Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
PREASEISIÚINT BCE

Cuairt ó Uachtarán na hÉireann

27 February 2008

Thug Uachtarán na hÉireann, Mary McAleese, cuairt inniu ar an mBanc Ceannais Eorpach (BCE). In éineacht leis an Uachtarán bhí Dick Roche, Aire Stáit na hÉireann do Ghnóthaí Eorpacha, Bobby McDonagh, Ambasadóir na hÉireann don Aontas Eorpach, David Donoghue, Ambasadóir na hÉireann don Ghearmáin agus John Hurley, Gobharnóir Bhanc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann.

Bhuail an tUachtarán agus a toscaireacht le Jean-Claude Trichet, Uachtarán an BCE, agus le comhaltaí eile den Bhord Feidhmiúcháin, chun tuairimí a mhalartú ar shaincheisteanna a bhfuil leas coiteann acu iontu.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa