Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Coigeartaíonn BCE a scála caipitil

21 Nollaig 2023

  • Coigeartú gach cúig bliana bunaithe ar fhaisnéis ón gCoimisiún Eorpach maidir le daonra agus OTI
  • Tá 17 mbanc le sciar níos airde a bheith acu de chaipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh, tá naoi mbanc le sciar níos lú a bheith acu de, agus tá banc amháin leis an sciar céanna is a bhí aige cheana a choinneáil
  • Níl aon athrú ar an gcóras rothlaithe ceart vótála

Inniu, ghlac Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) le gníomhartha dlí ar an gcoigeartú rialta cúig bliana ar scála caipitil BCE agus na scaireanna a leithroinntear ar na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna). Rinneadh an coigeartú deireanach ar scála caipitil an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an 01 Feabhra 2020 tar éis don Ríocht Aontaithe imeacht as an Aontas Eorpach agus aistarraingt Bhanc Shasana as an gCóras Eorpach Banc Ceannais. Tiocfaidh scála caipitil nua an Bhainc Ceannais Eorpaigh i bhfeidhm ar an 01 Eanáir 2024.

Déantar scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta de chaipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ualú de réir sciar a mBallstát faoi seach i ndaonra iomlán agus in olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais Eorpaigh, ar bhealach comhionann.* Is é an Coimisiún Eorpach a sholáthair na sonraí ábhartha maidir le daonra agus OTI. Déanfaidh bainc cheannais náisiúnta scaireanna caipitil a aistriú eatarthu féin a mhéid is gá lena chinntiú go dtagann dáileachán na scaireanna leis an scála coigeartaithe.

I ndiaidh an choigeartaithe, beidh scair níos airde ag 17 mbanc ceannais de chaipiteal BCE ná mar a bhí acu cheana, agus beidh scair níos ísle ag naoi mbanc ná mar a bhí acu cheana, agus fanfaidh scála caipitil bhainc ceannais amháin mar an gcéanna. Leagtar amach dáileachán nua scaireanna na mbanc ceannais náisiúnta sa tábla thíos. Níl athrú ar bith tagtha ar mhéid iomlán chaipiteal suibscríofa an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag €10,825,007,069.61. Tá cinntí gaolmhara BCE le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh iad in am trátha.

Foráiltear leis an gcóras ina ndéanann gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta sealaíocht ar shealúchas ceart vótála ar an gComhairle Rialaithe go leithroinntear gobharnóirí na mbanc ceannais sa limistéar euro in dhá ghrúpa de réir mhéid earnáil airgeadais agus OTI a mBallstát, mar a luaitear thuas. Ní mór na sonraí seo a athríomh uair ar bith a dhéantar an coigeartú cúig bliana ar an scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE. Ar bhonn na ríomhanna nua, níl athrú ar bith tagtha ar chionroinnt na ngobharnóirí ina ngrúpaí amhail 01 Eanáir 2024.

Daileachán chaipiteal an Bhainc Ceannais Eorpaigh amhail 01 Eanáir 2024

An scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE (%) go dtí 31 Nollaig 2023

An scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE (%) ón 01 Eanáir 2024

Scairchaipiteal suibscríofa (EUR) ón 01 Eanáir 2024

Caipiteal íoctha (EUR) ón 01 Eanáir 2024

Nationale Bank van België/ Banque Nationale de Belgique

2.9630

3.0005

324,804,337.12

324,804,337.12

Deutsche Bundesbank

21.4394

21.7749

2,357,134,464.40

2,357,134,464.40

Eesti Pank

0.2291

0.2437

26,380,542.23

26,380,542.23

Banc Ceannais na hÉireann

1.3772

1.7811

192,804,200.92

192,804,200.92

Banc na Gréige

2.0117

1.8474

199,981,180.60

199,981,180.60

Banco de España

9.6981

9.6690

1,046,669,933.56

1,046,669,933.56

Banque de France

16.6108

16.3575

1,770,700,531.41

1,770,700,531.41

Hrvatska narodna banka

0.6595

0.6329

68,511,469.74

68,511,469.74

Banca d’Italia

13.8165

13.0993

1,418,000,151.07

1,418,000,151.07

Banc Ceannais na Cipire

0.1750

0.1802

19,506,662.74

19,506,662.74

Latvijas Banka

0.3169

0.3169

34,304,447.40

34,304,447.40

Lietuvos bankas

0.4707

0.4826

52,241,484.12

52,241,484.12

Banque Centrale du Luxembourg

0.2679

0.2976

32,215,221.04

32,215,221.04

Banc Ceannais Mhálta

0.0853

0.1053

11,398,732.44

11,398,732.44

De Nederlandsche Bank

4.7662

4.8306

522,912,791.50

522,912,791.50

Oesterreichische Nationalbank

2.3804

2.4175

261,694,545.91

261,694,545.91

Banco de Portugal

1.9035

1.9014

205,826,684.42

205,826,684.42

Banka Slovenije

0.3916

0.4041

43,743,853.57

43,743,853.57

Národná banka Slovenska

0.9314

0.9403

101,787,541.48

101,787,541.48

Suomen Pankki – Finlands Bank

1.4939

1.4853

160,783,830.00

160,783,830.00

Fo-iomlán don ghrúpa BCNanna sa limistéar euro

81.9881

81.7681

8,851,402,605.67

8,851,402,605.67

Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire)

0.9832

0.9783

105,901,044.16

3,971,289.16

Česká národní banka

1.8794

1.9623

212,419,113.73

7,965,716.76

Danmarks Nationalbank

1.7591

1.7797

192,652,650.82

7,224,474.41

Magyar Nemzeti Bank

1.5488

1.5819

171,240,786.83

6,421,529.51

Narodowy Bank Polski

6.0335

6.0968

659,979,031.02

24,749,213.66

Banca Naţională a României

2.8289

2.8888

312,712,804.23

11,726,730.16

Sveriges Riksbank

2.9790

2.9441

318,699,033.14

11,951,213.74

Fo-iomlán don ghrúpa BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro

18.0119

18.2319

1,973,604,463.93

74,010,167.40

Iomlán

100.0000

100.0000

10,825,007,069.61

8,925,412,773.07

(D’fhéadfadh difear a bheith sna figiúirí iomlána de bharr go ndearnadh na suimeanna a shlánú)

Is féidir leis na meáin a gcuid ceisteanna a sheoladh chuig William Lelieveldt, teil.: +49 69 1344 7316.

Nótaí

  • *De bhun Airteagal 29.1 den Phrótacal ar Chonradh ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa