- RÁITEAS MAIDIR LEIS AN MBEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
PREASÓCÁID
Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh,
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Flórans, 30 Deireadh Fómhair 2025
Dia daoibh tráthnóna. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGobharnóir Panetta as an bhfáilte fhial agus mo bhuíochas a chur in iúl dá fhoireann a bhfuil scoth na hoibre déanta acu chun cruinniú na Comhairle Rialaithe inniu a eagrú.
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá an boilsciú fós gar dár sprioc mheántéarmach a dó faoin gcéad faoi láthair agus is beag athrú atá tagtha ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe. Lean an geilleagar de bheith ag fás d’ainneoin na timpeallachta domhanda dhúshlánaí. Tá an margadh láidir saothair, cláir chomhardaithe láidre na hearnála príobháidí agus na ciorruithe a rinne an Chomhairle Rialaithe roimhe seo fós ina bhfoinsí tábhachtacha athléimneachta. Mar sin féin, tá an t-ionchas fós éiginnte, mar gheall go háirithe ar dhíospóidí trádála domhanda agus teannas geopholaitiúil.
Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Go háirithe, beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
Tá na cinntí a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá le fáil ar ár suíomh gréasáin.
Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú. Ina dhiaidh sin, míneoidh mé an measúnú atá déanta againn ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.
Gníomhaíocht eacnamaíoch
Tháinig fás 0.2 faoin gcéad ar an ngeilleagar sa tríú ráithe den bhliain, de réir réamh-thobmheastachán Eurostat a foilsíodh inniu. Lean an earnáil seirbhísí ag fás, le borradh curtha faoi le turasóireacht láidir agus, go háirithe, méadú ar sheirbhísí digiteacha. De réir suirbhéanna, léirítear leis an méadú go bhfuil an-chuid gnólachtaí ag cur dlús le hiarrachtaí a mbonneagair TF a nuachóiriú agus intleacht shaorga a chomhtháthú lena n-oibríochtaí. Ag an am céanna, coinníodh earnáil na déantúsaíochta siar mar gheall ar tharaifí níos airde, éiginnteacht atá ag dul i méid fós agus euro láidir.
Is dócha go leanfaidh an éagsúlacht idir éileamh intíre agus éileamh seachtrach ar aghaidh sa ghearrthéarma. Ba cheart go mbainfeadh an geilleagar níos mó tairbhe as caiteachas tomhaltóirí agus fíorioncaim ag ardú. Tá an dífhostaíocht, a bhí ráta 6.3 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, fós gar don ráta is ísle a bhí riamh ann, cé gur tháinig laghdú ar an éileamh ar shaothar. Tá teaghlaigh fós ag sábháil sciar níos mó ná mar is gnáth dá n-ioncam, agus ba cheart go dtiocfaidh méadú ar a gcaiteachas mar gheall air seo. Ba cheart go mbeadh caiteachas rialtais substaintiúil ar bhonneagar agus ar chaiteachas ina mbonn taca ag an infheistíocht.
Os a choinne sin, is dócha go mbeidh an timpeallach dhomhanda fós ina bac. Tháinig laghdú ar onnmhairí earraí ó mhí Márta go dtí mí Lúnasa, rud a aisiompaigh an tús-ualú sa trádáil idirnáisiúnta sa tréimhse thosaigh, roimh na méaduithe taraifí a bhí ann le déanaí. Léiríonn orduithe onnmhairí nua i monaraíocht go mbeidh laghduithe breise. Ní bheidh tionchar iomlán na dtaraifí níos airde ar onnmhairí an limistéir euro agus infheistíocht monaraíochta le feiceáil ach le himeacht ama.
Cuireann an Chomhairle Rialaithe i bhfios go láidir gur gá an limistéar euro agus a gheilleagar a neartú sa timpeallacht geopholaitiúil atá ann faoi láthair, agus is díol sásaimh dúinn gur athdhearbhaigh ceannairí an Aontais an uaillmhian sin ag an gCruinniú Mullaigh Euro an tseachtain seo caite. Ba cheart go gcuirfeadh beartais fhioscacha agus struchtúracha borradh faoin táirgiúlacht, iomaíochas agus athléimneacht. Tá sé ríthábhachtach Compás Iomaíochais an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme go pras. Ba cheart do na rialtais tús áite a thabhairt d’athchóirithe struchtúracha agus d’infheistíocht straitéiseach lena gcothaítear fás, agus airgeadas poiblí inbhuanaithe á áirithiú acu ag an am céanna. Tá sé ríthábhachtach comhtháthú an mhargaidh caipitil a chothú tuilleadh tríd an t-aontas coigiltis agus infheistíochtaí agus an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche, de réir amchlár soiléir uaillmhianach, agus go nglacfaí go pras leis an rialachán maidir leis an euro digiteach a bhunú.
Tá an Chomhairle Rialaithe tiomanta d’airgead bainc ceannais miondíola agus mórdhíola a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Ar an gcaoi sin, chinn an Chomhairle Rialaithe bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de thionscadal an euro dhigitigh. Áiritheofar le sin an ullmhacht theicniúil leis an eisiúint féideartha agus tacóidh sé le ceannasacht dhigiteach na hEorpa a luaithe a ghlacfar leis an reachtaíocht. Tá sonraí an chinnte seo ar fáil i bpreasráiteas ar leithligh.
Boilsciú
Tháinig ardú ar an mboilsciú bliantúil go 2.2 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ó 2.0 faoin gcéad i mí Lúnasa. Is é an fáth is mó ar seo ná gur tháinig laghdú níos lú ná roimhe ar phraghsanna fuinnimh. Bhí an boilsciú praghsanna fuinnimh ag ráta -0.4 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ó -2.0 faoin gcéad i mí Lúnasa. Idir an dá linn, tháinig laghdú ar bhoilsciú praghsanna bia, go dtí 3.0 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ó 3.2 faoin gcéad i mí Lúnasa. Tháinig ardú ar an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh go dtí 2.4 faoin gcéad, ó 2.3 i mí Lúnasa, ós rud e gur tháinig ardú ar bhoilsciú seirbhísí ó 3.1 faoin gcéad go dtí 3.2 faoin gcéad, agus d’fhan an boilsciú earraí gan athrú arís ag 0.8 faoin gcéad.
Tá táscairí an bhoilscithe fholuitigh i gcomhréir tríd is tríd go fóill lenár sprioc mheántéarmach, is é sin a dó faoin gcéad. Agus téarnamh ag teacht ar na brabúis ag gnólachtaí, maolóidh costais saothair a thuilleadh de dheasca táirgiúlachta atá ag dul i méid agus maolú ar fhás pá. Léiríonn táscairí réamhbhreathnaitheacha, amhail rianaire pá BCE agus suirbhéanna ar ionchais phá, go mbeidh fás pá níos moille ann ar feadh an chuid eile den bhliain agus sa chéad leath de 2026.
De réir fhormhór na slat tomhais maidir le hionchais bhoilscithe, is ráta 2 faoin gcéad nó mar sin a bheidh ann san fhadtéarma, rud atá ag teacht le cobhsú an bhoilscithe thart ar an sprioc atá leagtha amach againn.
Measúnú riosca
Leis an gcomhaontú trádála ar tháinig idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe le linn an tsamhraidh, an sos comhraic sa Mheánoirthear a fógraíodh le déanaí, agus leis an bhfógra inniu faoin dul chun cinn sa chaibidlíocht idir na Stáit Aontaithe agus an tSín, maolaíodh roinnt rioscaí ar an taobh thíos don fhás eacnamaíoch. Ag an am céanna, d’fhéadfadh an timpeallacht trádála dhomhanda fós luaineach cur isteach ar shlabhraí soláthair, onnmhairí a lagú tuilleadh, agus tionchar a imirt ar thomhaltas agus ar infheistíocht. D’fhéadfadh dálaí maoiniúcháin níos doichte, col riosca níos mó agus fás níos laige a bheith mar thoradh ar mheathlú ar mheon an mhargaidh airgeadais. Is údar mór éiginnteachta i gcónaí é an teannas geopholaitiúil, amhail cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Os a choinne sin, chuirfeadh caiteachas ar chúrsaí cosanta agus bonneagair, de bhreis ar an méid a rabhthas ag dréim leis, mar aon le hathchóirithe feabhsaithe táirgiúlachta, leis an bhfás. D’fhéadfadh sé go mbeadh de thoradh ar neartú muiníne i measc an lucht gnó go gcuirfí borradh faoin infheistíocht phríobháideach. D’fhéadfaí an meon a neartú freisin agus gníomhaíocht a spreagadh dá dtiocfadh laghdú ar an teannas geopholaitiúil atá fós ann, nó dá réiteofaí na díospóidí trádála atá fágtha ar luas níos tapúla ná mar a bhíothas ag dréim leis.
Go fóill féin tá an t-ionchas maidir leis an mboilsciú níos éiginnte ná mar is gnách, mar gheall ar an timpeallacht beartais trádála dhomhanda fós luaineach. De bharr euro níos láidre d’fhéadfadh laghdú níos mó ná mar a bhí tuartha teacht ar an mboilsciú. Anuas air sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos ísle má bhíonn éileamh níos ísle ar onnmhairí an limistéir euro mar thoradh ar tharaifí níos airde agus má spreagtar tíortha a bhfuil ró-acmhainneacht acu a n-onnmhairí chuig an limistéar euro a mhéadú tuilleadh. D’fhéadfadh méadú ar an luaineacht agus col riosca níos mó sna margaí airgeadais cur isteach ar an éileamh intíre agus an boilsciú a laghdú freisin dá bhrí sin. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an boilsciú a bheith níos airde dá mbeadh de thoradh ar ilroinnt na slabhraí soláthair domhanda go n-ardófaí praghsanna allmhairí, go gcuirfí srian ar an soláthar amhábhar criticiúil agus go ngéarófaí ar na srianta acmhainneachta sa gheilleagar intíre. D’fhéadfadh borradh faoin gcaiteachas cosanta agus bonneagair cur freisin leis an mboilsciú sa mheántéarma. D’fhéadfadh méadú níos mó ná mar a bhíothas ag dréim leis teacht ar phraghsanna bia de dheasca adhaimsire agus na géarchéime aeráide agus dúlra atá ag teacht chun cinn i gcoitinne.
Dalaí airgeadais agus airgeadaíochta
Ó bhí an cruinniú deireanach againn, is beag athrú atá tagtha ar rátaí an mhargaidh. Lean ísliú na rátaí iasachtaí bainc do ghnólachtaí mar thoradh ar na ciorruithe ar na ráta úis a rinneamar roimhe seo. Idir an dá linn, níor tháinig aon athrú ar an gcostas a bhaineann le fiachas margadhbhunaithe a eisiúint agus é ag 3.5 faoin gcéad i mí Lúnasa.
Tháinig laghdú beag ar ráta fáis bliantúil maidir le hiasachtú bainc do ghnólachtaí go dtí 2.9 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ó 3.0 faoin gcéad i mí Lúnasa. Ag an am céanna, mhoilligh eisiúint bannaí corparáideacha go 3.3 faoin gcéad ar bhonn bliantúil. Mar a tuairiscíodh sa suirbhé is déanaí uainn maidir le hiasachtú bainc don limistéar euro, d’éirigh na caighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí gnó níos doichte de bheagán sa tríú ráithe, toisc go raibh níos mó imní ar na bainc faoi na rioscaí atá ann dá gcustaiméirí. Tháinig méadú beag ar éileamh na ngnólachtaí ar chreidmheas.
Is ar éigean a tháinig aon athrú ar an meánráta úis ar mhorgáistí nua ó thús na bliana agus b’ionann é agus 3.3 faoin gcéad i mí Lúnasa. Tháinig ardú ar an bhfás ar iasachtú morgáiste go 2.6 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, ó 2.5 i mí Lúnasa, mar gheall ar mhéadú breise ar an éileamh agus caighdeáin chreidmheasa gan athrú sa tríú ráithe.
Tháinig moilliú ar an bhfás ar airgead leathan – arna thomhas le M3 – go 2.8 faoin gcéad i mí Mheán Fómhair, laghdú ó 2.9 faoin gcéad i mí Lúnasa agus meánráta 3.8 faoin gcéad sa chéad leath den bhliain.
Focal scoir
Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a chur ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ag an sprioc a dó faoin gcéad atá againn sa mheántéarma. Leanfaimid cur chuige atá ag brath ar shonraí agus cur chuige cruinniú ar chruinniú chun seasamh iomchuí an bheartais airgeadaíochta a chinneadh. Beidh na cinntí a dhéanfaimid i dtaobh rátaí úis le bunú ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe agus na rioscaí a bhaineann leis i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíocha agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú foluiteach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta. Níl aon ghealltanas á thabhairt againn fós maidir le treo rátaí ar leith.
I gcás ar bith, táimid réidh lenár gcuid ionstraimí uile a choigeartú laistigh den sainordú atá againn chun a chinntiú go bhfanfaidh an boilsciú cobhsaí ar bhonn leanúnach ag ár sprioc mheántéarmach agus chun dea-fheidhmiú tharchur an beartais airgeadaíochta a choimeád slán.
Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.
Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa
