Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 14 Meán Fómhair 2023

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Tá boilsciú fós ag teacht anuas ach mar sin féin, meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Ar mhaithe leis an dul chun cinn i dtreo ár sprice a threisiú, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Léiríonn an méadú ráta inniu ár measúnú ar ionchas an bhoilscithe i bhfianaise na sonraí eacnamaíochta agus airgeadais atá ag teacht isteach, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh, agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Léiríonn réamh-mheastacháin mhaicreacnamaíocha mhí Mheán Fómhair fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh go meastar go mbeidh boilsciú ar an meán ag 5.6 faoin gcéad in 2023, ag 3.2 faoin gcéad ar an meán in 2024 agus ag 2.1 faoin gcéad ar an meán in 2025. Is athbhreithniú aníos é seo do 2023 agus 2024 agus athbhreithniú anuas do 2025. Léiríonn an t-athbhreithniú aníos do 2023 agus 2024 go príomha cosán níos airde do phraghsanna fuinnimh. Tá brúnna praghais bunúsacha fós ard, cé go bhfuil an chuid is mó de na táscairí ag tosú ag maolú. Tá athbhreithniú beag anuas déanta ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar an gcosán réamh-mheasta do bhoilsciú gan fuinneamh agus bia a áireamh, go dtí 5.1 faoin gcéad ar an meán in 2023, 2.9 faoin gcéad ar an meán in 2024 agus 2.2 faoin gcéad ar an meán in 2025. Tá arduithe a chuireamar ar rátaí úis san am atá caite á dtarchur go láidir i gcónaí. Tá coinníollacha maoinithe déanta níos doichte arís agus tá siad ag cur maolú de réir a chéile ar an éileamh, rud atá ina fhachtóir tábhachtach chun boilsciú a thabhairt ar ais chuig an sprioc. Mar gheall ar an tionchar níos mó atá ag ár ngéarú ar éileamh intíre agus mar gheall go bhfuil an timpeallacht trádála idirnáisiúnta ag dul i laige, tá a gcuid réamh-mheastacháin fáis eacnamaíocha laghdaithe go suntasach ag foireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Measann siad anois go dtiocfaidh fás 0.7 faoin gcéad in 2023, fás 1.0 faoin gcéad in 2024 agus fás 1.5 faoin gcéad in 2025 ar gheilleagar an limistéir euro.

Bunaithe ar ár measúnú reatha, measaimid go bhfuil leibhéil sroichte ag eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí ár sprioc. Áiritheoidh ár gcinntí amach anseo go socrófar eochair-rátaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh ár gcinntí faoi rátaí úis bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Is dócha go bhfanfaidh an geilleagar faoi smacht sna míonna romhainn. Ní raibh aon bhorradh faoi tríd is tríd sa chéad leath den bhliain, agus tugann táscairí le déanaí le fios go raibh sé lag sa tríú ráithe freisin. Tá éileamh níos ísle ar onnmhairí an limistéir euro agus tionchar coinníollacha maoinithe dochta ag maolú ar an bhfás, lena n-áirítear trí infheistíocht chónaitheach agus ghnó níos ísle. Tá earnáil na seirbhísí, a bhí athléimneach go dtí seo, ag dul i laige anois freisin. Le himeacht ama, ba cheart go dtiocfadh méadú ar mhóiminteam eacnamaíoch, mar go meastar go mbeidh fíorioncaim ag ardú, le cúnamh ó bhoilsciú a bheith ag titim, pá ag ardú agus margadh saothair láidir, agus beidh sé seo mar bhonn agus mar thaca ag caiteachas tomhaltóirí.

D’fhan an margadh saothair athléimneach go dtí seo in ainneoin an gheilleagair atá ag moilliú. D’fhan an ráta dífhostaíochta ag 6.4 faoin gcéad, an ráta is ísle a bhí riamh ann, i mí Iúil. Cé gur tháinig méadú 0.2 faoin gcéad ar fhostaíocht sa dara ráithe, tá móiminteam ag moilliú. Tá earnáil na seirbhísí, atá ag spreagadh fás fostaíochta go mór ó lár na bliana 2022, ag cruthú níos lú post anois freisin.

De réir mar a théann an ghéarchéim fuinnimh i léig, ba cheart do rialtais leanúint de na bearta tacaíochta gaolmhara a laghdú. Tá sé seo riachtanach chun ardú ar bhrúnna meántéarmacha boilscithe a sheachaint, rud a d’éileodh freagairt beartais airgeadaíochta níos láidre fós murach sin. Ba cheart beartais fhioscacha a bheith deartha chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos bisiúla agus chun fiachas ard poiblí a thabhairt anuas de réir a chéile. Is féidir le beartais chun cumas soláthair an limistéir euro a fheabhsú – a mbeadh cur chun feidhme iomlán chlár an Aontais Eorpaigh don Chéad Ghlúin Eile ina thacaíocht iomlán aige – cuidiú le brúnna praghais a laghdú sa mheántéarma, agus tacú leis an aistriú glas ag an am céanna. Ba cheart an t-athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais a thabhairt chun críche roimh dheireadh na bliana seo agus ba cheart an dul chun cinn i dtreo Aontas na Margaí Caipitil a bhrostú.

Boilsciú

Laghdaigh an boilsciú go 5.3 faoin gcéad i mí Iúil ach d’fhan sé ag an leibhéal sin i mí Lúnasa, de réir mheastachán sealadach Eurostat. Cuireadh isteach ar a laghdú toisc gur ardaigh praghsanna fuinnimh i gcomparáid le mí Iúil. Tá boilsciú praghsanna bia tagtha anuas óna bhuaic i mí an Mhárta ach bhí sé fós beagnach 10 faoin gcéad i mí Lúnasa. Sna míonna amach romhainn, imeoidh na harduithe géara praghais a taifeadadh i bhfómhar 2022 as na rátaí bliantúla, rud a tharraingeoidh an ráta boilscithe anuas.

Thit boilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh go 5.3 faoin gcéad i mí Lúnasa, ó 5.5 faoin gcéad i mí Iúil. Laghdaigh boilsciú earraí go 4.8 faoin gcéad i mí Lúnasa, ó 5.0 faoin gcéad i mí Iúil agus 5.5 faoin gcéad i mí an Mheithimh, mar gheall ar choinníollacha soláthair níos fearr, titim i bpraghsanna fuinnimh roimhe seo, maolú ar bhrú praghsanna i gcéimeanna níos luaithe an tslabhra táirgthe agus éileamh níos laige. Bhog boilsciú seirbhísí anuas go 5.5 faoin gcéad ach coinníodh thuas fós é mar gheall ar chaiteachas láidir ar laethanta saoire agus ar thaisteal agus mar gheall ar an bhfás ard ar phá. D’fhan an ráta fáis bliantúil cúitimh in aghaidh an fhostaí seasta ag 5.5 faoin gcéad sa dara ráithe den bhliain. Mhéadaigh ranníocaíocht na gcostas saothair i leith boilsciú intíre bliantúil sa dara ráithe, go páirteach mar gheall ar tháirgiúlacht níos laige, agus thit ranníocaíocht na mbrabús den chéad uair ó thús 2022 i leith.

Tá an chuid is mó de na bearta boilscithe bhunúsaigh ag tosú ag titim de réir mar atá éileamh agus soláthar ag teacht le chéile níos mó agus de réir mar atá deireadh ag teacht leis an méid tionchair a bhí ag arduithe ar phraghsanna fuinnimh san am atá caite ag laghdú. Ag an am céanna, tá brúnna intíre praghais fós láidir.

Is ag thart ar 2 faoin gcéad atá formhór na dtomhas ar ionchas maidir le boilsciú níos fadtéarmaí i láthair na huaire. Ach tá roinnt táscairí ardaithe agus ní mór monatóireacht ghéar a dhéanamh orthu.

Measúnú riosca

Tá baoil don fhás eacnamaíoch tiontaithe i dtreo an taoibh thíos. D’fhéadfadh fás a bheith níos moille má bhíonn éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis, nó má lagaíonn geilleagar an domhain, mar gheall ar mhoilliú eile sa tSín mar shampla. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an fás a bheith níos airde ná mar a measadh má chiallaíonn an margadh saothair láidir, an méadú ar ioncam iarbhír agus an neamhchinnteacht atá ag dul i léig, go bhfuil daoine agus gnólachtaí ag éirí níos muiníní agus go bhfuil siad ag caitheamh níos mó airgid.

I measc na rioscaí ar an taobh thuas maidir le boilsciú tá brúnna aníos a d’fhéadfadh a bheith ar chostais an fhuinnimh agus an bhia. D’fhéadfadh drochaimsir, agus an ghéarchéim aeráide atá ag teacht chun cinn ar bhonn níos leithne, praghsanna bia a ardú níos mó ná mar a ceapadh. D’fhéadfadh ardú buan ar ionchais bhoilscithe os cionn ár sprice, nó arduithe ar phá agus corrlaigh bhrabúis ní b’airde ná mar a bhfuiltear ag súil leo, boilsciú a ardú tuilleadh, sa mheántéarma san áireamh. Ar an lámh eile, chuirfeadh éileamh níos laige – mar gheall mar shampla ar tharchur beartais airgeadaíochta níos láidre nó mar gheall ar an timpeallacht eacnamaíocht lasmuigh den limistéar euro – le brúnna níos ísle praghais, go háirithe sa mheántéarma.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Leantar de ghéarú ár mbeartais airgeadaíochta a tharchur go láidir chuig coinníollacha cistithe níos leithne. Tá cistiú faighte níos costasaí arís do bhainc, mar go bhfuil coigilteoirí ag cur taiscí téamacha a íocann níos mó úis in ionad taiscí thar oíche agus mar gheall go bhfuil deireadh á chur de réir a chéile le hoibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Lean meánrátaí iasachtaithe d’iasachtaí gnó agus morgáistí ag ardú i mí Iúil, go 4.9 faoin gcéad agus 3.8 faoin gcéad faoi seach.

Tá dinimic chreidmheasa níos laige fós. Mhéadaigh iasachtaí le gnólachtaí ag ráta bliantúil 2.2 faoin gcéad i mí Iúil, síos ó 3.0 faoin gcéad i mí an Mheithimh. Ní raibh fás chomh láidir céanna ar iasachtaí le teaghlaigh ach an oiread, fás 1.3 faoin gcéad a bhí i gceist, tar éis 1.7 faoin gcéad i mí an Mheithimh. I dtéarmaí bliantúlaithe bunaithe ar shonraí na dtrí mhí dheireanacha, tháinig laghdú 0.8 faoin gcéad ar iasachtaí le teaghlaigh, arb é an cúngú is láidre é ó cuireadh tús leis an euro. I measc iasachtú lag agus laghdú ar chlár comhardaithe an Eurochórais, thit ráta fáis bliantúil M3 ó 0.6 faoin gcéad i mí an Mheithimh go dtí an ráta is ísle riamh, -0.4 faoin gcéad i mí Iúil. I dtéarmaí bliantúlaithe le trí mhí anuas, tá laghdú 1.5 faoin gcéad tagtha ar an M3.

Conclúid

Tá boilsciú fós ag teacht anuas ach mar sin féin, meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Ar mhaithe leis an dul chun cinn i dtreo ár sprice a threisiú, chinn an Chomhairle Rialaithe inniu ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach. Bunaithe ar ár measúnú reatha, measaimid go bhfuil leibhéil sroichte ag eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí ár sprioc. Áiritheoidh ár gcinntí amach anseo go socrófar eochair-rátaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa