Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 25 Eanáir 2024

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Dheimhnigh an t-eolas atá ag teacht isteach, tríd is tríd, an measúnú a rinneamar roimhe seo ar an ionchas meántéarmach boilscithe. Cé is moite de bhunéifeacht aníos - a bhaineann le fuinneamh - ar bhoilsciú príomha, tá laghdú ag teacht i gcónaí ar bhoilsciú bunúsach, agus tá na harduithe a chuireamar ar rátaí úis san am atá caite á dtarchur go láidir i gcónaí go dtí dálaí maoinithe. Tá éileamh á mhaolú ag coinníollacha maoiniúcháin dochta, agus tá sé seo ag cuidiú le boilsciú a ísliú.

Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Bunaithe ar ár measúnú reatha, measaimid go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil anois, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí an sprioc. Áiritheoidh na cinntí a dhéanfaimid amach anseo go socrófar ár rátaí beartais ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá.

Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh ár gcinntí faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Is dócha nach raibh aon bhorradh faoi gheilleagar an limistéir euro sa ráithe dheireanach de 2023. Tá laige sa ghearrthéarma á léiriú fós ag na sonraí atá ag teacht isteach. Mar sin féin, tugann roinnt táscairí suirbhé réamhbhreathnaithe le fios go bhfuil méadú ar fhás amach romhainn.

Tá an margadh saothair fós láidir. Tá an ráta dífhostaíochta, a bhí ag 6.4% i mí na Samhna, tite siar go dtí an leibhéal is ísle ó thús an euro agus tá níos mó oibrithe tar éis dul isteach san fhórsa saothair. Ag an am céanna, tá an t-éileamh ar shaothar ag moilliú, agus líon níos lú folúntas á bhfógairt.

Ba cheart do rialtais leanúint de na bearta tacaíochta a bhaineann le fuinneamh a laghdú ionas nach gcuirfear leis an mbrú boilscitheach meántéarmach. Ba cheart beartais fhioscacha agus struchtúrtha a bheith deartha chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos bisiúla agus níos iomaíche, agus chomh maith leis sin, chun cóimheasa arda fiachais phoiblí a thabhairt anuas de réir a chéile. Is féidir le hathchóirithe struchtúracha agus infheistíochtaí chun feabhas a chur ar acmhainneacht soláthair an limistéir euro — a thacódh le cur chun feidhme iomlán chlár an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile (NGEU) — cabhrú chun an brú ar phraghsanna a laghdú sa mheántéarma, agus tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach ag an am céanna. Tar éis an chomhaontaithe a rinne Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (ECOFIN) le déanaí maidir le hathchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh, ba cheart an próiseas reachtach a thabhairt i gcrích go pras ionas gur féidir na rialacha nua a chur chun feidhme gan mhoill. Lena chois sin, tá sé ríthábhachtach go gcuirfear borradh faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo Aontas na Margaí Caipitil agus cur i gcrích an Aontais Bhaincéireachta.

Boilsciú

D’ardaigh boilsciú go 2.9% i mí na Nollag de réir mar a thit cuid de na bearta fioscacha - a cuireadh i bhfeidhm san am atá caite chun an tionchar atá ag praghsanna arda fuinnimh a mhaolú - amach as an ráta bliantúil boilscithe, cé go raibh an téarnamh níos laige ná mar a bhíothas ag súil leis. Cé is moite den bhunéifeacht seo, lean boilsciú de bheith ag laghdú. Thit boilsciú praghsanna bia go 6.1% i mí na Nollag. Tháinig laghdú ar bhoilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh arís, go 3.4% , a bhuí le titim ar bhoilsciú earraí go dtí 2.5%. Bhí boilsciú seirbhísí cobhsaí ag 4.0%.

Táthar ag súil go maolóidh boilsciú tuilleadh i gcaitheamh na bliana seo de réir mar a mhaolaítear éifeachtaí na dturraingí fuinnimh san am atá caite, scrogaill soláthair agus athoscailt an gheilleagair i ndiaidh na paindéime agus de réir mar a leanfaidh beartas airgeadaíochta níos doichte de thionchar trom a bheith aige ar éileamh.

Tháinig laghdú eile ar bheagnach gach tomhas ar bhoilsciú bunúsach i mí na Nollag. Tá ráta ardaithe an phá atá ag ardú agus na táirgiúlachta saothair atá ag titim ag coinneáil an bhrú ar phraghsanna intíre ard, cé go bhfuil siad seo ag tosú ag maolú freisin. Ag an am céanna, tá an éifeacht bhoilscithe ar chostais aonaid saothair atá ag ardú á maolú ag brabúis aonaid níos ísle. Tá laghdú suntasach tagtha ar na tomhais ar ionchais maidir le boilsciú níos gearrthéarmaí, agus is thart ar 2% den chuid is mó atá na tomhais ar ionchais maidir le boilsciú níos fadtéarmaí.

Measúnú riosca

Tá baoil don fhás eacnamaíoch fós tiontaithe i dtreo an taoibh thíos. D’fhéadfadh an fás a bheith níos ísle má bhíonn éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis. Chuirfeadh geilleagar domhanda níos laige nó moilliú breise ar thrádáil dhomhanda béim ar fhás an limistéir euro freisin. Is príomhfhoinsí riosca geopholaitiúla iad cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an choimhlint thragóideach sa Mheánoirthear. D’fhéadfadh sé nach mbeadh an oiread muiníne ag gnólachtaí ná ag teaghlaigh as an todhchaí dá bharr agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí as do thrádáil dhomhanda dá bharr freisin. D’fhéadfadh fás a bheith níos airde dá gciallódh fíorioncaim atá ag ardú go dtiocfadh méadú níos mó ar chaiteachas ná mar a bhíothas ag súil leis, nó dá bhfásfadh an geilleagar domhanda níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis.

I measc na rioscaí ar an taobh thuas do bhoilsciú tá an teannas geopholaitíochta méadaithe, go háirithe sa Mheánoirthear, a d’fhéadfadh praghsanna fuinnimh agus costais lastais a ardú sa ghearrthéarma agus bac a chur ar thrádáil dhomhanda. D’fhéadfadh boilsciú éirí níos airde ná mar a bhíothas ag súil leis dá n-ardódh pá níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis nó dá mbeadh corrlaigh bhrabúis níos athléimní. I gcodarsnacht leis sin, d’fhéadfadh boilsciú iontas a chruthú agus é íslithe má dhéanann beartas airgeadaíochta an t-éileamh a mhaolú níos mó ná mar a bhíothas ag súil leis, nó má théann an timpeallacht eacnamaíoch sa chuid eile den domhan in olcas gan choinne. Thairis sin, d’fhéadfadh boilsciú laghdú níos tapúla sa ghearrthéarma dá bhforbródh praghsanna fuinnimh i gcomhréir leis an athrú anuas atá tagtha le déanaí ar na hionchais mhargaidh maidir lena bhfuil i ndán do phraghsanna ola agus gáis.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Bhog rátaí úis an mhargaidh go cliathánach den chuid is mó ónár gcruinniú deireanach. Leanann ár mbeartas airgeadaíochta sriantach de bheith ag tarchur go láidir isteach i ndálaí airgeadais níos leithne. Tháinig laghdú beag ar rátaí iasachta ar iasachtaí gnó, go 5.2% i mí na Samhna, agus tháinig méadú breise ar rátaí morgáiste go 4.0%.

Mar thoradh ar rátaí iasachta arda, leis na ciorruithe gaolmhara ar phleananna infheistíochta agus ar cheannacháin tithe, tháinig laghdú eile ar an éileamh creidmheasa sa cheathrú ráithe, mar a tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtaí bainc. Cé gur tháinig maolú ar an ngéarú ar chaighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí do ghnólachtaí agus do theaghlaigh, d’fhan siad géar, agus bainc buartha faoi na rioscaí a bhí roimh a gcustaiméirí.

I bhfianaise an mhéid sin, tá feabhas beag tagtha ar dhinimicí creidmheasa ach tá siad lag i gcónaí ar an iomlán. Bhí iasachtaí do ghnólachtaí marbhánta i mí na Samhna i gcomparáid leis an mbliain roimhe – tar éis don leibhéal iasachtaí crapadh i mí Dheireadh Fómhair – de réir mar a théarnaigh an sreabhadh míosúil d’iasachtaí gearrthéarmacha. Mhéadaigh iasachtaí do theaghlaigh ag ráta bliantúil lag de 0.5%.

Conclúid

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Bunaithe ar ár measúnú reatha, measaimid go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil anois, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí an sprioc. Áiritheoidh na cinntí a dhéanfaimid amach anseo go socrófar ár rátaí beartais ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa