Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Tras-scríbhinn ar an bhfíseán maidir leis na gnéithe inrochtaineachta ar nótaí bainc

Is mise Marianne Preis-Dewey agus oibrím le Cumann na nDall agus na nDaoine Lagamhairc in Hessen, anseo sa Ghearmáin.

Is é seo an nóta €200, mar go bhfuil dhá bhearna ann agus, ar ndóigh, tá sé níos mó ná an nóta €20, mar sin cabhraíonn sé sin liom freisin. Ansin, dá mbeinn istigh i siopa, mar shampla, agus dá mbeinn ag iarraidh a bheith cinnte nach nóta góchumtha é, dhéanfainn seiceáil ar chúpla rud eile.

Modhnóir: An bhféadfá míniú dúinn cén chaoi a ndéanann tú é sin?

Cinnte, tugann na línte seo ar na himill leid dom, mar seans nach gcuirfeadh roinnt góchumadóirí san áireamh iad agus iad ag déanamh nótaí góchumtha. Rud eile ná an áit a bhfuil an uimhir mhór, braitheann sé cineáilín ardaithe. Tá sé níos tibhe agus níos gairbhe má tharraingím ionga mo mhéire trasna air agus sin gné freisin a chuirtear isteach ar mhaithe le sábháilteacht nó slándáil. Ansin tá an holagram seo againn ar an taobh seo, anseo - an fhuinneog bheag a bhfuil mothú faoi leith aige freisin, tá sé deacair ag góchumadóirí aithris a dhéanamh air.

Sin iad na gnéithe ar fad a mbreathnaím amach dóibh nuair a bhím ag iarraidh a dhéanamh amach ar fíornóta bainc atá i mo lámh agam nó nóta góchumtha.

Modhnóir: An-spéisiúil, go raibh míle maith agat as an míniú sin a thabhairt dúinn.