Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cad a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach agus cén tionchar atá aige ortsa?

1 June 2018 (updated on 30 January 2021)

Is údar mórtais dúinn freastal ar an 340 milliún Eorpach a úsáideann an euro gach lá

An féidir leat an méid céanna rudaí a cheannach leis an euro atá i do phóca agat inniu is a cheannaigh tú inné? An féidir leat brath ar do bhanc, idir mhaith agus olc? Tá 4,000 duine ag obair linn sa Bhanc Ceannais Eorpahc le cinntiú gur féidir leat na ceisteanna sin a fhreagairt le ‘Is féidir’!

Táimid lonnaithe in Frankfurt ach is as tíortha ar fud na hEorpa muid ó dhúchas agus labhraímid 24 theanga éagsúil. Oibrímid go dlúth le comhghleacaithe ón mbanc ceannais i do thír i limistéar an euro chomh maith. Léigh tuilleadh faoin deich mbealach a mbaineann an obair a dhéanaimid leatsa.

Táimid ag iarraidh go mbeifeá in ann brath ar an méid is féidir leat a cheannach le do phá. Cuidíonn cumhacht ceannaigh cobhsaí leis an ngeilleagar agus le fostaíocht.

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

1. Déanaimid luach na mbonn euro atá agat a chosaint

Níor mhaith linn go n-ardódh praghsanna a oiread sin go laghdódh an luach a bhaineann le d’airgead go tapa. Mar sin féin, níor mhaith linn tréimhse ach an oiread ina mbíonn praghsanna ag titim go leanúnach mar cuireann sé sin moill ar dhaoine ag ceannach rudaí, agus cuireann sé sin moill ar an ngeilleagar agus d’fhéadfadh sé go gcaillfeadh daoine a bpost dá bharr. Bíonn sé níos éasca ag daoine pleanáil don todhchaí má choinnímid praghsanna cobhsaí.

2. Tacaíonn an obair a dhéanaimid leis an ngeilleagar agus le fostaíocht

Bainimid leas as raon leathan uirlisí beartais airgeadaíochta chun praghsanna a choinneáil cobhsaí. Cuidíonn sé sin leis an ngeilleagar, le hioncam daoine agus le poist a chruthú. I measc na n-uirlisí a úsáidimid chun rátaí úis a shocrú don gheilleagar, tugaimid airgead ar iasacht do bhainc chun cuidiú leis an sreabhadh airgid chuig teaghlaigh agus cuideachtaí, agus ceannaímid sócmhainní chun cuidiú le coinníollacha maoinithe i ngach uile chuid den gheilleagar.

Ba mhaith linn go mbeifeá in ann airgead a chur i dtaisce agus a infheistiú go muiníneach agus coinnímid siúl ar bhainc agus ar an gcóras airgeadais dá bharr

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

3. Déanaimid maoirseacht ar do bhanc

D’fhonn a chinntiú gur féidir leat iontaoibh a bheith agat as bainc sa limistéar euro, tá maoirseacht á déanamh againn ar cé chomh stuama agus seasmhach atá na bainc sin ón mbliain 2014 i leith, agus má thagaimid ar aon fhadhb iarraimid ar na bainc iad a cheartú. Cé go ndéanaimid féin maoirseacht ar na bainc mhóra, oibrímid le húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar na bainc bheaga.

4. Coinnímid súil ar cé chomh seasmhach is atá an córas airgeadais

… lena chinntiú gur féidir le daoine rochtain a fháil ar a gcuntais bhainc, gur féidir le cuideachtaí íocaíocht a dhéanamh agus a fháil agus gur féidir le hinfheisteoirí trádáil, agus é sin a dhéanamh i dtréimhsí corracha fiú. Is féidir le córas seasmhach turraingí a sheasamh gan cur isteach go mór ar an ngeilleagar.

Cinntímid gur féidir leat íocaíochtaí, cibé le hairgead tirim, cárta nó ar líne, a dhéanamh go sábháilte

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

5. Déanaimid na nótaí bainc euro

An mbeifeá in ann nóta bainc góchumtha a aithint? Chuireamar sraith nua nótaí bainc amach le déanaí, i gcomhar leis an 19 mbanc ceannais náisiúnta, agus gnéithe slándála úrnua orthu, rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra góchumadh a dhéanamh.

6. Cinntímid gur féidir leat íocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh go sábháilte

Nuair a dhéanann tú íocaíocht le euro, cibé le cárta nó ar líne, cinntímid go ndéanfar é a bhainistiú go slán agus go héifeachtach, agus déanaimid sin lenár gcórais féin nó leis na córais a ndéanaimid maoirseacht orthu. Tá ár gcórais ina measc siúd a chuireann ar chumas do bhainc airgead a aistriú ar fud an Aontais i gcúpla soicind amháin.

Fiosróimid teicneolaíocht nua agus cibearslándáil agus do chuid airgid ar intinn againn

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

7. Infheistímid i gcriptea-shócmhainní agus i mblocshlabhra

Cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag “criptea-airgeadraí” ar ár mbainc agus ar do chuid airgid? Cén chaoi ar féidir leis na teicneolaíochtaí nua ar a mbíonn siad á rith, amhail blocshlabhra, an bealach ina ndéanaimid uile íocaíochtaí a athrú? Bíonn ár bhfoirne nuálaíochta ag breathnú ar chúrsaí mar sin.

8. Cuidímid le do bhanc a bheith níos seasmhaí in aghaidh cibearbhagairtí

Chun do chuid airgid a choinneáil sábháilte ón gcibearchoireacht tugaimid an pobal airgeadais le chéile chun ullmhú le haghaidh aon chibearbhagairtí. Áirítear leis sin tástálacha maidir le cibear-athléimneacht le cúnamh ó “haiceálaithe eiticiúla”. Déanann na haiceálaithe iarracht briseadh isteach i gcórais na mbanc chun aon laige iontu a aimsiú.

Is mar gheall ortsa a dhéanaimid ár gcuid oibre. Oibrímid ar do shon

9. Táimid neamhspleách ionas gur féidir linn gníomhú ar mhaithe leat

Ní bhíonn tionchar ag ceisteanna polaitiúla gearrthéarmacha orainn mar gheall go bhfuilimid neamhspleách. Seachas sin, dírímid ar an rud is fearr don gheilleagar sa mheántéarma ionas go mbeidh daoine atá ina gcónaí sa limistéar euro in ann taitneamh a bhaint as cobhsaíocht.

10. Táimid freagrach duitse

Bíonn tionchar ag na rudaí a dhéanaimid ortsa – ar na milliúin daoine agus cuideachtaí sa limistéar euro – agus go sonrach, ar na cinntí a dhéanann tú chun airgead a shábháil, a infheistiú, a fháil ar iasacht nó a thabhairt ar iasacht. Ar an gcúis sin, déanaimid gach uile iarracht ár ngníomhaíochtaí a mhíniú duit agus tá oibleagáid orainn de réir dlí cuntas a thabhairt orthu os comhair d'ionadaithe tofa i bParlaimint na hEorpa.

Tuigimid go mbíonn sé deacair dul i dteagmháil linn.

Ba bhreá linn a bheith in ann labhairt leat ní ba mhinice. Seo an leathanach ar a bhfuil ár sonraí teagmhála. Is féidir leat labhairt linn ar Twitter, ar LinkedIn agus ar Instagram freisin.  Féadfaidh tú cuairt a thabhairt ar an Ionad Cuariteoirí in Frankfurt nó ar líne cibé áit a bhfuil tú ar domhan!