Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

Staidéar ar thionchar nótaí bainc euro ar an gcomhshaol foilsithe ag an mBanc Ceannais Eorpach

11 Nollaig 2023

  • Is ionann lorg comhshaoil duine maidir leis an úsáid a bhaineann sé as nótaí bainc euro agus 8km a thiomáint i gcarr
  • Gheall an tEurochóras an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc ar an gcomhshaol a laghdú tuilleadh, agus a chinntiú ag an am céanna go bhfuil airgead tirim ar fáil go forleathan agus go nglactar leis go forleathan

Inniu d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach (BCE) staidéar ar lorg comhshaoil nótaí bainc euro mar ionstraim íocaíochta. Léiríonn sé gurbh ionann an meánlorg comhshaoil le haghaidh íocaíochtaí le nótaí bainc agus 101 mhicreaphointe (µPt) in aghaidh an tsaoránaigh sa limistéar euro in 2019. Is ionann é sin agus carr a thiomáint ar feadh 8km, nó 0.01% de thionchar iomlán ghníomhaíochtaí tomhaltais shaoránaigh na hEorpa ar an gcomhshaol.

Tomhaistear sa staidéar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na gníomhaíochtaí uile ar an gcomhshaol i dtimthriall iomlán nótaí bainc euro – ó amhábhar a fháil, a mhonarú, a dháileadh agus a chur i gcúrsaíocht, go dtí a ndiúscairt ag bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro. Tá sé bunaithe ar mhodheolaíocht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Lorg Comhshaoil Táirgí agus cuireann sé leis an obair a tosaíodh sa mheasúnú saolré ar an gcéad sraith de nótaí bainc euro in 2004.

Is iad na príomhthosca a chuireann le lorg comhshaoil nótaí bainc euro mar mhodh íocaíochta ídiú fuinnimh uathmheaisíní bainc (UMBanna) agus iompar, agus ina dhiaidh sin próiseáil ag BCNanna, monarú páipéir agus fíordheimhniú nótaí bainc i siopaí. Mar gheall ar shaolré fada nótaí bainc agus ós rud é go n-úsáidtear iad le haghaidh go leor íocaíochtaí, tá an tionchar a bhaineann le nótaí bainc a tháirgeadh níos ísle ná an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc a iompar agus a dháileadh.

“Tá an tEurochóras tiomanta do nótaí bainc euro a dhéanamh chomh neamhdhíobhálach don chomhshaol agus is féidir, agus ag an am céanna a chinntiú go bhfuil airgead tirim ar fáil go forleathan agus go nglactar leis,” a dúirt Piero Cipollone, comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE.

Ó 2004 i leith, tá iarrachtaí déanta ag an Eurochóras an lorg comhshaoil atá ag nótaí bainc euro a laghdú, mar shampla gan ach cadás atá 100% inbhuanaithe a úsáid agus toirmeasc a chur ar dhramhaíl nótaí bainc a dhiúscairt sa líonadh talún.

Ina theannta sin, tá dul chun cinn déanta ag monaróirí UMBanna agus ag bainc maidir le tionchar a gcuid meaisíní ar an gcomhshaol a laghdú. Léirítear sa staidéar a foilsíodh inniu gur chuir feabhsuithe ar éifeachtúlacht fuinnimh UMBanna le laghdú 35% ar a lorg comhshaoil idir 2004 agus 2019.

Tá taighde agus forbairt fhorleathan á ndéanamh chun nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ag gach céim dá saolré. Mar shampla, tá BCE ag féachaint ar mhodhanna eile diúscartha dramhaíola le haghaidh nótaí bainc, amhail athchúrsáil agus athúsáid dramhábhair, agus feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar ábhar agus ar chomhpháirteanna a úsáidtear sa phróiseas priontála.

Tá na gníomhaíochtaí sin mar chuid freisin de ghealltanas níos leithne BCE dul i ngleic leis an athrú aeráide laistigh dá shainordú agus a lorg comhshaoil féin a laghdú i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais Eorpaigh. Tá faisnéis mhionsonraithe ar fáil i Ráiteas Comhshaoil bliantúil BCE.

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin, téigh i dteagmháil le Belén Pérez Esteve, teil.: + 49 173 533 4269.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa