Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Cinntí beartais airgeadaíochta

07 Márta 2024

Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu gan aon athrú a dhéanamh ar thrí eochair-ráta úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Ó chruinniú deiridh na Comhairle Rialaithe i mí Eanáir, tá laghdú breise tagtha ar bhoilsciú. Sna réamh-mheastacháin is déanaí ó fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh, rinneadh boilsciú a leasú síos, go háirithe do 2024 lena léirítear go príomha rannchuidiú níos lú ó phraghsanna fuinnimh. Réamh-mheasann an fhoireann anois go mbeidh boilsciú 2.3% ar an meán in 2024, 2.0% ar an meán in 2025 agus 1.9% ar an meán in 2026. Rinneadh na réamh-mheastacháin do bhoilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh a leasú síos freisin agus is ionann iad agus 2.6% ar an meán do 2024, 2.1% do 2025 agus 2.0% do 2026. Cé go bhfuil an chuid is mó de bhearta an bhoilscithe bhunúsaigh laghdaithe tuilleadh, tá brúnna praghsanna intíre fós ard, i bpáirt mar gheall ar an bhfás láidir ar phá. Tá dálaí maoinithe srianta agus tá na harduithe a cuireadh ar rátaí úis roimhe seo fós ag cur isteach ar éileamh, rud atá ag cuidiú le boilsciú a ísliú. Rinne an fhoireann a réamh-mheastachán fáis do 2024 a leasú síos chuig 0.6%, agus meastar go bhfanfaidh gníomhaíocht eacnamaíoch lag sa ghearrthéarma. Ina dhiaidh sin, tá an fhoireann ag súil go dtéarnóidh an geilleagar agus go méadóidh sé ag ráta 1.5% in 2025 agus 1.6% in 2026, le tacaíocht ó thomhaltas ar dtús agus níos déanaí ó infheistíocht.

Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí 2%, is é sin, an sprioc mheántéarmach, gan mhoill. Bunaithe ar a measúnú reatha, measann an Chomhairle Rialaithe go bhfuil eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil anois, má chothaítear ar feadh tréimhse fada go leor iad, a chuideoidh go mór le boilsciú a thabhairt ar ais go tráthúil go dtí an sprioc. Áiritheoidh cinntí na Comhairle Rialaithe amach anseo go socrófar rátaí beartais ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, beidh cinntí na Comhairle Rialaithe faoi rátaí úis bunaithe ar a mheasúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Fanfaidh an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe, an ráta úis ar an tsaoráid iasachta imeallach agus an ráta úis ar an tsaoráid taisce gan athrú ag 4.50%, 4.75% agus 4.00% faoi seach.

Clár ceannaithe sócmhainní (CCS) agus clár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime (CCÉP)

Tá punann an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) ag laghdú ag ráta measta intuartha, toisc nach ndéanann an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime ar fad ó urrúis atá ag teacht in aibíocht a athinfheistiú a thuilleadh.

Tá sé de rún ag an gComhairle Rialaithe leanúint de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime, le linn an chéad leath de 2024. Le linn an dara leath den bhliain, tá sé ar intinn aici an phunann CCÉP a laghdú €7.5 billiún in aghaidh na míosa ar an meán. Tá sé ar intinn ag an gComhairle Rialaithe deireadh a chur le hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaigh le haghaidh éigeandáil na paindéime ag deireadh 2024.

Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe uirthi ag cur solúbthachta i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Oibríochtaí athmhaoinithe

Ós rud é go bhfuil na méideanna a tógadh ar iasacht faoi na hoibríochtaí athmhaoinithe dírithe fadtéarmacha á n-íoc ar ais ag na bainc, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar an gcaoi a gcuireann oibríochtaí fadtéarmacha iasachtaithe agus a n-aisíocaíocht leanúnach lena seasamh maidir le beartas airgeadaíochta.

***

Tá an Chomhairle Rialaithe réidh lena hionstraimí uile a choigeartú laistigh dá sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí a sprioc, is í sin 2%, sa mheántéarma agus chun tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil. Tá an Ionstraim Cosanta Tarchurtha ar fáil chun cur i gcoinne dinimicí margaidh neamhordúla nach bhfuil údar leo agus ar bagairt thromchúiseach iad do tharchur an bheartais airgeadaíochta i ngach tír de chuid an limistéir euro, agus, ar an gcaoi sin, cuirtear le cumas na Comhairle Rialaithe a sainordú cobhsaíochta praghsanna a shaothrú ar bhealach níos éifeachtúla.

Déanfaidh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh trácht ar na breithnithe a bhí mar bhunús leis na cinntí seo ag preasócáid a thosóidh ar 14:45 CET inniu.

Tá an fhoclaíocht bheacht ar ar chinn an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa