BCE mar ghníomhaire íocaíochta don Choimisiún Eorpach i ndáil lena Sheirbhís Eisiúna AE.
2.6 Nótaí ar an gcuntas brabúis agus caillteanais
Nóta 22 – Glanioncam úis/(glanspeansas úis)
Is mar seo a leanas a bhí an glanspeansas úis:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Cúlchistí eachtracha | 2,089 | 2,537 | (448) |
Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | 3,814 | 3,850 | (36) |
Iasachtú urrús arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | 17 | 32 | (15) |
Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras | 2,900 | 5,232 | (2,332) |
Iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna | 29,896 | 54,542 | (24,645) |
Cistí dílse | 611 | 703 | (92) |
Eile | 1 | 3 | (2) |
Ioncam úis iomlán | 39,328 | 66,898 | (27,569) |
Cúlchistí eachtracha | (0) | (0) | (0) |
Iasachtú urrús arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta1 | (26) | (137) | 111 |
Éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh | (790) | (1,448) | 659 |
Iarmhéideanna TARGET atá dlite do BCNanna | (37,603) | (70,216) | 32,613 |
Taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach | (601) | (1,219) | 618 |
Eile | (488) | (861) | 374 |
Speansas úis iomlán | (39,507) | (73,881) | 34,374 |
Glanspeansas úis | (178) | (6,983) | 6,805 |
1) Cuimsítear leis an mír seo an speansas úis ar airgead tirim arna fháil mar chomhthaobhacht.
Nóta 22.1 – Glanioncam úis ar chúlchistí eachtracha
Is mar seo a leanas a bhí an glanioncam úis ar chúlchistí eachtracha BCE, arna mhiondealú de réir an chineáil ionstraime:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Cuntais reatha | 55 | 85 | (30) |
Taiscí margaí airgid | 123 | 149 | (26) |
Comhaontuithe athcheannaigh | (0) | (0) | (0) |
Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais | 229 | 225 | 4 |
Urrúis | 1,591 | 1,936 | (345) |
Réamh-idirbhearta agus idirbhearta babhtála in airgeadraí eachtracha | 90 | 142 | (51) |
Glanioncam úis ar chúlchistí eachtracha | 2,089 | 2,537 | (449) |
Is mar seo a leanas a bhí an glanioncam úis ar chúlchistí eachtracha BCE, arna mhiondealú de réir airgeadra eachtrach:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Dollar SAM | 1,961 | 2,434 | (472) |
Yen na Seapáine | 64 | 9 | 56 |
Renminbi na Síne | 9 | 12 | (3) |
CTSanna | 53 | 83 | (29) |
Eile | 0 | 0 | (0) |
Glanioncam úis ar chúlchistí eachtracha | 2,089 | 2,537 | (449) |
Nóta 22.2 – Ioncam úis ag eascairt as na héilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras
In 2025, an t-ioncam úis a bhaineann le sciar 8% BCE de luach iomlán na nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 5.1 “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”), b’ionann é agus €2,900 milliún (2024: €5,232 mhilliún). Tharla an laghdú mar thoradh ar an meánráta íocaíochta níos ísle (2025: 2.3%, 2024: 4.1%), ag eascairt go príomha as an laghdú ar eochair-rátaí úis BCE in 2025 agus, ar bhonn níos lú, as cur i bhfeidhm an ráta saoráide taisce mar ráta íocaíochta in ionad an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach “Saincheisteanna eile” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).
Nóta 22.3 – Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh
In 2025, an speansas íocaíochta a d’eascair as éilimh BCNanna an limistéir euro i leith na gcúlchistí eachtracha a aistríodh chuig BCE (féach nóta 11.1 “Dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha”), b’ionann é agus €790 milliún (2024: €1,448 milliún). Tharla an laghdú mar thoradh ar an meánráta íocaíochta níos ísle (2025: 2.3%, 2024: 4.1%), arna choigeartú chun go léireofaí toradh nialasach ar an gcomhpháirt óir, a d’eascair go príomha as an laghdú ar eochair-rátaí úis BCE in 2025 agus, ar bhonn níos lú, as cur i bhfeidhm an ráta saoráide taisce mar bhonn don íocaíocht in ionad an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach “Saincheisteanna eile” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).
Nóta 22.4 – Glanioncam úis ar urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta
Is mar seo a leanas a bhí an glanioncam úis ar urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
SMP1 | 15 | 24 | (9) |
APP | |||
CBPP3 | 159 | 178 | (20) |
ABSPP | 137 | 419 | (281) |
PSPP – urrúis rialtais/gníomhaireachta | 2,022 | 2,022 | (0) |
APP Iomlán | 2,318 | 2,619 | (301) |
PEPP | |||
PEPP – bannaí faoi chumhdach | 6 | 6 | 0 |
PEPP – urrúis rialtais/gníomhaireachta | 1,475 | 1,201 | 274 |
PEPP Iomlán | 1,481 | 1,206 | 275 |
Glanioncam úis ar urrúis a choinnítear chun críocha an bheartais airgeadaíochta | 3,814 | 3,850 | (36) |
1) Ba é €14 mhilliún glanioncam úis BCE ar shealúchais SMP de bhannaí rialtais na Gréige (2024: €18 milliún).
Nóta 22.5 – Glanspeansas úis ag eascairt as iarmhéideanna TARGET a bhí dlite ó/do BCNanna
Is mar seo a leanas a bhí an glanspeansas úis a d’eascair as iarmhéideanna TARGET a bhí dlite ó BCNanna/chuig BCNanna:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Ioncam úis ag eascairt as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna | 29,896 | 54,542 | (24,645) |
- BCNanna an limistéir euro | 29,896 | 54,542 | (24,645) |
Speansas úis ag eascairt as iarmhéideanna TARGET atá dlite do BCNanna | (37,603) | (70,216) | 32,613 |
- BCNanna an limistéir euro | (37,586) | (70,150) | 32,564 |
- BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro | (17) | (66) | 49 |
Glanspeansas úis ag eascairt as iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/do BCNanna | (7,706) | (15,674) | 7,968 |
Tharla an laghdú den chuid is mó mar thoradh ar an meánráta íocaíochta níos ísle (2025: 2.3%, 2024: 4.1%), ag eascairt go príomha as an laghdú ar eochair-rátaí úis BCE in 2025 agus, ar bhonn níos lú, as cur i bhfeidhm an ráta saoráide taisce mar ráta íocaíochta in ionad an ráta ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach “Saincheisteanna eile” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). Chuir iarmhéideanna níos ísle TARGET, mar thoradh go príomha ar urrúis beartais airgeadaíochta a bheith ag teacht in aibíocht, leis an laghdú sin freisin.
Nóta 23 – Gnóthachain/(caillteanais) réadaithe ag eascairt as oibríochtaí airgeadais
Is mar seo a leanas a bhí gnóthachain agus caillteanais réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Glanghnóthachain/(glanchaillteanais) réadaithe praghais | 45 | (53) | 98 |
Glanghnóthachain réadaithe ráta malairte agus órphraghais | 905 | 36 | 869 |
Glanghnóthachain/(glanchaillteanais) réadaithe ag eascairt as oibríochtaí airgeadais | 950 | (17) | 967 |
San áireamh sa ghlantoradh praghais réadaithe tá gnóthachain agus caillteanais réadaithe ar urrúis agus todhchaíochtaí ráta úis. Ba iad na gnóthachain phraghais a réadaíodh ar dhíol urrús arna n-ainmniú i ndollar SAM, ar tháinig méadú ar a margadhphraghas de bharr laghdú ar na torthaí comhfhreagracha, ba mhó a spreag na glanghnóthachain phraghais réadaithe in 2025.
D’eascair na glanghnóthachain ráta malairte réadaithe in 2025 den chuid is mó as athchothromú caighdeánach ar chomhdhéanamh chúlchistí eachtracha BCE le linn na chéad ráithe de 2025 chun go mbeifí i gcomhréir leis an sprioc-leithdháileadh. Dhíol BCE cuid bheag dá shealúchais i ndollar na Stát Aontaithe agus rinne sé na fáltais a athinfheistiú go hiomlán i yen na Seapáine.
Is mar seo a leanas a bhí na gnóthachain agus na caillteanais réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais, arna miondealú de réir airgeadra agus ráithe:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | |||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Q1 | Q2 | Q3 | Q4 | Iomlán | Q1 | Q2 | Q3 | Q4 | Iomlán | |
Glanghnóthachain/(glanchaillteanais) réadaithe praghais | ||||||||||
Dollar SAM | 11 | 29 | 39 | 17 | 97 | (10) | (23) | 38 | (13) | (8) |
Yen na Seapáine | (8) | (4) | (7) | (5) | (23) | (0) | (2) | (0) | (2) | (4) |
Renminbi na Síne | 1 | 0 | 1 | 1 | 4 | 1 | 1 | 3 | 1 | 7 |
Euro | (26) | (2) | (2) | (1) | (32) | (27) | (11) | (3) | (6) | (48) |
Fo‑iomlán | (22) | 23 | 31 | 12 | 45 | (36) | (35) | 38 | (20) | (53) |
Glanghnóthachain/(glanchaillteanais) réadaithe ráta malairte agus órphraghais | ||||||||||
Dollar SAM | 909 | 0 | 0 | 0 | 909 | (0) | (0) | 0 | 37 | 37 |
Yen na Seapáine | 0 | (0) | (0) | (8) | (8) | (0) | (0) | (0) | (0) | (1) |
Renminbi na Síne | 0 | 0 | 0 | (0) | (0) | 0 | (0) | (0) | (0) | (0) |
Eile | 5 | 0 | (1) | (0) | 4 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |
Fo‑iomlán | 914 | (0) | (1) | (8) | 905 | (0) | (0) | 0 | 36 | 36 |
Iomlán | 892 | 23 | 30 | 4 | 950 | (36) | (35) | 38 | 17 | (17) |
Nóta 24 – Díluacháil ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais
Is mar seo a leanas a bhí na díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Caillteanais neamhréadaithe phraghais ar urrúis | (130) | (187) | 57 |
Caillteanais neamhréadaithe ráta malairte | (1,316) | (81) | (1,235) |
Díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais | (1,446) | (269) | (1,178) |
In 2025 tháinig laghdú ar mhargadhluach roinnt urrús, arna sealbhú go príomha sna cistí dílse agus i bpunanna yen na Seapáine, agus tháinig méadú ar na torthaí comhfhreagracha. Bhí caillteanais neamhréadaithe phraghais ag deireadh na bliana mar thoradh air sin.
D’eascair na caillteanais neamhréadaithe ráta malairte as sealúchais airgeadra eachtraigh uile BCE cé is moite de shealúchas dhollar SAM, agus tháinig €1,229 milliún ó shealúchas yen na Seapáine. Rinneadh meánchostas éadála na sealúchas sin a dhíluacháil go ráta malairte dheireadh na bliana 2025 de bharr dhímheas na n-airgeadraí sin in aghaidh an euro go leibhéal níos ísle ná a meánchostas.
Nóta 25 – Glanioncam/(glanspeansas) ó tháillí agus ó choimisiúin
Is mar seo a leanas a bhí an glanioncam a bhain le táillí agus le coimisiúin:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin | 719 | 697 | 22 |
Speansais a bhaineann le táillí agus coimisiúin | (19) | (22) | 3 |
Glanioncam ó tháillí agus ó choimisiúin | 700 | 674 | 26 |
Táillí maoirseachta go príomha atá in ioncam faoin mír seo. Táillí cumhdaigh is mó atá i gceist leis na speansais.
Ioncam agus speansais a bhain le cúraimí maoirseachta
Is mar seo a leanas a bhí an t-ioncam a bhain le cúraimí maoirseachta:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Ioncam ó tháillí maoirseachta | 690 | 681 | 9 |
- Ioncam ó tháillí ó eintitis shuntasacha nó ó ghrúpaí suntasacha | 659 | 651 | 8 |
- Ioncam ó tháillí ó eintitis nach bhfuil chomh suntasach céanna nó ó ghrúpaí nach bhfuil chomh suntasach céanna | 31 | 29 | 2 |
Pionóis riaracháin arna bhforchur | 29 | 16 | 13 |
Ioncam a bhaineann le cúraimí maoirseachta baincéireachta | 718 | 696 | 22 |
Is éard atá in ioncam a bhaineann le maoirseacht baincéireachta den chuid is mó ioncam ó tháillí maoirseachta a thoibhítear go bliantúil ar eintitis faoi mhaoirseacht chun an caiteachas bliantúil a thabhaíonn BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil.
Speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht ón maoirseacht dhíreach ar eintitis shuntasacha, an fhormhaoirseacht ar mhaoirseacht eintitis a bhfuil suntas níos lú ag baint leo agus déanamh tascanna cothrománacha agus seirbhísí speisialaithe. Is éard atá iontu speansais dhíreacha a bhaineann le feidhm mhaoirseachta BCE agus na speansais ábhartha a eascraíonn as réimsí tacaíochta is gá chun freagrachtaí maoirseachta BCE a chomhlíonadh. Is léiriú é sin ar a gcuid seirbhísí i ndáil le háitribh agus saoráidí; acmhainní daonna; teicneolaíocht faisnéise (TF); dlí, iniúchadh agus riarachán; cumarsáid agus aistriúchán; agus gníomhaíochtaí eile.
Tháinig méadú ar na speansais bhliantúla iarbhír a bhaineann le cúraimí maoirseachta BCE mar gheall ar na tástálacha struis débhliantúla ar fud an Aontais a rinneadh in 2025,[59] ar an sainordú nua a tugadh isteach leis an nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil (DORA)[60] agus ar infheistíocht leanúnach i gcórais TF atá tiomnaithe don mhaoirseacht baincéireachta.
Chun méid na dtáillí atá le híoc ag na heintitis faoi mhaoirseacht a chinneadh, déantar an caiteachas bliantúil iarbhír a choigeartú i leith méideanna a aisíoctar le bainc aonair/a fhaightear ó bhainc aonair le haghaidh tréimhsí táillí roimhe sin agus coigeartuithe eile, lena n-áirítear ús a fhaightear ar íocaíochtaí déanacha.[61] Agus coigeartú a chomhfhreagraíonn don ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha chomh maith le glan-aisíocaíochtaí le bainc aonair i leith tréimhsí táillí roimhe seo á gcur san áireamh, ba tháillí maoirseachta bliantúla dar luach €690 milliún a bhí le tobhach ar na heintitis faoi mhaoirseacht i leith thréimhse táillí 2025 (féach nóta 6.4 “Cruinnithe agus speansais réamhíoctha”). Tá an t-iomlán sin beagnach comhionann leis na speansais bhliantúla iarbhír.[62] Déanfar na táillí maoirseachta aonair a shonrascadh sa dara ráithe de 2026.[63]
Tá BCE i dteideal freisin pionóis riaracháin a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht as dlí baincéireachta an Aontais is infheidhme maidir le ceanglais stuamachta (lena n‑áirítear cinntí maoirseachta BCE) a neamhchomhlíonadh. Ní dhéantar an t‑ioncam gaolmhar a mheas i ríomh táillí maoirseachta bliantúla, ná ní aisíoctar na pionóis sin i gcás ina ndéanfar cinntí smachtbhannaí roimhe sin a leasú nó a neamhniú. Ina ionad sin, déantar na suimeanna lena mbaineann a thaifeadadh i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE.
Nóta 26 – Ioncam ó ionstraimí cothromais agus ó leasanna rannpháirteachais
Ba é €14 mhilliún an t-ioncam ó ionstraimí cothromais agus ó leasanna rannpháirteachais in 2025 (2024: €1 mhilliún). Áiríodh san iomlán díbhinní arna bhfáil ar na cistí arna dtrádáil ar an malartán cothromas agus atá á sealbhú i bpunann cistí dílse BCE agus ar na scaireanna in BIS atá á sealbhú ag BCE (féach nóta 6.2 “Sócmhainní airgeadais eile”).
Nóta 27 – Ioncam eile
Ba é €135 mhilliún an t-ioncam ilghnéitheach eile in 2025 (2024: €119 milliún). D’eascair an t-iomlán go príomha as ranníocaíochtaí BCNanna rannpháirteacha le costais arna dtabhú ag BCE i ndáil le tionscadail agus seirbhísí CEBC.
Nóta 28 – Costais foirne
Is mar seo a leanas a bhí na costais foirne:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Tuarastail agus liúntais | 619 | 560 | 59 |
Árachas foirne | 29 | 26 | 2 |
Sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile | 162 | 258 | (96) |
Costais foirne | 809 | 844 | (34) |
B’ionann meánlíon na bhfostaithe in 2025, arna léiriú i gcoibhéis lánaimseartha (FTEnna),[64] agus 4,388 (2024: 4,297), agus bhí 388 díobh sin (2024: 386) ar an bhfoireann bainistíochta.
Bhí na costais i ndáil le sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile níos ísle in 2025 go príomha toisc gur muirearaíodh costas seirbhíse roimhe seo neamh-athfhillteach in 2024 i ndáil le leasú ar na rialacha lena rialaítear pleananna pinsin BCE. I gcomhréir le rialacha cuntasaíochta ábhartha BCE maidir le pinsin, aithníodh an costas sin ina iomláine sa chuntas brabúis agus caillteanais do 2024 nuair a rinneadh an cinneadh. Tháinig méadú ar thuarastail agus ar liúntais in 2025 i gcomhréir leis an meánlíon foirne níos airde atá beartaithe a bheith fostaithe ag BCE agus leis na coigeartuithe rialta tuarastail.
Luach saothair ó BCE don Bhord Feidhmiúcháin agus don Bhord Maoirseachta
Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta atá fostaithe ag BCE tuarastal bunúsach agus liúntas cónaithe (15% den bhuntuarastal). I gcás an Uachtaráin, cuirtear áit chónaithe ar fáil in ionad liúntas cónaithe. Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta liúntas ionadaíochta chomh maith.[65] Faoi réir Choinníollacha Fostaíochta Fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh,[66] d’fhéadfadh comhaltaí an dá bhord a bheith i dteideal liúntais teaghlaigh, leanaí, oideachais agus liúntais eile a fháil, ag brath ar a gcúinsí aonair. Tá na tuarastail faoi réir cáin ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, chomh maith le hasbhaintí i dtaca le ranníocaíochtaí leis na scéimeanna pinsin, leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí. Níl liúntais faoi réir cánach agus ní féidir pinsean a éileamh uathu.
In 2025 ba iad seo a leanas buntuarastail chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta a bhí fostaithe ag BCE (i.e. gan ionadaithe maoirseoirí náisiúnta a áireamh):[67]
(EUR)
2025 | 2024 | |
|---|---|---|
An Bord Feidhmiúcháin – Iomlán | 2,320,416 | 2,197,332 |
Christine Lagarde (Uachtarán) | 492,204 | 466,092 |
Luis de Guindos (Leas-Uachtarán) | 421,908 | 399,528 |
Piero Cipollone (Comhalta Boird) | 351,576 | 332,928 |
Frank Elderson (Comhalta Boird) | 351,576 | 332,928 |
Philip R. Lane (Comhalta Boird) | 351,576 | 332,928 |
Isabel Schnabel (Comhalta Boird) | 351,576 | 332,928 |
An Bord Maoirseachta (comhaltaí atá fostaithe ag BCE) – Iomlán1 | 1,604,632 | 1,364,558 |
lena mbaineann an sciar seo a leanas: | ||
Claudia Buch (Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta) | 351,576 | 332,928 |
Iomlán | 3,925,048 | 3,561,890 |
1) Áirítear san fhigiúr iomlán luach saothair Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta agus chomhaltaí BCE. Ní fhaigheann Frank Elderson aon luach saothair breise ina ról mar Leas‑Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta. Rinneadh difear do na hiomláin le haghaidh 2024 mar gheall ar bhearna idir deireadh agus tús théarmaí oifige beirt chomhaltaí den Bhord Maoirseachta agus a gcomharbaí.
Na liúntais iomlána a íocadh le comhaltaí an dá bhord agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son, b’ionann iad agus €1,320,276 (2024: €1,254,013).
Féadfar íocaíochtaí idirthréimhseacha a dhéanamh le hiarchomhaltaí de chuid an dá bhord ar feadh tréimhse theoranta tar éis dheireadh a dtéarmaí oifige. In 2025, b’ionann na híocaíochtaí sin, lena n-áirítear liúntais ghaolmhara agus ranníocaíochtaí BCE leis na scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais tionóisce, agus €1,039,478 (2024: €552,772). Tháinig méadú ar na híocaíochtaí sin in 2025 toisc go bhfuair formhór na gcomhaltaí boird iad don bhliain ar fad, ach in 2024 ní bhfuair cuid de na comhaltaí sin iad ach ar feadh cúpla mí.
Na híocaíochtaí a bhain le pinsin, lena n-áirítear liúntais iarfhostaíochta, agus na ranníocaíochtaí le scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais tionóisce le haghaidh iarchomhaltaí boird agus a gcleithiúnach, b’ionann iad agus €2,005,333 (2024: €2,185,215).[68] In 2025, cosúil le 2024, áiríodh sa mhéid sin íocaíocht chnapshuime le hiarchomhalta boird amháin ar imeacht don duine sin in ionad íocaíochtaí pinsin amach anseo.
Nóta 29 – Speansais riaracháin
Is mar seo a leanas a bhí na speansais riaracháin:
(EUR milliúin)
2025 | 2024 | Athrú | |
|---|---|---|---|
Cíos, cothabháil maoine agus fóntais | 62 | 57 | 5 |
Speansais a bhain leis an bhfoireann | 69 | 74 | (5) |
Speansais i ndáil le TF | 170 | 153 | 17 |
Seirbhísí seachtracha | 142 | 162 | (20) |
Speansais eile | 73 | 67 | 6 |
Speansais riaracháin | 516 | 513 | 4 |
An méadú beag a tháinig ar na speansais riaracháin in 2025, ba é an caiteachas níos airde ar sheirbhísí agus tionscadail TF (“speansais i ndáil le TF”) ba mhó ba chúis leis. Tharla an laghdú ar na “Seirbhísí seachtracha” go príomha de bharr speansais níos ísle i ndáil le seirbhísí comhairleacha airgeadais agus seirbhísí sainchomhairliúcháin eile agus de bharr costais a ath-leithdháileadh go speansais i ndáil le TF de bharr athruithe ar na samhlacha seachadta TF.
Nóta 30 – Seirbhísí táirgthe nótaí bainc
In 2025 b’ionann an speansas sin agus €8 milliún (2024: €9 milliún). D’eascair an t-iomlán go príomha as iompar trasteorann nótaí bainc euro (i) idir clólanna nótaí bainc agus BCNanna, chun nótaí bainc nua a sheachadadh; agus (ii) idir BCNanna, chun ganntanais a chúiteamh le stoic bharrachais. Seasann BCE na costais sin go lárnach.
Nóta 31 – Aistriú (chuig)/ó sholáthairtí in aghaidh riosca
Rinneadh an soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais (féach “Soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) a úsáid go hiomlán chun caillteanais in 2022 agus in 2023 as neamhchosaintí ar rioscaí airgeadais a chumhdach. Ós rud é nach ndearnadh aon aistriú chuig an soláthar sin sna blianta ina dhiaidh sin, tá an soláthar sin cothrom le nialas ó dheireadh 2023 i leith.
2.7 Teagmhais tar éis dháta an chláir comhardaithe
Nóta 32 – Aontachas na Bulgáire leis an limistéar euro
De bhun Chinneadh (AE) 2025/1407 ón gComhairle an 8 Iúil 2025,[69] arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ghlac an Bhulgáir an t-airgeadra aonair an 1 Eanáir 2026. I gcomhréir le hAirteagal 48.1 de Reacht CEBC agus leis na gníomhartha dlí a ghlac an Chomhairle Rialaithe an 31 Nollaig 2025, d’íoc[70] Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) suim €102 mhilliún le héifeacht ón 1 Eanáir 2026, arb é an chuid eile dá shuibscríobh caipitil le BCE é. I gcomhréir le hAirteagal 48.1, in éineacht le hAirteagal 30.1, de Reacht CEBC, d’aistrigh Banc Náisiúnta na Bulgáire sócmhainní cúlchistí eachtracha dar luach iomlán €1,483 mhilliún chuig BCE le héifeacht ón 1 Eanáir 2026. Is éard a bhí sna cúlsócmhainní eachtracha sin dollar na Stát Aontaithe i bhfoirm airgead tirim (85%) agus ór (15%).
Rinneadh éilimh i leith an chaipitil íoctha agus i leith cúlsócmhainní eachtracha a bhí coibhéiseach leis na méideanna a aistríodh a chreidiúnú do Bhanc Náisiúnta na Bulgáire. Caithfear leis an dara ceann acu sin ar an gcaoi chéanna a gcaitear leis na héilimh atá ann cheana ó BCNanna eile an limistéir euro (féach nóta 11.1 “Dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha”).
2.8 Ráitis airgeadais 2021-25
Clár comhardaithe
Sócmhainní
(EUR milliúin)
2021 | 2022 | 2023 | 2024 | 2025 | |
|---|---|---|---|---|---|
Ór agus infháltais óir | 26,121 | 27,689 | 30,419 | 40,895 | 59,754 |
Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach | 51,433 | 55,603 | 55,876 | 58,117 | 54,764 |
Infháltais ó CAI | 1,234 | 1,759 | 2,083 | 2,227 | 1,772 |
Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile | 50,199 | 53,844 | 53,793 | 55,890 | 52,992 |
Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro, arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach | 2,776 | 1,159 | 1,450 | 4,094 | 2,236 |
Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro | 3,070 | - | - | - | - |
Iarmhéideanna le bainc, infheistíochtaí urrúis agus iasachtaí | 3,070 | - | - | - | - |
Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro | 38 | 12 | 17 | 2 | 1 |
Urrúis cónaitheoirí sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro | 445,384 | 457,271 | 425,349 | 376,781 | 325,265 |
Urrúis arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta | 445,384 | 457,271 | 425,349 | 376,781 | 325,265 |
Éilimh in-Eurochórais | 123,551 | 125,763 | 125,378 | 127,067 | 129,563 |
Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras | 123,551 | 125,763 | 125,378 | 127,067 | 129,563 |
Sócmhainní eile | 27,765 | 31,355 | 34,739 | 33,644 | 31,756 |
Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe | 1,189 | 1,105 | 1,023 | 971 | 1,055 |
Sócmhainní airgeadais eile | 21,152 | 21,213 | 22,172 | 22,781 | 23,211 |
Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe | 620 | 783 | 552 | 681 | 273 |
Fabhruithe agus speansais réamhíoctha | 4,055 | 7,815 | 10,905 | 9,158 | 7,108 |
Ilghnéitheach | 749 | 438 | 88 | 53 | 110 |
Iomlán na sócmhainní | 680,140 | 698,853 | 673,229 | 640,600 | 603,339 |
Dliteanais
(EUR milliúin)
2021 | 2022 | 2023 | 2024 | 2025 | |
|---|---|---|---|---|---|
Nótaí bainc i gcúrsaíocht | 123,551 | 125,763 | 125,378 | 127,067 | 129,563 |
Dliteanais eile i leith institiúidí creidmheasa sa limistéar euro, arna n-ainmniú in euro | 9,473 | 17,734 | 4,699 | 2,388 | 489 |
Dliteanais i leith cónaitheoirí eile sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro | 7,604 | 63,863 | 20,622 | 24,554 | 26,022 |
Ollfhiachas rialtais | 3,200 | 48,520 | 143 | 73 | 74 |
Dliteanais eile | 4,404 | 15,343 | 20,479 | 24,482 | 25,947 |
Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro | 112,492 | 78,108 | 23,111 | 39,859 | 26,846 |
Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach | - | - | 24 | - | - |
Taiscí, iarmhéideanna agus dliteanais eile | - | - | 24 | - | - |
Dliteanais in-Eurochórais | 375,136 | 355,474 | 445,048 | 388,676 | 354,060 |
Dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha | 40,344 | 40,344 | 40,671 | 40,562 | 40,562 |
Dliteanais a bhaineann le TARGET (glan) | 334,618 | 315,090 | 404,336 | 348,074 | 313,491 |
Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan) | 174 | 41 | 40 | 40 | 8 |
Dliteanais eile | 2,877 | 5,908 | 9,498 | 7,615 | 4,745 |
Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe | 568 | 430 | 68 | - | 0 |
Fabhruithe agus ioncam a bailíodh roimh ré | 32 | 3,915 | 8,030 | 6,288 | 3,661 |
Ilghnéitheach | 2,277 | 1,562 | 1,401 | 1,327 | 1,084 |
Soláthairtí | 8,268 | 6,636 | 67 | 72 | 84 |
Forálacha i leith riosca | 8,194 | 6,566 | - | - | - |
Soláthairtí eile | 74 | 69 | 67 | 72 | 84 |
Cuntais athluachála | 32,277 | 36,487 | 37,099 | 50,653 | 63,068 |
Caipiteal agus cúlchistí | 8,270 | 8,880 | 8,948 | 8,925 | 8,925 |
Caipiteal | 8,270 | 8,880 | 8,948 | 8,925 | 8,925 |
Caillteanais charntha arna dtabhairt ar aghaidh | - | - | - | (1,266) | (9,210) |
Brabús/(caillteanas) don bhliain | 192 | - | (1,266) | (7,944) | (1,254) |
Iomlán na ndliteanas | 680,140 | 698,853 | 673,229 | 640,600 | 603,339 |
Nóta: Chun inchomparáideacht a áirithiú, rinneadh leagan amach an chláir comhardaithe do na blianta 2021-23 a choigeartú chun go mbeidh sé ag teacht leis an leagan amach a tugadh isteach in 2024. Thairis sin, ós rud é gur cuireadh an mhír “Brabús/(caillteanas) don bhliain” san áireamh mar mhír dhiúltach neamhspleách ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe, rinneadh na méideanna i leith “Sócmhainní iomlána” agus “Dliteanais iomlána” in 2023 a choigeartú dá réir sin. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na hathruithe sin le fáil faoi “Athruithe ar an gcur i láthair sna ráitis airgeadais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” de Chuntais Bhliantúla BCE, 2024.
Cuntas brabúis agus caillteanais
(EUR milliúin)
2021 | 2022 | 2023 | 2024 | 2025 | |
|---|---|---|---|---|---|
Glanioncam úis/(glanspeansas úis) | 1,566 | 900 | (7,193) | (6,983) | (178) |
Ioncam úis | 1,575 | 12,314 | 63,723 | 66,898 | 39,328 |
Speansas úis | (9) | (11,414) | (70,916) | (73,881) | (39,507) |
Glantoradh na n-oibríochtaí airgeadais agus na ndíluachálacha | (139) | (1,950) | (144) | (286) | (497) |
Gnóthachain/(caillteanais) réadaithe ag eascairt as oibríochtaí airgeadais | (6) | (110) | (106) | (17) | 950 |
Díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais | (133) | (1,840) | (38) | (269) | (1,446) |
Glanioncam/(glanspeansas) ó tháillí agus ó choimisiúin | 559 | 585 | 650 | 674 | 700 |
Ioncam ó ionstraimí cothromais agus ó leasanna rannpháirteachais | 2 | 1 | 1 | 1 | 14 |
Ioncam eile | 56 | 61 | 72 | 119 | 135 |
Costais foirne | (674) | (652) | (676) | (844) | (809) |
Speansais riaracháin | (444) | (460) | (481) | (513) | (516) |
Dímheas sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe | (108) | (103) | (106) | (104) | (94) |
Seirbhís táirgthe nótaí bainc | (13) | (9) | (9) | (9) | (8) |
Speansais eile | (5) | - | - | - | - |
Brabús/(caillteanas) roimh an aistriú (chuig)/ó sholáthairtí in aghaidh riosca | 802 | (1,627) | (7,886) | (7,944) | (1,254) |
Aistriú (chuig)/ó sholáthairtí in aghaidh riosca | (610) | 1,627 | 6,620 | - | - |
Brabús/(caillteanas) don bhliain | 192 | - | (1,266) | (7,944) | (1,254) |
Dáileadh brabúis | 192 | - | - | - | - |
Nóta: Chun inchomparáideacht a áirithiú, coigeartaíodh leagan amach an chuntais brabúis agus caillteanais le haghaidh na mblianta 2021-23 chun go mbeidh sé ag teacht leis an leagan amach a tugadh isteach in 2024. Thairis sin, rinneadh na méideanna a thaispeántar faoi na fomhíreanna “Ioncam úis” agus “Speansas úis” a athshonrú i gcomhréir leis an réasúnaíocht glanluachála ioncaim úis agus speansais úis atá á cur i bhfeidhm ó 2024 i leith. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis na hathruithe sin le fáil faoi “Athruithe ar an gcur i láthair sna ráitis airgeadais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” de Chuntais Bhliantúla BCE, 2024.
3 Tuarascáil an iniúchóra neamhspleách

Chuig Uachtarán agus Comhairle Rialaithe
an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main
Tuarascáil maidir leis an Iniúchadh ar Ráitis Airgeadais BCE 2025
Tuairim
Rinneamar iniúchadh ar Ráitis Airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2025 – atá ar áireamh i gCuntais Bhliantúla BCE – arb éard atá iontu an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, agus achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí mínithe eile.
Is é ár dtuairim go dtugtar sna Ráitis Airgeadais a ghabhann leis seo léargas fíorcheart ar staid airgeadais BCE mar a bhí amhlaidh an 31 Nollaig 2025 agus ar thorthaí a chuid oibríochtaí airgeadais don bhliain dar críoch an dáta sin i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32), atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2024/2941 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2024/31).
Bonn na Tuairime
Rinneamar ár n-iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (“ISAnna”). Déantar cur síos mionsonraithe ar ár bhfreagrachtaí faoi na caighdeáin sin faoin mír Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais inár dtuarascáil. Táimid neamhspleách ar BCE i gcomhréir leis na ceanglais eitice de chuid na Gearmáine atá ábhartha dár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, atá ag teacht leis an gCód Eitice le haghaidh Cuntasóirí Gairmiúla de chuid an Bhoird Idirnáisiúnta Caighdeán Eitice le haghaidh Cuntasóirí (“Cód IESBA”) agus chomhlíonamar ár bhfreagrachtaí eitice eile i gcomhréir leis na ceanglais sin. Creidimid go bhfuil an fhianaise iniúchta a fuaireamar dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim.
Faisnéis Eile
Tá Bord Feidhmiúcháin BCE (“an Bord Feidhmiúcháin”) freagrach as an bhfaisnéis eile a chuirtear ar fáil i gCuntais Bhliantúla BCE. Is éard atá san fhaisnéis eile ná an fhaisnéis uile atá san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil BCE seachas Ráitis Airgeadais BCE agus an tuarascáil iniúchóra dár gcuid.
Ní chuimsíonn ár dtuairim ar na Ráitis Airgeadais an fhaisnéis eile agus ní léirímid aon chineál tátail dheimhnithe maidir leis an bhfaisnéis sin.
Maidir lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, tá sé de fhreagracht orainn an fhaisnéis eile a léamh agus, é sin ar bun againn, an méid seo a leanas a mheas: an bhfuil an fhaisnéis eile neamhréireach go hábhartha leis na Ráitis Airgeadais nó leis an eolas a fuaireamar san iniúchadh, nó an léir go bhfuil sí míshonraithe go hábhartha ar shlí eile?
Freagrachtaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus iad siúd a raibh dualgas orthu maidir le Rialachas i gcomhair na Ráiteas Airgeadais
Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as ullmhú agus cur i láthair cothrom na Ráiteas Airgeadais i gcomhréir leis na prionsabail arna mbunú ag an gComhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2024/2938 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir le cuntais bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2024/32), atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2024/2941 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2024/31), agus as cibé rialú inmheánach a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin a bheith riachtanach chun gur féidir Ráitis Airgeadais atá saor ó mhíshonrú ábhartha, tarlaíodh sé sin de bharr calaoise nó de bharr earráide, a ullmhú.
Agus na Ráitis Airgeadais á n-ullmhú, tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach a mheas, as nithe a bhaineann le gnóthas leantach a nochtadh, de réir mar is infheidhme, agus as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a úsáid.
Tá na daoine siúd a raibh dualgas an rialachais orthu freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas tuairiscithe airgeadais BCE.
Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais
Is iad ár spriocanna ná dearbhú réasúnta a fháil i dtaobh an bhfuil nó nach bhfuil na Ráitis Airgeadais saor trí chéile ó mhíshonrú ábhartha, tarlaíodh sé sin de bharr calaoise nó de bharr earráide, agus tuarascáil iniúchóra a bhfuil ár dtuairim ar áireamh inti a eisiúint. Is ardleibhéal dearbhuithe é dearbhú réasúnta, ach ní gealltanas atá ann go n-aimseoidh iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta míshonrú ábhartha i gcónaí más ann dó. Is féidir le míshonruithe eascairt as calaois nó as earráid agus meastar go bhfuil siad ábhartha i gcás ina bhféadfaí a bheith ag dréim leis le réasún go n-imreoidís tionchar, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhiomláin, ar chinntí eacnamaíocha na n-úsáideoirí a dhéantar ar bhonn na Ráiteas Airgeadais seo.
Mar chuid d’iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta, bainimid leas as breithiúnas gairmiúil agus coinnímid amhras gairmiúil i bpleanáil agus i ndéanamh an iniúchta síos tríd. Ina theannta sin:
- Aithnímid agus measaimid na rioscaí a bhaineann le míshonrú ábhartha sna Ráitis Airgeadais, a tharlódh de bharr calaoise nó de bharr earráide, dearaimid agus cuirimid nósanna imeachta iniúchta i gcrích a mbíonn aird acu ar na rioscaí sin, agus faighimid fianaise iniúchta atá dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim. Tá an riosca nach mbraithfear míshonrú ábhartha mar thoradh ar chalaois níos airde ná an riosca nach mbraithfear míshonrú ábhartha mar thoradh ar earráid, toisc go bhféadfadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d’aon ghnó, mífhaisnéis nó sárú ar rialú inmheánach a bheith i gceist le calaois.
- Faighimid tuiscint ar rialú inmheánach a bhaineann leis an iniúchadh ar mhaithe le nósanna imeachta iniúchta a dhearadh atá cuí sna cúinsí ar leith, agus ní ar mhaithe le tuairim a nochtadh faoi éifeachtacht rialú inmheánach BCE.
- Déanaimid measúnú ar oiriúnacht na mbeartas cuntasaíochta a úsáideadh agus ar réasúnacht na meastachán cuntasaíochta agus na nochtaí gaolmhara arna soláthar ag an mBord Feidhmiúcháin.
- Tagaimid ar chonclúid maidir lena oiriúnaí a bhí an úsáid a bhain an Bord Feidhmiúcháin as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear, cinnimid cé acu atá nó nach bhfuil éiginnteacht ábharthach ann a bhaineann le teagmhais nó le dálaí lena bhféadfaí amhras suntasach a tharraingt ar chumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Má thagaimid ar an gconclúid go bhfuil éiginnteacht ábharthach ann, ní mór dúinn aird a tharraingt inár dtuarascáil iniúchóra ar na nochtaí gaolmhara sna Ráitis Airgeadais nó, mura leor na nochtaí sin, ár dtuairim a mhodhnú. Tá ár gcuid conclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear suas go dtí dáta ár dtuarascála iniúchóra.
- Déanaimid measúnú ar chur i láthair, leagan amach agus lánas iomlán na Ráiteas Airgeadais, lena n-áirítear na nochtaí, agus measúnú ar cé acu atá na Ráitis Airgeadais ina léiriú ar na hidirbhearta agus na teagmhais fholuiteacha ionas go mbaintear seasamh fíor agus cothrom amach.
Tá de cheangal orainn raon feidhme agus tráth beartaithe an iniúchta agus torthaí suntasacha an iniúchta, lena n-airítear aon easnaimh shuntasacha sa rialú inmheánach a dtagaimid orthu i gcaitheamh ár n-iniúchta, a chur in iúl dóibh siúd a bhfuil dualgas rialachais orthu.
Frankfurt am Main, 17 Feabhra 2026
Forvis Mazars GmbH & Co. KG
Wirtschaftsprüfungsgesellschaft
Steuerberatungsgesellschaft
![]()
| ![]()
|
4 Nóta maidir le dáileadh brabúis/leithdháileadh caillteanas
Ní cuid de ráitis airgeadais BCE don bhliain 2025 an nóta seo.
De bhun Airteagal 33 de Reacht CEBC, tá glanbhrabús BCE le haistriú san ord seo a leanas:
- tá méid atá le socrú ag an gComhairle Rialaithe, nach bhféadfaidh a bheith níos mó ná 20% den bhrabús glan, le haistriú chuig an gcúlchiste ginearálta faoi réir teorainn is ionann agus 100% den chaipiteal;
- déanfar fuíoll an bhrabúis ghlain a dháileadh ar scairshealbhóirí BCE i gcomhréir lena scaireanna íoctha.[71]
I gcás ina dtabhaíonn BCE caillteanas, féadfar an ganntanas a fhritháireamh in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcomhréir agus suas leis na méid a leithdháileadh ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32.5 de Reacht CEBC.[72]
Ba é €1,254 mhilliún caillteanas BCE do 2025, i gcomparáid le caillteanas €7,944 mhilliún in 2024. Tar éis don Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh, tabharfar an caillteanas sin ar aghaidh ar chlár comhardaithe BCE agus déanfar é a fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo.
© An Banc Ceannais Eorpach, 2026
Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh gréasáin www.ecb.europa.eu
Gach ceart ar cosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna neamhthráchtála ar an gcoinníoll go dtugtar aitheantas don fhoinse.
Chun téarmaíocht shonrach a fháil, féach gluais BCE (le fáil i mBéarla amháin).
HTML ISBN 978-92-899-7560-5, ISSN 2811-7611, doi:10.2866/6980189, QB-01-25-291-GA-Q
Sa doiciméad seo trí chéile, d’fhéadfadh sé nach suimeodh na huimhreacha a chuirtear i láthair go beacht go dtí na hiomláin agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh na céatadáin ina léiriú beacht ar na figiúirí absalóideacha mar gheall ar shlánú.
Is éard atá sna “ráitis airgeadais” an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí mínithe eile. Is éard atá sna “Cuntais Bhliantúla” na ráitis airgeadais, an tuarascáil bhainistíochta, tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus an nóta ar dháileachán brabúis/leithdháileadh caillteanas. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar sonraí ar na próisis ullmhaithe agus faofa gaolmhara ar shuíomh gréasáin BCE.
Chun sainmhíniú a fháil ar “glanchothromas” mar a úsáidtear é in ullmhú Chuntais Bhliantúla BCE, féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”.
Bhí 20 BCN san Eurochóras in 2025. An 8 Iúil 2025, d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh go foirmiúil glacadh an euro ag an mBulgáir an 1 Eanáir 2026. Ón dáta sin ar aghaidh, méadaíodh líon na BCNanna san Eurochóras go 21 nuair a tháinig Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) isteach ann.
Leagan comhdhlúite den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch.1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
Prótacal (Uimh 4) ar Chonradh ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 230). Is éard atá sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) BCE agus BCNanna na 27 mBallstát AE uile.
I gcomhréir le cur chun feidhme díláraithe an bheartais airgeadaíochta, is iad na BCNanna amháin a bhaineann úsáid as na hionstraimí beartais airgeadaíochta arna dtaifeadadh i gcláir chomhardaithe na BCNanna faoi “Iasachtú le hinstitiúidí creidmheasa sa limistéar euro a bhaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta arna n-ainmniú in euro” agus faoi “Dliteanais le hinstitiúidí creidmheasa sa limistéar euro a bhaineann le hoibríochtaí beartais airgeadaíochta arna n-ainmniú in euro”. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hionstraimí beartais airgeadaíochta an Eurochórais a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
Tá tuilleadh faisnéise ar na línte babhtála airgeadra le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hoibríochtaí euro lena soláthraítear leachtacht an Eurochórais in aghaidh comhthaobhacht incháilithe a fháil ar shuíomh gréasáin BCE. Is iad na BCNanna a oibríonn na línte athcheannaigh a bhfuil cur síos orthu ar an suíomh gréasáin freisin agus dá réir sin, níl aon tionchar acu ar ráitis airgeadais BCE.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le Seirbhísí TARGET a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
Is éard is córais choimhdeacha ann bonneagair margaidh airgeadais ar dheonaigh an Chomhairle Rialaithe rochtain ar chomhpháirt TARGET‑BCE dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a shainítear i gCinneadh (AE) 2022/911 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2022 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022, lch.1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo. Tá tuilleadh sonraí maidir le córais choimhdeacha le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Is éard atá in APP an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CBPP3), clár ceannaigh urrús sócmhainn-bhunaithe (ABSPP), clár ceannaigh na hearnála poiblí (PSPP) agus clár ceannaigh na hearnála corparáidí (CSPP). Ní bhfuair BCE urrúis faoi CSPP. Na catagóirí sócmhainní go léir a bhí incháilithe lena gceannach faoin APP atá ann cheana, bhí siad incháilithe faoi PEPP freisin. Tá tuilleadh sonraí faoin gclár ceannaigh sócmhainní agus faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Tá tuilleadh faisnéise faoi phróifíl aibíochta an chláir ceannaithe sócmhainní agus an chláir ceannaithe le haghaidh éigeandáil na paindéime le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Is éard atá i sealúchais airgeadra eachtraigh BCE sócmhainní a áirítear sa chlár comhardaithe faoi “Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí slándála, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile” agus “Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach”.
Ní gá go gcomhfhreagraíonn punann na gcistí dílse ó thaobh méide de do shuim chaipiteal íoctha, chúlchiste ginearálta agus sholáthar BCE in aghaidh rioscaí airgeadais. Is é is cúis leis sin den chuid is mó athinfheistiú ioncaim a gineadh ón bpunann, luacháil urrús ag praghsanna an mhargaidh, agus gluaiseachtaí sonracha sa chúlchiste ginearálta agus an soláthar in aghaidh rioscaí airgeadais.
Arna shainmhíniú mar shuim na sealúchas bannaí glasa díreacha agus na sealúchas i gciste EUR BISIP G2 mar sciar de chomhpháirt ioncaim sheasta na punainne cistí dílse.
I gcomhréir le moltaí an Tascfhórsa um Nochtaí Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, ullmhaíonn BCE nochtaí airgeadais bliantúla a bhaineann leis an aeráid maidir lena chistí dílse agus lena phunanna pinsin. Foilsíodh na nochtaí le haghaidh 2024 ar shuíomh gréasáin BCE i mí an Mheithimh 2025, agus táthar ag súil go bhfoilseofar na nochtaí le haghaidh 2025 i mí an Mheithimh 2026.
Tá ailíniú le sprioc Chomhaontú Pháras á lorg ag na tagarmharcanna atá ailínithe le Comhaontú Pháras chun an méadú ar mheánteochtaí domhanda a theorannú go 1.5°C.
Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 agus Rialachán (AE) 2018/1999 (“an Dlí Aeráide Eorpach”) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
Déantar speansais a thabhaíonn BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil trí bhíthin táillí maoirseachta bliantúla a thoibhítear ar eintitis faoi mhaoirseacht. Tá tuilleadh sonraí maidir le táillí maoirseachta le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.
I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, féadfaidh BCE gníomhú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí nó do ghníomhaireachtaí an Aontais, do rialtais láir, d’údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó d’údaráis phoiblí eile, do chomhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó do ghnóthais phoiblí na mBallstát.
Sa roinn seo, áirítear le “cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, airgeadra eachtrach, agus urrúis agus ionstraimí eile ach ní áirítear leis an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.
Úsáidtear an sainmhíniú seo ar ghlanchothromas chun Cuntais Bhliantúla BCE a ullmhú agus chun na críche sin amháin.
An 13 Márta 2024, chinn an Chomhairle Rialaithe ar athruithe ar an gcreat oibríochtúil chun an beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs céanna, chinn an Chomhairle Rialaithe freisin go mbeadh, ón 1 Eanáir 2025, an ráta úis a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an tsaoráid taisce a thairgeann an tEurochóras mar bhonn chun íocaíocht a dhéanamh i leith (i) éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras, (ii) iarmhéideanna TARGET atá dlite ó/chuig BCNanna, agus (iii) dliteanais atá coibhéiseach le haistriú cúlchistí eachtracha.
I gcomhréir le Roinn 1.3.2 “Glanchothromas’” áirítear le “cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, ar airgeadra eachtrach, agus ar urrúis agus ionstraimí eile ach ní áirítear leo an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.
Cuirtear ioncam ó tháillí maoirseachta san áireamh faoi “Ioncam agus speansais eile” (féach Cairt 13).
Sainmhínítear ES mar mheánchaillteanas, arna ualú de réir dóchúlachta, a tharlaíonn sa chás hipitéiseach is measa (100-p)%, agus p ag seasamh don leibhéal muiníne.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis an gcur chuige samhaltúcháin a fháil in The financial risk management of the Eurosystem’s monetary policy operations [Bainistiú riosca oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais], BCE, Iúil 2015.
Déantar torthaí na tástála struis ar shealúchais bannaí corparáide a ionchorprú sna nochtaí a bhaineann leis an aeráid ar shealúchais bannaí corparáideacha BCNanna sa limistéar euro faoi CSPP agus faoi PEPP, agus thosaigh BCE á bhfoilsiú go bliantúil ó mhí an Mhárta 2023. Tá tuilleadh sonraí le fáil in “Climate-related financial disclosures of the Eurosystem’s corporate sector holdings for monetary policy purposes [Nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid maidir le sealúchais earnála corparáidí an Eurochórais chun críocha an bheartais airgeadaíochta]”, BCE, Márta 2023.
Foilsíodh torthaí cáilíochtúla ginearálta na tástála struis sin i bhFeasachán Eacnamaíoch BCE. Féach “Results of the 2022 climate risk stress test of the Eurosystem balance sheet” [Torthaí thástáil struis riosca aeráide 2022 ar chlár comhardaithe an Eurochórais], Feasachán Eacnamaíoch, Eagrán 2, BCE, 2023.Foilsíodh torthaí thástáil struis aeráide 2024 mar chuid de “Climate-related financial disclosures of Eurosystem assets held for monetary policy purposes and of the ECB’s foreign reserves [Nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid maidir le sócmhainní an Eurochórais arna sealbhú chun críocha an bheartais airgeadaíochta agus maidir le cúlchistí eachtracha BCE]”, BCE, Meitheamh 2025.
Cuimsítear le riosca oibriúcháin gach riosca neamhairgeadais agus sainmhínítear é mar an riosca go mbeadh tionchar diúltach gnó, clú agus/nó airgeadais ar BCE mar thoradh ar dhaoine, ar chur chun feidhme neamh‑leordhóthanach nó mainneachtain rialachais inmheánaigh agus próiseas gnó, ar chliseadh córas ar a mbraitheann córais, nó ar theagmhais sheachtracha (e.g. tubaistí nádúrtha nó ionsaithe seachtracha).
Tá tuilleadh faisnéise ar struchtúr rialachais BCE le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Tá méadú tagtha le tamall ar an aird a thugtar ar bhainistiú rioscaí iompraíochta san earnáil chorparáideach agus san earnáil phoiblí. I gcás BCE, ciallaíonn bainistiú iompraíochta neamhchosaint na hinstitiúide ar dhamáiste do chlú, nó ar dhíobháil airgeadais nó ar chineálacha eile díobhála a mbíonn tionchar diúltach acu ar a leasanna, mar thoradh ar ghníomhaíochtaí d’aon ghnó nó faillíocha arna ndéanamh ag a hoifigigh ardleibhéil, a fostaithe nó a conraitheoirí nach bhfuil i gcomhréir le rialacha eitice, dlí agus sláine na hinstitiúide, nó le caighdeáin dea-rialachais agus dea-riaracháin na hinstitiúide.
Leagtar síos beartais chuntasaíochta mhionsonraithe BCE i gCinneadh (AE) 2024/2938 ón BCE an 14 Samhain 2024 ar chuntais bhliantúla an BCE (BCE/2024/32) (IO L, 2024/2938, 11.12.2024).
Chun cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais comhchuibhithe oibríochtaí an Eurochórais a áirithiú, tá an Cinneadh thuasluaite bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2024/2941 ón mBanc Ceannais Eorpach an 14 Samhain 2024 maidir leis an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2024/31) (IO L, 2024/2941, 11.12.2024).
Tá na beartais sin, a athbhreithnítear agus a nuashonraítear go rialta de réir mar a mheastar a bheith iomchuí, comhsheasmhach le forálacha Airteagal 26.4 de Reacht CEBC, lena gceanglaítear cur chuige comhchuibhithe maidir leis na rialacha lena rialaítear cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais oibríochtaí an Eurochórais.Tá tairseach íosta €100,000 i bhfeidhm le haghaidh fabhruithe agus soláthairtí riaracháin.
Aicmítear léas mar léas airgeadais má aistrítear go substaintiúil leis gach riosca agus tairbhe a ghabhann le húinéireacht na bunsócmhainne, agus aicmítear é mar léas oibriúcháin i gcásanna eile.
Áirítear an bhlianacht sin san oibleagáid sochair shainithe ón bpointe sin ar aghaidh.
An 31 Nollaig 2025, ar na BCNanna nach raibh sa limistéar euro agus a bhí rannpháirteach in TARGET bhí Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), Danmarks Nationalbank, Narodowy Bank Polski agus Banca Naţională a României.
Cinneadh BCE an 13 Nollaig 2010 maidir le heisiúint nótaí bainc in euro (BCE/2010/29) (2011/67/AE) (IO L 35, 09.02.2011, lch.26), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
Ciallaíonn “Scála leithdháilte nótaí bainc” na céatadáin a éiríonn as sciar BCE in eisiúint iomlán nótaí bainc euro a chur san áireamh agus an scála caipitil suibscríofa a chur i bhfeidhm ar sciar BCNanna san iomlán sin.
Cinneadh (AE) 2016/2248 ón mBanc Ceannais Eorpach an 3 Samhain 2016 maidir le leithdháileadh ioncaim airgeadaíochta bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu (BCE/2016/36) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 26), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
Ó dheireadh 2023 i leith tá an soláthar sin ag nialas toisc gur úsáideadh go hiomlán é chun caillteanais BCE a tharla in 2022 agus in 2023 a chumhdach.
Cinneadh (AE) 2015/298 BCE an 15 Nollaig 2014 ar eisiúint eatramhach ioncam BCE (BCE/2014/57) (IO L 53, 25.2.2015, lch.24), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
Féach preaseisiúint an 13 Márta 2024 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.
Cuimsítear leis na sealúchais sin sócmhainní lúide dliteanais a ainmnítear san airgeadra eachtrach atá leagtha amach agus atá faoi réir ag athluacháil airgeadra eachtraigh. Áirítear iad faoi “Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach”, faoi “Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro arna n-ainmniú in airgeadra eachtrach”, faoi “Fabhruithe agus speansais réamhíoctha”, faoi “Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” (taobh na ndliteanas) agus faoi “Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré” agus cuirtear san áireamh leo réamh-idirbhearta malairte eachtraí agus idirbhearta babhtála malairte eachtraí a áirítear i míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe. Gnóthachain praghais maidir le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach ag teacht chun cinn de bharr nach gcuirtear athluachálacha san áireamh.
Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an gClár Ceannaithe Sócmhainní le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir leis an gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
Is luachanna táscacha iad na margadhluachanna agus is de réir luachana margaidh a ríomhtar iad. Nuair nach mbíonn luachana margaidh ar fáil, déantar meastachán ar na margadhphraghsanna trí úsáid a bhaint as samhlacha inmheánacha de chuid an Eurochórais.
Ach amháin i gcás scaireanna cothromais a fuair BCN de chuid an Eurochórais in 2024 mar thoradh ar athstruchtúrú corparáideach, ar tugadh cuntas orthu ar an margadhluach. Díoladh na scaireanna cothromais sin in 2025.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le táillí maoirseachta le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht baincéireachta.
Déantar idirbhearta iasachta urrús nach mbíonn comhthaobhacht airgid neamhinfheistithe mar thoradh orthu ag deireadh na bliana a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe (féach nóta 17 “Cláir iasachta urrús”).
Is éard is córais choimhdeacha ann bonneagair margaidh airgeadais ar dheonaigh an Chomhairle Rialaithe rochtain ar chomhpháirt TARGET‑BCE dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a shainítear i gCinneadh (AE) 2022/911 ón mBanc Ceannais Eorpach an 19 Aibreán 2022 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022, lch.1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo. Ag brath ar an eintiteas bainistíochta, meastar gur cónaitheoirí sa limistéar euro iad na córais choimhdeacha (féach nóta 9.2 “Dliteanais eile”) nó gur cónaitheoirí nach bhfuil limistéar euro iad (féach nóta 10 “Dliteanais i leith cónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro arna n-ainmniú in euro”). Tá tuilleadh sonraí maidir le córais choimhdeacha le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Ní léiríonn colún sochair shainithe an phlean ach na ranníocaíochtaí éigeantacha a rinne BCE agus an fhoireann. B’ionann na ranníocaíochtaí deonacha a rinne an fhoireann i gcolún ranníocaíochta sainithe in 2025 agus €296 mhilliún (2024: €266 mhilliún). Tá na ranníocaíochtaí sin infheistithe sna sócmhainní plean agus tá oibleagáid chomhfhreagrach ar luach comhionann ann dá bharr sin.
Na caillteanais neamhréadaithe ar mó iad ag deireadh na bliana ná gnóthachain athluachála roimhe sin arna gcarnadh sa chuntas athluachála comhfhreagrach, taifeadtar iad mar dhíluachálacha sa chuntas brabúis agus caillteanais (féach nóta 24 “Díluachálacha ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais”).
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
Is féidir tuilleadh sonraí maidir le socruithe babhtála lena soláthraítear leachtacht a fháil ar shuíomh gréasáin BCE. Is iad BCNanna an limistéir euro a oibríonn na línte athcheannaigh a bhfuil tuairisc orthu ar an suíomh gréasáin seo freisin agus dá bhrí sin ní chuirtear san áireamh iad i gCuntais Bhliantúla BCE.
I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, féadfaidh BCE gníomhú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí nó do ghníomhaireachtaí an Aontais, do rialtais láir, d’údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó d’údaráis phoiblí eile, do chomhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó do ghnóthais phoiblí na mBallstát.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le tástálacha struis le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht baincéireachta.
Féach Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2014/41) (IO L 311, 31.10.2014, lch. 23), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.
Glacfar le cinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla le haghaidh 2025, agus foilseofar ina dhiaidh sin é i lár mhí an Mhárta 2026.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le táillí maoirseachta le fáil ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht baincéireachta.
Is ionann coibhéis lánaimseartha (FTE) agus aonad atá coibhéiseach le fostaí amháin atá ag obair go lánaimseartha ar feadh bliain amháin. Cuirtear baill foirne a bhfuil conarthaí buana, seasta nó gearrthéarmacha acu agus rannpháirtithe i gClár Céimithe BCE san áireamh i gcomhréir leis an líonta uaireanta an chloig a oibríonn siad. Tá baill foirne ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire fhadtéarmach san áireamh, ach níl baill foirne ar shaoire gan phá san áireamh.
Is ionann an liúntas ionadaíochta agus 21% den bhuntuarastal i gcás an Uachtaráin, 12% den bhuntuarastal i gcás an Leas-Uachtaráin, 9% den bhuntuarastal i gcás chomhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin agus 12% den bhuntuarastal i gcás Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta.
Tá na Coinníollacha Fostaíochta d’Fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh le fáil ar shuíomh gréasáin BCE.
Cuirtear méideanna i láthair i bhfoirm chomhlán, i.e. sula ndéantar aon asbhaintí cánach ar mhaithe leis an Aontas Eorpach.
De thoradh na n-íocaíochtaí sin a bhain le pinsin tháinig laghdú ar an oibleagáid sochair shainithe a aithnítear sa chlár comhardaithe. Maidir leis an nglanmhéid iomlán a muirearaíodh ar an gcuntas brabúis agus caillteanais i dtaca leis na socruithe pinsin le haghaidh chomhaltaí reatha an Bhoird Feidhmiúcháin agus na gcomhaltaí reatha den Bhord Maoirseachta atá fostaithe ag BCE, féach nóta 12.3 “Ilghnéitheach”.
Cinneadh (AE) 2025/1407 ón gComhairle an 8 Iúil 2025 maidir le glacadh an euro ag an mBulgáir an 1 Eanáir 2026 (IO L, 2025/1407, 14.7.2025).
Cinneadh AE 2026/115 ón mBanc Ceannais Eorpach an 31 Nollaig 2025 maidir le caipiteal a íoc, cúlsócmhainní eachtracha a aistriú agus ranníocaíochtaí ag Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) le cúlchistí agus soláthairtí an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE/2025/44) (IO L, 2026/115, 15.1.2026); Comhaontú idir Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) agus an Banc Ceannais Eorpach maidir leis an éileamh arna chreidiúnú do Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) ag an mBanc Ceannais Eorpach faoi Airteagal 30.3 de Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C, C/2026/497, 22.1.2026).
Níl BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro i dteideal aon sciar de bhrabúis indáilte BCE a fháil, ná níl aon dliteanas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a chumhdach ach an oiread.
Faoi Airteagal 32.5 de Reacht CEBC, tá suim ioncam airgeadaíochta na BCNanna le leithdháileadh ar na BCNanna i gcomhréir lena scaireanna íoctha i gcaipiteal BCE.





