Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASRÁITEAS

“Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” na téamaí féideartha atá roghnaithe ag BCE do nótaí bainc euro a bheidh ann amach anseo

30 Samhain 2023

  • Is iad “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” na téamaí féideartha atá roghnaithe
  • Grúpa comhairleach chun móitífeanna a mholadh faoi dheireadh 2024
  • Táthar ag súil go roghnódh an Chomhairle Rialaithe dearaí deiridh agus go gcinnfeadh sí cathain a tháirgfear agus a n-eiseofar nótaí bainc nua in 2026

Roghnaigh Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) “Cultúr na hEorpa” agus “Aibhneacha agus éin” mar théamaí a d’fhéadfadh a bheith ag nótaí bainc euro amach anseo. Cuirtear san áireamh sa chinneadh torthaí na suirbhéanna a rinneadh i samhradh 2023, a foilsíodh i dtuarascáil inniu, chun gur féidir le pobal na hEorpa a rogha ó sheacht dtéama ar an ngearrliosta a chur in iúl.

Sa suirbhé a choimisiúnaigh BCE, ba é “Cultúr na hEorpa” ba mhó a raibh tóir air (21%) i measc shaoránaigh an limistéir euro, agus ina dhiaidh sin: Aibhneacha: uiscí na beatha san Eoraip” (18%) agus “Éin: saor, seasmhach, spreagúil” (17%). Sampla ionadaíoch de 23,377 Eorpach a bhí sa suirbhé.

Chomh maith leis sin, rinne BCE an suirbhé céanna ar líne i rith mhí Iúil agus mhí Lúnasa 2023, agus mheall sé níos mó ná 365,000 freagra ó mhuintir na hEorpa, an líon ba mhó riamh. Tá na torthaí sin ag teacht le torthaí an tsuirbhé ionadaíoch. Ba iad na trí théama céanna rogha na coitiantachta, cé go bhfuil siad in ord difriúil. Sa dá shuirbhé, bhí na ceithre théama eile ar an ngearrliosta rangaithe i bhfad níos ísle.

Chun léargas chun leathan agus is féidir a thabhairt ar roghanna an phobail, thug an Chomhairle Rialaithe cead “Aibhneacha: uiscí na beatha san Eoraip” agus “Éin: saor, seasmhach, spreagúil” a thabhairt le chéile i dtéama amháin a bhaineann leis an dúlra.

“Táimid an-sásta leis an rannpháirtíocht mhór a bhí inár suirbhé ar líne,” a dúirt Uachtarán BCE Christine Lagarde. “Tá snáithe coiteann ag baint leis an dá théama a roghnaíodh chun an Eoraip agus muintir na hEorpa a nascadh le chéile, agus tá sé sin ag teacht go mór leis an sprioc atá againn nótaí bainc a dhéanamh a bhfuil níos mó luí ag daoine de gach aois agus de gach cúlra leo.”

Chinn an Chomhairle Rialaithe grúpa comhairleach a bhunú chun móitífeanna a mholadh do na téamaí roghnaithe faoi dheireadh 2024. Ina dhiaidh sin, reáchtálfar comórtas chun na nótaí bainc nua a dhearadh agus beidh deis ag saoránaigh na hEorpa arís a rogha a chur in iúl maidir leis na roghanna deartha.

“Siombail iad nótaí bainc d’aontacht na hEorpa, san am i láthair agus amach anseo. Táimid tiomanta a chinntiú gur féidir le gach duine an bealach a n-íocann siad a roghnú, bíodh siad ag iarraidh airgead tirim nó íocaíochtaí digiteacha a úsáid,” a dúirt Piero Cipollone, ball den Bhord Feidhmiúcháin.

Táthar ag súil go ndéanfaidh BCE cinneadh maidir leis na dearaí deiridh, agus maidir leis an uair a dhéanfaidh sé na nótaí bainc nua a tháirgeadh agus a eisiúint, in 2026. A luaithe a dhéanfar cinneadh nótaí bainc nua a tháirgeadh, beidh sé roinnt blianta fós sula n-eiseofar na chéad nótaí bainc.

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin, téigh i dteagmháil le Belén Pérez Esteve, tel.: + 49 173 533 4269 nó Nicos Keranis, teil.: +49 172 758 7237.

Nótaí

  1. Tá sé de dhualgas ar BCE agus ar bhainc cheannais náisiúnta an limistéir euro a chinntiú go leanfaidh nótaí bainc euro de bheith ina modh íocaíochta nuálach, slán agus éifeachtúil. Gnáthchleachtas do na bainc cheannais uile is ea sraith nua nótaí bainc a fhorbairt go rialta. I ndomhan ina bhfuil teicneolaíochtaí macasamhlaithe nótaí bainc ag athrú go tapa agus inar féidir le góchumadóirí rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis agus ar ábhair, is gá nótaí bainc nua a eisiúint ar bhonn rialta. Chomh maith le breithnithe slándála, tá BCE tiomanta do laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag nótaí bainc euro ar an gcomhshaol le linn a saolré, agus ag an am céanna tá BCE tiomanta do luí a bheith ag Eorpaigh de gach aois agus de gach cúlra acu mar aon le hiad a dhéanamh níos cuimsithí d’Eorpaigh, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha amhail daoine lagamhairc. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an leathanach nótaí bainc amach seo ar shuíomh gréasáin BCE.
  2. Is é an téama atá ag nótaí bainc an euro faoi láthair ná “aoiseanna agus stíleanna” agus is iad fuinneoga, doirse agus droichid atá bunaithe ar stíleanna ailtireachta ó thréimhsí éagsúla i stair na hEorpa na móitífeanna is mó atá ar gach nóta bainc. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach ar an leathanach gnéithe dearaidh nótaí bainc ar shuíomh gréasáin BCE.
  3. Sainmhínítear an dá théama atá roghnaithe mar seo a leanas:
  • Cultúr na hEorpa: Le hoidhreacht shaibhir chultúrtha agus earnálacha cruthaitheacha dinimiciúla na hEorpa, neartaítear féiniúlacht na hEorpa, rud a chruthaíonn muintearas comhroinnte. Cuireann an cultúr luachanna, cuimsiú agus idirphlé coiteann chun cinn san Eoraip agus ar fud an domhain. Tugann sé daoine le chéile.
  • Aibhneacha agus éin: Ní aithníonn aibhneacha ná éin teorainn ar bith, rud a shiombailíonn an tsaoirse agus an aontacht i measc mhuintir na hEorpa agus an nasc atá againn leis an dúlra. Tá éagsúlacht mhór aibhneacha agus éan san Eoraip a spreagann sinn agus a mheabhraíonn dúinn an fhreagracht atá orainn an comhshaol a chosaint.
TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa